Gaois

Taighde téarmeolaíochta ar chláir fochéime Fiontar & Scoil na Gaeilge

Tá sé de sprioc ag grúpa taighde Gaois naisc láidre a chothú idir clár taighde an ghrúpa agus cláir teagaisc Fiontar & Scoil na Gaeilge. Déantar sin ar go leor bealaí ach ceann de na samplaí is suntasaí den chomhoibriú sin is iad na modúil atá á reáchtáil agus á dteagasc ag baill de ghrúpa taighde Gaois i réimsí ar nós na hainmneolaíochta, na teangeolaíochta agus na téarmeolaíochta. Tá modúl nua faoin teangeolaíocht chorpais ar na bacáin chomh maith agus súil againn é a thairiscint ar chlár nua iarchéime amach anseo. Sa bhlagmhír seo, caitear spléachadh ar an modúl Téarmeolaíocht na Gaeilge atá á thairiscint ar chláir BA na Scoile le tamall maith de bhlianta anois.

Modúl roghnach leathbhliana atá in Téarmeolaíocht na Gaeilge a bhíonn á thairiscint i mbliain na céime de chláracha éagsúla a bhfuil an Ghaeilge mar chroí-ábhar iontu. Tá an modúl dírithe orthu siúd nach bhfuil eolas ar bith acu ar an téarmeolaíocht agus caitear an chéad leath ag plé le teoiric, bunphrionsabail, cás-staidéir idirnáisiúnta agus cás na Gaeilge féin. Nuair atá eolas maith faighte ag na mic léinn ar na topaicí sin castar i dtreo chur i bhfeidhm na teoirice agus na mbunphionsabal trí iarraidh ar na mic léinn a gcuid cnuasach téarmaíochta féin a fhorbairt. Bíonn topaic shainiúil le roghnú ag gach mac léinn agus é de sprioc acu 10 gcoincheap úra nár aistríodh go Gaeilge riamh a aimsiú laistigh den réimse teicniúil sin. Bíonn orthu eolas iontaofa i dtaobh gach téarma nua a chur le chéile - sainmhíniú, sampla úsáide, etc. - agus, nuair atá brí an choincheapa deimhnithe, téarma nua Gaeilge a mholadh dó.

Baineann na mic léinn úsáid as Terminologue chun a gcnuasaigh a chur in eagar agus a roinnt leis an bhfoireann teagaisc. Cuirtear traenáil ar na mic léinn maidir le húsáid Terminologue agus maidir le leagan amach téarmaí, foinsí, samplaí agus eolas eile laistigh d’iontráil téarmeolaíochta.

Maidir leis na saintopaicí féin, bíonn sé spéisiúil i gcónaí na téamaí a roghnaíonn mic léinn a fheiceáil. Tá réimsí a thagann chun cinn bliain i ndiaidh bliana - gnéithe éagsúla de thionscal na scéimhe, seánraí áirithe ceoil, cluichí éagsúla ar nós na peile Meiriceánaí agus an UFC - agus cinn eile nach bhfeictear ach uair amháin. Léiríonn an tasc seo gach bliain go bhfuil neart bearnaí fós le líonadh i gcorpas foclóireachta agus téarmeolaíochta na Gaeilge fiú i réimsí a shílfí go mbeidís sách forbartha toisc a mhinice is a phléitear trí Ghaeilge iad e.g. an rugbaí agus an ríomhaireacht.

Ar ámharaí an tsaoil tá beirt a thug faoin modúl seo i mbliana tar éis intéirneacht samhraidh a chaitheamh le Gaois agus bhí siad sásta giota beag a scríobh don bhlagmhír seo faoi na topaici a roghnaigh siad féin, na bearnaí a d’aimsigh siad sna foinsí téarmaíochta agus na téarmaí nua atá á moladh acu.

