Gaois

Suíomh nua Gaois: athruithe, feabhsuithe agus áiseanna nua!

Seoladh leagan úr de shuíomh gréasáin Gaois le gairid. Sa bhlagmhír seo, cuirfimid eolas ar na gnéithe den suíomh ar tháinig athrú orthu agus ar chuid de na háiseanna nua a cuireadh ar fáil. Tá súil againn go mbainfidh idir úsáideoirí rialta, úsáideoirí nua agus ár gcuid páirtnéirí tionscadail tairbhe as torthaí na hoibre seo.

Cuspóir an tsuímh

Toradh is ea suíomh gréasáin ar bith ar an gcomhthéacs ina gcruthaítear é. Cruthaíodh an suíomh gaois.ie sa bhliain 2014 chun acmhainní a bhí forbartha ag foireann FIONTAR, ionad teagaisc agus taighde in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a fhoilsiú. Seachthorthaí ar thionscadail eile a bhí i gcuid de na hacmhainní seo—Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, cuir i gcás, a d'eascair as obair an ghrúpa i réimse na téarmeolaíochta—nó saothair príomhthaighdeoirí aonair mar atá i mBailiúchán Nathanna an Athar Peadar Ó Laoghaire. Ó shin i leith, tháinig borradh mór ar líon na sonraí corpais agus téarmaíochta atá ar fáil ar an suíomh agus cuireadh acmhainní breise leis. Tháinig ann do ghrúpa taighde Gaois agus é neadaithe i scoil nua idirdhisciplíneach, mar atá, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU ó 2017 i leith.

Déanann suíomh úr Gaois scáthánú ar na hathruithe seo. Lárionad eolais maidir le saothar ghrúpa taighde Gaois atá ann. Liostaítear punann na dtionscadal a bhfuil baint ag an ngrúpa taighde leo ar leathanach baile an tsuímh. Is anseo atá eolas faoin ngrúpa ar fáil agus liosta foilseachán a bhaineann le hobair an ghrúpa. Tá blag Gaois á léamh agat i láthair na huaire! Tá ord agus eagar úr ar na hacmhainní teanga agus taighde ar an suíomh. Tá rannóga ar leith ann do na hacmhainní corpais agus do na hacmhainní téarmaíochta anois, mar shampla, agus acmhainní nua ar fáil a ndéanfar trácht orthu thíos.

Tapúlacht

Aga freagartha shuíomh Gaois i mí na Bealtaine 2019 (líne fhlannbhuí) i gcomparáid le mí na Bealtaine 2020 (líne ghorm) de réir Google Analytics. Léirítear gur tháinig feabhas suntasach ar thapúlacht an tsuímh.

Sprioc mhór amháin a bhain leis an obair athfhorbartha ná an t-achar a bhí i gceist le cuardach a dhéanamh a laghdú go suntasach. Tá c.84.5 milliún focal sa dá chorpas atá ar fáil ar an suíomh seo agus baineann dúshlán nach beag le torthaí cuardaigh ábhartha a aimsiú go pras i dtacar sonraí mór mar seo. Tá cúrsaí tapúlachta an-tábhacht, áfach, chun go mbeidh úsáideoirí in ann leas éifeachtach a bhaint as an suíomh. Tá aga freagartha an tsuímh nua breis is 70% níos tapúla, ar an mheán, ná an leagan a bhí ann roimhe.

Éascaíocht úsáide

Féachadh le mórán gnéithe d'eispéireas an úsáideora ar shuíomh Gaois a fheabhsú. Ba chóir go mbeadh sé i bhfad níos éasca an suíomh a úsáid ar fhóin phóca agus ar ghléasanna móibíleacha eile anois. Beidh úsáideoirí rialta i ndiaidh cúpla athrú a thabhairt faoi deara i dtaobh feidhmeanna a bhí ar an suíomh le fada; pléitear na hathruithe seo thíos. Is leasc linn aon nós fadbhunaithe a athrú mura mbeidh tairbhe ann do ghrúpa suntasach úsáideoirí. Sna cásanna seo rinneadh na hathruithe bunaithe ar aiseolas ó úsáideoirí nó bunaithe ar phatrúin shoiléire úsáide a bhí tugtha faoi deara againn. Seo liosta achomair de chuid de na hathruithe a rinneadh:

Cuardach (ginearálta)

