Gaois

Rúin na hAthbhliana 2022

Seo thíos radharc beag ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2022. Tá forbairtí suntasacha poiblí beartaithe againn, agus go leor oibre eile ag dul ar aghaidh taobh thiar de na cuirtíní.

Tosaíonn tionscadal úrnua i mbliana a bhfuil muid ag pleanáil dó le fada: togra le mórchorpas náisiúnta den Ghaeilge chomhaimseartha a fhorbairt ag corpas.ie. Tá taithí againn ar chorpais éagsúla a fhorbairt le roinnt blianta anuas, ach léiríonn an maoiniú a bronnadh ar an tionscadal seo aitheantas ar an tábhacht atá le hacmhainn úrscothach, oscailte a chur ar fáil do thaighdeoirí, do theagascóirí agus do phobal labhartha na teanga. Beidh muid ag comhoibriú le Coláiste na Tríonóide agus an obair seo ar siúl, agus tá muid ag súil go mór leis.

Leanfaidh muid ar aghaidh leis an obair ar Logainm - agus beidh leagan nua den suíomh ar fáil gan mhoill - agus ar Dúchas. Beidh beathaí nua á bhfoilsiú ar Ainm. Beidh muid ag déanamh obair téarmeolaíochta do bhunachar IATE agus ag coinneáil orainn ag óstáil is ag cur le Téarma.

cúpla ócáid beartaithe againn cheana: an siompóisiam lae ar ‘An Ghaeilge agus an Téarmeolaíocht’, a bhí beartaithe do mhí na Samhna seo caite ach nár mhór a chur siar, tá sé le reáchtáil anois ar an 6 Aibreán. Beidh ceardlann againn ar ‘Logainmneacha i gcríocha dátheangacha’ ar an 12-13 Bealtaine. Tá dáta fós le socrú do cheardlann ar cheisteanna corpais, mar chuid den tionscadal nua sin. Cá bhfios nach mbeidh ócáid foirne nó dhó againn chomh maith, ócáidí a d’airigh muid uainn le dhá bhliain anuas. Is tá muid ar ár mine dícheall ag aighniú páipéir do chomhdhálacha in áiteanna grianmhara, mar is dual don taighdeoir i mí Eanáir.

Coinnigh súil ar an mblag seo, ar an nuachtlitir agus ar mheáin shóisialta na dtionscadal éagsúil don nuacht is déanaí le linn na bliana.