Gaois

Taifid fuaime curtha leis an 26 contae ar logainm.ie

Tá an ghné nuálaíoch seo curtha i gcrích anois ar www.logainm.ie ag 26 cainteoir as 26 chontae.

Tosaíodh ar an obair i 2008 le Port Láirge agus Contae na Gaillimhe. Rinneadh taifid fuaime ar logainmneacha na 26 contae idir 2008 agus tús 2015. Cuireadh comhaid fuaime i nGaeilge agus i mBéarla le hainmneacha na mbarúntachtaí, na bparóistí dlí agus na dtoghrann, chomh maith le hainmneacha roinnt gnéithe fisiciúla.

Is í aidhm na dtaifead fuaime ná treoir d’fhuaimniú áitiúil na logainmneacha a chur ar fáil don phobal. (Ní léiríonn siad, áfach, na miondifríochtaí fuaimnithe a bhíonn le sonrú ó cheantar go ceantar taobh istigh den chontae céanna.) Roghnaíodh cainteoir amháin do gach contae ar leith, cainteoir a tógadh sa chontae agus a raibh eolas aige/aici ar logainmneacha na háite. Sna contaetha Gaeltachta, roghnaíodh cainteoirí dúchais Gaeilge. Sna contaetha eile roghnaíodh cainteoirí Béarla a raibh Gaeilge líofa acu agus a raibh eolas acu ar fhuaimniú na logainmneacha Béarla. Tá liosta na gcainteoirí ar fáil anseo.

Is suíomh gréasáin poiblí é www.logainm.ie ina bhfuil an t-ainm oifigiúil Gaeilge atá ar 100,000 éigin baile, sráid agus ionad daonra ar fud na tíre ar fáil don phobal. Tharraing an suíomh gréasáin logainmneacha breis is 10 milliún amas ó seoladh é go hoifigiúil ar 1 Deireadh Fómhair 2008. Is féidir le mic léinn, múinteoirí, iriseoirí, aistritheoirí agus aon duine eile a bhfuil leagan údarásach uaidh de logainm, teacht ar an eolas go héasca trí chuardach a dhéanamh ar www.logainm.ie. Tá an suíomh ina ábhar spéise, chomh maith, do dhaoine ar fud an domhain a chuireann suim in oidhreacht, i gcultúr agus i dtíreolaíocht na hÉireann.

Dúirt Joe McHugh TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta:

Tá stair, teanga agus cultúr na hÉireann fite fuaite le logainmneacha na tíre, rud atá le feiceáil i saibhreas agus éagsúlacht na logainmneacha atá léirithe ar an suíomh www.logainm.ie. Tá tábhacht na logainmneacha seo aitheanta ag mo Roinn le roinnt mhaith blianta tríd an infheistíocht atá déanta aici i bhforbairt an tsuímh agus bhí mise sásta leanúint leis an infheistíocht sin ó cheapadh i m’Aire Stáit mé. Is céim suntasach eile sa phróiseas forbartha na taifid fuaime seo a bheith ar fáil ar-líne agus cuirimse fáilte mhór roimpi.

Tá obair leanúnach idir lámha ar www.logainm.ie agus cuirtear tuilleadh logainmneacha agus áiseanna idirghníomhacha leis an suíomh ar bhonn leanúnach. Tá plé ar siúl faoi láthair le Placenames NI maidir le fuaim a chur le logainmneacha áirithe i dTuaisceart Éireann de réir a chéile.