Gaois

Seoladh Canúint.ie

Ar thráthnóna Aoine, 7 Márta 2025 in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, agus tigh lán go doras, cuireadh ócáid cheiliúrtha ar siúl agus Taisce Chanúintí na Gaeilge, Canúint.ie, á seoladh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Fírinne Nic an tSaoir a thaifead is a chuir in eagar

Ag fearadh fáilte roimh a raibh bailithe in Iarthar Dhuibhneach don ócáid, ba é Lorcan Ó Cinnéide, Stiúrthóir Ionad an Bhlascaoid, chéad chainteoir na hoíche. D’fhógair an Cinnéideach gur “chúis mhór áthais dúinn go bhfuil ócáidi dá leithéid seo ar siúl anseo”, é ag aithint go “préamhaíonn sé an tIonad so leis an bpobal ina bhfuilimid agus leis an gcultúr go bhfuilimid ag iarraidh a chur chun cinn.” Ba í Úna Bhreathnach a labhair ina dhiaidh, ag cur daoine ar an eolas faoin taisce nua seo. Mar bhean an tí, ba í a chuir cainteoirí na hoíche i láthair. Ina caint fáiltithe, leag an Dr Gearóidín Uí Laighléis, Ceann Scoile Fiontar & Scoil na Gaeilge, béim ar an tábhacht a bhain leis an gcomhoibriú idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus na rannpháiritithe eile, go háirithe RTÉ, Raidió na Gaeltachta, agus an maoiniú ó Scéim um Chartlannú Choimisiún na Meán. Tharraing sí aird ar leith ar fhoireann Gaois agus ar an “aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta [atá] saothraithe ag an ngrúpa taighde seo, ar scoth agus núálacht na hoibre a dhéanann siad.”

https://www.rte.ie/archives/category/archives/2025/0303/1499960-canuint/

Taispeánadh físeán mar chuid den seoladh a léirigh réamhobair na rannpháirtithe le breis is bliain anuas, agus inar labhair Bríd Dooley, Ceannasaí Chartlann RTÉ, Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, maraon leis an Dr Andrea Palandri, an Dr Brian Ó Raghallaigh agus an Dr Úna Bhreathnach (Fiontar & Scoil na Gaeilge), Anja Mahler (Cartlann RTÉ) agus Nóirín Ní Chonghaile (Reachtaire Cartlainne, RnaG). Tugadh léargas ar Canúint.ie ina iomláine, agus na gnéithe uile a bhaineann leis.

Ba léir ó fhreagra an tslua ar an oíche gur aontaíodar lena raibh á gcloisint agus á bhfeiscint acu. I measc na n-aíonna a bhí i láthair, bhí Alan Esslemont, iar-Ard Stiúrthóir TG4, maraon le clár-reachtairí is bainisteoirí RnaG na linne seo agus an tráth dá raibh: Jeaic Ó Muircheartaigh, Jackie Mac Gearailt, Mícheál Ó Sé, Mícheál agus Dáithí de Mórdha, Dara Ó Cinnéide, Sláine Ní Chathalláin, Aodh Máirtín Ó Fearraigh, Dónall Mac Ruairí, Caitlín Ní Chualáin, agus Paddy Ó Gríofa. In éineacht le pearsain mhóra TG4, RTÉ agus Raidió na Gaeltachta, bhí ollúna is taighdeoirí Fiontar & Scoil na Gaeilge agus muintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne sa lucht freastail.

Ag tagairt don seoladh agus don suíomh nua, d’fhógair Kevin Bakhurst, Ard-Stiúrthóir RTÉ, go raibh sé go huile is go hiomlán ceart go dtabharfadh RTÉ tacaíocht do thionscnamh den tsaghas seo, “This initiative is absolutely right for Ireland’s public service broadcaster to be involved in; something that promotes the Irish language, supports Irish culture, and uses new technology. These are some of the pillars of what RTÉ are trying to do as an organisation.”

Rith caint Sara McNamara (Ard-Oifigeach Feidhmúcháin, Coimisiún na Meán) leis an téama seo, nuair a mhol sí “an ról atá ag cartlannú i gcaomhnú oidhreacht shaibhir chraolachán na hÉireann.” Thug sí aitheantas do thábhacht na Scéime um Chartlannú maidir leis na taifeadtaí a chosaint “ag cinntiú go bhfuil cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann caomhnaithe don ghlúin so agus do na glúinte atá le teacht.” San iomlán, tá an Scéim um Chartlannú tar éis tacú le 33 tionsncamh (Canúint.ie ina measc) agus tá breis is €8 milliún de mhaoiniú bronnta ag an Scéim go dtí seo.

