Gaois

Seoladh Scáthán 2017

Seoladh Scáthán, iris Ghaeilge na mac léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, le déanaí agus tháinig slua mór le chéile don ócáid seolta. Foilsíodh an iris don chéad uair 40 bliain ó shin agus rinneadh ceiliúradh ag an seoladh ar oidhreacht na hirise atá ar an bhfód ón mbliain 1977.

Scáthán 2017

Tá réimse leathan ábhar le fáil in eagrán na bliana seo – idir agallaimh, ailt iriseoireachta, filíocht agus gearrscéalta próis mar aon le catagóir faoi leith a bhaineann le hoidhreacht na hirise ón gcéad eagrán a foilsíodh i gColáiste Phádraig. Anuas ar an leagan clóite de Scáthán, is féidir teacht ar leagan PDF den iris anseo nó brabhsáil ar líne anseo. Ní fás aon oíche atá in Scáthán, ach is toradh é ar obair na meithle a tháinig le chéile chun iris na bliana seo a chur ar fáil. Anna Heussaff, Caitríona Ní Chléirchín, Caoimhe Nic Lochlainn, Aodán Ó Gallchóir agus John Woods a bhí ar an gcoiste eagarthóireachta; mic léinn, iar-mhic léinn agus foireann reatha Ollscoil Chathair Bhaile Cliath a sholáthar míreanna don iris; Ronan Doherty a dhear an suíomh gréasáin agus Deirbhile Ní Chathail a chur íomhá chlúdaigh na hirise ar fáil. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais i dtaobh na rannpháirtithe ar fad anseo.

Róisín O’Hara ag seoladh Scáthán

Ba í Róisín O’Hara a sheol Scáthán 2017 i seomra caidrimh Champas Phádraig, DCU ar an lá agus bhí an Dr Síle Denvir i mbun ceoil ag an ócáid. Labhair Anna Heussaff (údar, scríbhneoir cónaitheach agus ball de choiste eagarthóireachta Scáthán), an tOllamh Brian Mac Craith (Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) agus an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh (Ceann Scoile, Fiontar & Scoil na Gaeilge) ag an seoladh. Tugadh suntas do na scríbhneoirí ar fad, d’ardchaighdeán na n-alt, don choiste eagarthóireachta agus do gach aon duine a raibh baint acu le tiomsú na hirise.

“Ainmníodh go maith í mar iris, nó bhí sé i gceist riamh go mbeadh sí ina scáthán ar shaol agus ar shaothar na mac léinn. Is iomaí mac léinn a d’fhoilsigh a c(h)éad iarrachtaí litríochta ar an iris agus tá an deis sin chomh tábhachtach.

— Ciarán Mac Murchaidh (Ceann Scoile, Fiontar & Scoil na Gaeilge)

Bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoirí an chomórtais scríbhneoireachta Gaeilge a reáchtáladh san ollscoil i gcaitheamh na bliana agus is féidir teacht ar liosta iomlán na mbuaiteoirí anseo. Leagadh bonn úr síos le foilsiú agus le seoladh Scáthán 2017 agus táimid ar fad ag súil le hiris na bliana seo chugainn cheana féin!

Baill den Choiste Eagarthóireachta i dteannta le Brian Mac Craith agus Róisín O’Hara