Gaois

Suíomh úr Téarma - céard atá nua?

Blog post is available in Irish only

Donncha Ó Cróinín (An Coiste Téarmaíochta), Seán Ó Coinn (Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge), Anna Davitt (Foras na Gaeilge) & An Dr Gearóid Ó Cleircín (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU)

Clare Coughlan (Riarthóir tionscadal taighde, Fiontar & Scoil na Gaeilge) & An Dr Brian Ó Raghallaigh (Bainisteoir Teicniúil, Fiontar & Scoil na Gaeilge)

Tá leagan úr de shuíomh téarma.ie, an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge, seolta le laethanta beaga anuas. D'fhorbair Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU an leagan seo le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Céard atá nua faoi?

Ar an gcéad dul síos, tá athdhearadh déanta ar stíl an tsuímh ar bhealach glan comhaimseartha atá ag teacht le hacmhainní teanga eile Fhoras na Gaeilge. Suíomh oiriúnaitheach é seo a oibríonn go saoráideach ar ghléasanna móibíleacha, e.g. fón póca, ríomhaire táibléid.

Tá áis nua ar an leathanach baile a liostaíonn iontrálacha a cuireadh leis an mbunachar le déanaí, téarmaí a bhíonn tráthúil go minic nó ar díol spéise don bhfoghlaimeoir iad.

Áis nua eile is ea an liosta réimsí ar féidir iad a bhrabhsáil, bealach eile chun dul i ngleic le stór eolais an bhunachair. Tagann sé seo i gcomharba ar an liosta aibítreach a bhí ar fáil, ach nár baineadh mórán úsáid as. Tá réimse (nó réimsí) luaite le gach iontráil sa bhunachar - féach na léaráidí thíos mar shampla.

Tá áis nua ag gabháil le téarmaí sna torthaí cuardaigh anois a chruthaíonn nascacht idir téarma.ie agus acmhainní teanga eile. Má chliceáiltear ar an tsaighead anuas i ndiaidh téarma, taispeánfar liosta nasc (na suíomhanna foclóireachta, foclóir.ie agus teanglann.ie chomh maith leis na hacmhainní corpais agus téarmaíochta atá ar gaois.ie, agus Nua-Chorpas na hÉireann, ar corpas aonteangach téacsanna Gaeilge é) ónar féidir an téarma a chuardach i bhfoinsí eile Gaeilge. (Bíonn na naisc seo ann fiú mura bhfuil fáil ar aon eolas faoin téarma sna foinsí sin.)

Tabharfaidh siad siúd a bhfuil spéis acu i dteoiric na téarmeolaíochta faoi deara gur cuireadh cur i láthair onamaiseolaíochta (téarmeolaíochta) i bhfeidhm sa leagan nua seo sa mhéid is go gcuirtear na torthaí cuardaigh i láthair bunaithe ar an gcoincheap, agus go mbíonn an téarma a chuardaítear liostaithe faoi choincheapa éagsúla. Sa leagan roimhe seo, cur i láthair séimiseolaíochta (foclóireachta) a bhí i gceist inar leagadh amach bríonna éagsúla an téarma faoi cheannfhocal. An phríomhsprioc a bhí leis an athrú seo ná chun idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir téarma.ie mar fhoinse téarmaí teicniúla agus acmhainní foclóireachta eile a phléann le gnáthfhocail.

Leagan amach séimiseolaíochta

Leagan amach onamaiseolaíochta

Anuas ar na forbairtí seo, tá athinnealtóireacht ó bhonn déanta ar chóras bainistíochta téarmaíochta téarma.ie, gné den tionscadal nach bhfeiceann an pobal ach atá riachtanach chun sonraí an bhunachair a stóráil agus a chur in eagar. Mar chuid den obair seo, seolfaidh muid leagan poiblí néalbhunaithe den chóras bainistíochta téarmaíochta nua seo faoin ainm Terminologue ag www.terminologue.org i mí Aibreáin. Cuirfidh an tseirbhís nua seo ar chumas úsáideoirí bunachair téarmaíochta dá gcuid féin a fhorbairt agus a fhoilsiú ar líne, gan aon chostas. Anuas air seo, déanfar cód foinseach Téarma agus Terminologue a scaoileadh ar github.com/gaois go luath.

Rinneadh breis agus 7.5 milliún cuardach ar téarma.ie i gcaitheamh 2018; tá súil againn go n-éascóidh na forbairtí nua seo an saol do lucht a úsáidte sna blianta amach romhainn.