Thuas: Helen Ní Shé, ag seoladh Cánúint.ie

An craoltóir aitheanta Helen Ní Shé a bhí mar aoichainteoir na hoíche, agus a sheol Canúint.ie go hoifigiúil. Thug Helen an svae léi i ndiaidh di siúl chun an ardáin, agus le gan ach osna beag amháin (agus í in ainm is a bheith imithe ar scor le déanaí), d’fhág sí an slua ina racht gáire. Chuaigh sí go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana lena cur síos ar thábhacht an tsuímh, ní hamháin ó thaobh na canúna de, ach mar chnuasach scéalta. Agus máistreacht le braistint trína caint uilig, phléigh sí an seasamh a bhí ag na hagallóirí i measc an phobail, agus na ceannródaithe a d’imigh romhainn; a thuig an gá le breith ar shaibhreas chaint na ndaoine agus é fós ann go forleathan. Labhair sí faoin tábhacht a bhain le RnaG ó thaobh muintir na nGaeltachtaí éagsúla a bheith ag dul i dtaithí ar chanúintí a chéile, agus an tuiscint, sara raibh RnaG ar an bhfód, gur chuir na canúintí bac ar chumarsáid eatarthu. Ina ainneoin sin, d’aithin sí tábhacht na gcanúintí éagsúla: “an tslí go labhraimíd, an tslí a chuirimíd sinn fhéin in iúl, tagann sé ónár gcroí, ónár gcroí amach, mar cloisimid an teanga ónár dtuismitheoirí agus iad ag labhairt codán i lár na cistine, agus déanaimís aithris orthu is aithníonn daoine cér díobh sinn.” Bhí luach, dar léi, sna héagsúlachtaí ó chúige go cúige, ó pharóiste go paróiste, agus ó bhaile go baile a aithint.

D'impigh Ní Shé ar an slua an suíomh a úsáid, mar “Ní haon mhaitheas í a bheith sa chomhartha muna bhfaightear gnó di.” Dar léi, ba cheart do Canúint.ie a bheith ina áis

“do mhuintir na Gaeltachta ach go háirithe, do chuntóirí teangan atá ag plé le daoine óga sna scoileanna agus d’údair ag tabhairt fé shaothair liteartha, agus go raghadh siad ag tógaint uaidh seo agus go mbeidh bunús acu as a gcanúint fhéinig, mar i ndeireadh thiar thall, is cuid lárnach don nduine an chanúint, pé teanga a labhrann siad.”

Le clabhsúr a chur ar a hóráid, d’fhógair Ní Shé le mórtas:

“S’í an chanúint a chuireann craiceann orainn. S’í an chanúint ár DNA. An chanúint a dhearbhaíonn cér díobh sinn…. agus thar aon ní eile, bíodh Canúint.ie mar chúis againn a rá gur “Beatha teanga í a labhairt.”’

Thuas: An Dr Andrea Palandri á chur faoi agallamh i ndiaidh sheoladh Canúint.ie

Chuir an Dr Andrea Palandri clabhsúr leis an seoladh sa léachtlann le taispeántas beo ar conas an suíomh a úsáid, agus na gnéithe suntasacha a bhaineann leis. Seinneadh mír eiseamláireach spreagúil ó Mhaidhc ‘File’ Ó Gaoithín, mac Pheig Sayers, a taifeadadh i 1947, le críoch a chur le cúrsaí. D’agair an Gaoithíneach ar gach éinne a chuala é tábhacht na Gaoluinne labhartha a aithint, maraon le cumhacht na meán i leith chur chun cinn na teangan. Bailchríoch oiriúnach ab ea an ráiteas sin, ráiteas a tharraing téamaí uile na hoíche le chéile go slachtmhar.

Bhí fáiltiú fíona i mbialann Ionad an Bhlascaoid ina dhiaidh sin, sarar chruinnigh slua breá le chéile i dTigh Kruger, Dún Chaoin, le haghaidh comhrá, cadrála agus ceoil.

Taisce Chanúintí na Gaeilge ar fáil anois do chách ag http://www.canuint.ie.

Cuid d’fhoireann Fiontar & Scoil na Gaeilge: Ó chlé go deas, An Dr Colm Mac Gearailt, Daniel Burke agus an Dr Gearóid Ó Cleircín.

An Dr Úna Bhreathnach

Is féidir teacht ar thuairisciú ar an ócáid ar TG4 anseo (ó 14:15 ar aghaidh) ar Tuairisc anseo, san Irish Times anseo agus sa Kerryman anseo.

Cuid d’fhoireann Fiontar & Scoil na Gaeilge ag seoladh Canúint.ie, 07 Márta 2025. Ó chlé go deas: Fírinne Nic an tSaoir, Colm Mac Gearailt, Gearóid Ó Cleircín, Úna Bhreathnach, Andrea Palandri, Daniel Burke, agus Gearóidín Uí Laighléis

Údar: Colm Mac Gearailt