Gaois

Sióga agus Piseoga i mBailiúchán na Scol

Is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol go bhfuil áit lárnach ag an mbéaloideas i saol na ndaoine in Éirinn agus go bhfuil tábhacht fós ag baint le cuid de na sean-nósanna agus na piseoga a ndéantar cur síos orthu in dúchas.ie. Tá na sióga fite fuaite ina chéile leis na scéalta atá le fáil i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar chuid de na scéalta sin.

Dar leis an gcuntas seo, is ionann na sióga a luaitear i scéalta Bhailiúchán na Scol agus na drochaingil ar neamh ar chuir Dia an ruaig orthu agus nár éirigh leo ifreann a bhaint amach riamh. Tugtar ‘na daoine beaga’ nó the wee people orthu agus moltar dúinn gan olc ná fearg a chur orthu. Dá bhrí sin, bhíodh sé de nós ag daoine na sióga a sheachaint agus gan teagmháil ar bith a dhéanamh leo dá mb’fhéidir é. Tá cur síos ar fáil sa scéal thíos faoinar tharla do bhean a chur as do na sióga – rabhadh maith dúinn ar fad!

Tugtar le fios dúinn sa scéal seo go mbíodh sé de nós ag daoine na gréithe a ní agus an t-uisce salach a chaitheamh amach an fhuinneog. Ní chaití an t-uisce amach tar éis meánoíche riamh ar fhaitíos go mbáití na sióga a bhíodh mórthimpeall an tí. Tharraingeofaí drochádh ar an teach dá ndéanfaí a leithéid. Ina theannta sin, ní thriomaítí na héadaí cois tine oíche an tSathairn ar fhaitíos go gcuirfeadh sé sin as do na sióga. Ní bhíodh sé de nós ag daoine na sceacha a ghearradh siar ina ngairdíní ach oiread toisc gurbh in an áit a mbíodh cónaí ar na sióga. Dar leis an scéal seo, chuir na sióga fear a ghearr na sceacha ina ghairdín féin faoi gheasa droma draíochta agus fuair sé bás cúpla seachtain ina dhiaidh dó na sceacha a ghearradh siar. Ní nach ionadh go seachnófaí iad! Tá cuntas sa scéal seo ar bhealach amháin chun na sióga a choimeád ó dhoras agus gan an drochádh a tharraingt ar an teach – luachra a chur ar leac an dorais. Ach ní féidir na luachra a chur ar leac do dhorais féin, caithfidh duine éigin eile é a dhéanamh duit.

Bhí nasc láidir ann i gcónaí idir na sióga agus na leipreacháin. Dar leis na cuntais éagsúla i mBailiúchán na Scol, bhíodh na sióga ag iarraidh na leipreacháin a choimeád slán i gcónaí agus dá ndéantaí aon dochar dóibh, bhaineadh na sióga díoltas amach ar a son. Chomh maith leis sin, thaitin sé leis na sióga a bheith ag damhsa agus ag seinm ceoil mar a léirítear sna scéalta seo agus seo. Bhí draíocht ar leith ag baint le ceol na sióg mar a léirítear sa scéal seo. Bhí nósanna faoi leith ag baint leis na sióga agus le hOíche Shamhna. D’fhágtaí ‘plátaí ceallaí’ ar leac na fuinneoige ar Oíche Shamhna i dtreo is nach mbeadh ocras ar na sióga. Ina theannta sin, níor cheart d’aon duine dul amach ina aonar san oíche ar eagla go mbéarfadh na sióga leis é. Is féidir a thuilleadh a léamh ag an nasc seo.

Tugtar léargas ar chuid den seanchas a bhaineann leis na sióga i mBailiúchán na Scol sa bhlagmhír seo agus is féidir a thuilleadh scéalta a léamh ag an nasc seo.