  • Níl teacht ar an ollchuardach suímh a bhíodh ar fáil níos mó. Agus acmhainní inchuardaithe nua a bhaineann le nathanna agus leis an ainmeolaíocht curtha leis an suíomh ba lú an chiall a bhain leis na hacmhainní uilig a chuardach san aon iarracht amháin. Chuir an cinneadh seo ar ár gcumas na cuardaigh go léir a dhéanamh níos tapúla freisin.
  • Tá ollchuardach nua, a bhaineann leis na hacmhainní corpais agus téarmaíochta amháin, ar fáil.
  • Déantar torthaí cuardaigh a roinnt thar leathanaigh éagsúla.
  • Teastaíonn gníomh deonach chun torthaí cuardaigh a scagadh anois. Roimhe seo, ba leor tic a chur le scagaire áirithe. Braitheadh go raibh sé an-éasca é seo a dhéanamh trí thimpiste agus leathanach torthaí a bhí oscailte ag an úsáideoir a chailliúint. Anois, is gá an cnaipe ‘Scag’ nó an cnaipe cuardaigh a bhrú leis na torthaí a scagadh.

Leagan amach an tsuímh úir ar ghléas móibíleach

Acmhainní corpais

  • Déantar téarmaí cuardaigh ina bhfuil réamhfhocail shimplí áirithe a láimhseáil ar bhealach níos cliste agus cuardach leathan i gceist. Roimhe seo, ní bhfaightí torthaí ábhartha ar théarmaí cuardaigh ar nós ‘ar iarraidh’ nó ‘in Aontroim’ i gcónaí.
  • Anuas ar an líon torthaí a léiriú, taispeántar líon na ndoiciméad inar aimsíodh torthaí anois.
  • Úsáidtear dathanna éagsúla leis na téarmaí cuardaigh a idirdhealú ó fhoirmeacha eile na bhfocal a cuardaíodh agus iad aibhsithe sna torthaí.
  • leathanach eolais maidir leis an gcuardach corpais ar fáil.

Acmhainní téarmaíochta

  • Rinneadh atheagar ar chur i láthair na mbailiúchán téarmaíochta. Roimhe seo, thaispeántaí na torthaí ó na bailiúcháin go léir ar an aon leathanach amháin, rud a d'fhág nach raibh sé éasca an bailiúchán a bhí uait a aimsiú i gcónaí. Anois, déantar idirdhealú níos soiléire idir na bailiúcháin agus is féidir malartú eatarthu go réidh.
  • I gcás na mbailiúchán Téarmaíocht IATE, Rialacha na nUaschúirteanna agus Téarmaí as Ionstraimí Reachtúla, tá a sainleathanach féin ag gach coincheap sa bhunachar anois agus, dá bhrí sin, tá sé níos fusa coincheap faoi leith a roinnt le daoine eile.
  • Faightear nasc go suíomh nua IATE sna hiontrálacha i mbailiúchán téarmaíochta IATE.
  • Tá leathanach eolais ag gabháil le gach bailiúchán téarmaíochta faoi seach anois.

Bailiúchán Nathanna an Athar Peadar Ó Laoghaire

  • Is féidir an bailiúchán a bhrabhsáil agus an bailiúchán a chuardach ar an leathanach céanna anois.
  • Taispeántar aicme séimeantaice an natha mar chuid de na torthaí cuardaigh.

Blag Gaois

  • Is féidir liosta na mblagmhíreanna a scagadh de réir eochairfhocail anois.
  • Tá liosta na mblagmhíreanna roinnte thar leathanaigh éagsúla.
  • Tá cur i láthair na n-íomhánna sna blagmhíreanna níos fearr.

Áiseanna nua

Sa bhreis ar an obair chun na hacmhainní a bhí ar shuíomh Gaois cheana a fheabhsú cuireadh roinnt áiseanna nua ar fáil:

  • Foilsíodh bunachar teangeolaíoch sloinnte Gaeilge ar an suíomh ar na mallaibh. Pléifear an bunachar seo i mblagmhír eile go luath.
  • Cuireadh rannóg nua leis an suíomh a chuimsíonn na hacmhainní Sonraí Oscailte agus na bogearraí foinse-oscailte atá forbartha ag grúpa taighde Gaois i gcomhar lenár bpáirtnéirí tionscadail.
  • Foilsítear doiciméadacht theicniúil i gcomhair acmhainní sonraí oscailte agus bogearraí atá forbartha ag grúpa taighde Gaois ar ár micreasuíomh nua docs.gaois.ie.
  • Tá leathanach eolais do mhic léinn ar spéis leo teacht ag obair linn ar fáil anseo.
  • Tá eolas maidir leis an Líonra Saineolaithe Náisiúnta, tionscadal téarmaíochta nua píolótach atá á reáchtáil ag grúpa taighde Gaois le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar fáil anseo.