Gaois

Taighde agus taisteal an tsamhraidh

Cé go mbíonn cúrsaí níos ciúine san ollscoil i gcaitheamh an tsamhraidh, bíonn an fhoireann taighde anseo in Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG) ag obair leo go dícheallach i gcónaí. D’éirigh le baill den fhoireann freastal ar roinnt comhdhálacha le linn an tsamhraidh chun gnéithe éagsúla den obair agus den taighde a bhíonn idir lámha againn ó lá go lá a chur i láthair. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den ábhar a pléadh in áiteanna difriúla le déanaí.

D’fhreastail an Dr Úna Bhreathnach ar DPASSH 2017 (Digital Preservation for Social Sciences and Humanities) a bhí ar siúl in Ollscoil Sussex idir an 14-15 Meitheamh. Pléadh an chaoi a ndéantar caomhnú ar ábhar digiteach agus ar bhailiúcháin éagsúla i réimsí na ndaonnachtaí agus na n-eolaíochtaí sóisialta le linn na comhdhála. Fuarthas roinnt smaointe maithe i gcomhair na dtionscadal taighde in FSG, Dúchas agus Logainm go háirithe. Ag deireadh mhí an Mheithimh d’fhreastail an Dr Conchúr Mag Eacháin ar mháistir-rang in An Foras Feasa, Ollscoil Mhá Nuad, a bhain le sluafhoinsiú.

Thug an Dr Brian Ó Raghallaigh caint ar chúlra agus ar chomhthéacs thionscadal Logainm ag Comhdháil na Déise a reáchtáladh in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar an 15 Meitheamh. ‘Port Láirge: People, Place, Identity,’ an téama a bhí idir chamáin ar an lá agus craoladh mír nuachta ar Nuacht TG4 faoin gcomhdháil agus faoi thionscadal Logainm chomh maith.

De bhreis air sin, tá roinnt taighde corpasbhunaithe ar siúl againn faoi láthair agus rinne an Dr Katie Ní Loingsigh cur i láthair ar Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha ag CL2017 (Corpus Linguistics Conference 2017) in Ollscoil Birmingham ar an 25 Iúil. Pléadh tiomsú an chorpais agus fuarthas aiseolas fiúntach ón lucht éisteachta a bhí i láthair ar an lá. Is féidir teacht ar an bpáipéar anseo. Anuas ar an bpáipéar ar thiomsú an chorpais, tá taighde idir lámha againn ar ionphlandú téarmaí spóirt sa chorpas chomh maith. Déanfaidh an Dr Gearóid Ó Cleircín cur i láthair i mí Mheán Fómhair ar thorthaí an taighde seo ag an gcomhdháil idirnáisiúnta ar an bhfoclóireacht leictreonach eLex 2017 (Electronic Lexicography in the 21st century) a reáchtálfar in Leiden, an Ísiltír, idir an 19-21 Meán Fómhair.

Rinne Úna cur i láthair ar an tionscadal Dúchas agus ar an gcaoi ar féidir leas a bhaint as Bailiúchán na Scol mar acmhainn do thaighde ar chúrsaí ginealais agus ar chúrsaí staire áitiúla ag Comhdháil Dhomhanda Dhiaspóra na hÉireann (GID Congress) a reáchtáladh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath idir an 15-19 Lúnasa 2017. Beidh Gearóid ag freastal ar sheimineár idirnáisiúnta ar chúrsaí téarmeolaíochta (Seminar Rhyngwladol ar Derminoleg) in Bangor ar an 4 Meán Fómhair agus tabharfaidh sé léargas ar na hacmhainní téarmaíochta agus foclóireachta atá ar fáil don Ghaeilge.

De bhreis air sin, reáchtálfar comhdháil idirnáisiúnta, ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?’ An tairseachúlacht i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa, in Ollscoil Shéarlais, Prág, Poblacht na Seice idir an 14-16 Meán Fómhair agus is í an tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa a bheidh faoi chaibidil ag an gcomhdháil. Beidh baill d’fhoireann FSG i láthair agus is é ‘An sluafhoinsiú: tairseach úr idir an taighdeoir agus an pobal,’ teideal na cainte a thabharfar ar an gcéad lá den chomhdháil. Tá gach uile dhuine ag súil go mór leis na cainteanna ar fad!