Brian - Téarmaí Rothaíochta

Don phíosa praiticiúil den mhodúl seo bhí orainn bunachar de 10 dtéarma a chruthú ar Terminologue. Cheapfá gur tasc breá simplí a bheadh i gceist agus an méid sin téarmaí idir lámha, ach níor thuig mise an méid oibre a chuirtear isteach chun bailiúchán téarmaí a chur le chéile, ní hamháin ó thaobh na Gaeilge de ach ó thaobh eolas atá cruinn ach gonta a bhailiú chomh maith. Mura bhfuil gontacht agus cruinneas ag baint le do chuid oibre, d’fhéadfá a rá nach mbeidh do shaothar thar a bheith feidhmiúil.

Cheap mise go luífeadh sé le ciall ábhar a roghnú a bhfuil neart suime agam féin ann, agus dá bharr sin chinn mé go gcruthóinn téarmaí bunaithe ar chúrsaí rothaíochta, agus go háirithe maidir leis an trealamh. Chruthaigh mé mo chuid téarmaí faoi na teidil ‘anatamaíocht an rothair’, ‘trealamh rothaithe’ agus ‘trealamh ardfheidhmíochta’. Rud amháin a thug mé faoi deara go luath ná go raibh buntáiste agam sa mhéid is go bhfuil Fraincis agam chomh maith, bunteanga go leor de na téarmaí rothaíochta. Mhothaigh mé go raibh mé in ann comparáid agus idirdhealú thar a bheith éifeachtach agus cruinn a dhéanamh idir na foinsí Béarla agus Fraincise a bhí in úsáid agam chun na téarmaí ba chuí agus ba chruinne a chumadh don Ghaeilge.

An dúshlán is mó a chonaic mise ná go raibh sé deacair foinsí úsáide Gaeilge a aimsiú, is dócha toisc nach bhfuil ann dóibh i gcás na mionchoincheap a raibh mé ag plé leo.

Bhí mé i gcónaí ar mo sháimhín só ag brabhsáil tríd an bhfoclóir Gaeilge ach níor cheap mé go mbeadh deis agam tuilleadh a fhoghlaim ó thaobh théarmeolaíocht na Gaeilge de, gan trácht ar mo chnuasach féin a chruthú. D’fhoghlaim mé gur rudaí beo iad téarmaí agus dá bharr sin tháinig méadú as cuimse ar an tsuim atá agam i dtéarmeolaíocht na Gaeilge.

Seán - Téarmaí Coraíochta

Bhain mé úsáid as Terminologue chun cnuasach téarmaí coraíochta a chruthú. Thaitin an tionscadal go mór liom toisc gur fhoghlaim mé cuid mhór faoin gcoraíocht féin i dteannta na téarmeolaíochta mar gheall ar na gnéithe éagsúla den an tionscadal. Mar shampla, nuair a thosaigh mé ag fiosrú cén téarmaí a bhí in easnamh, bhí sé soiléir go raibh go leor fós le foghlaim agam faoi shuíomhanna coraíochta.

D’fhoghlaim mé go raibh an stíl choraíochta a chleachtaí in Éirinn fadó thar a bheith difriúil leis an stíl a raibh mé féin ag díriú uirthi, agus dá bharr sin, nach raibh na téarmaí céanna in úsáid i measc na gcoraithe siúd. Bhí nach mór na téarmaí ar fad a d’úsáidfinn féin agus mé i mbun coraíochta in easnamh.

Bheartaigh mé gurb iad na teicnící ba thábhachtaí ná aon rud eile don chuid is mó, agus dhírigh mé orthu siúd go sonrach mar sin. Is féidir na téarmaí ar fad a chum mé a fheiceáil ar an léaráid seo (chomh maith le ceann nó dhó a bhí ann cheana) agus feictear go bhfuil an foréimse ‘teicnící’ i bhfad níos mó ná na foréimsí eile.

Is é an téarma is fearr liom ná an téarma ‘laiste cosantach’. An leagan Béarla atá ar an téarma seo ná ‘whizzer’, agus is éard atá i gceist leis an gcoincheap ná “teicníc ina gcuireann coraí a sciathán thar chúl uachtar láimhe an chéile chomhraic nuair atá a lámh timpeall ar chos nó corp an choraí, ionas go bhfaigheann sé an luamhán chun an t-ionsaí a chosc”. Níl sé éasca sanasaíocht a aimsiú do théarma coraíochta ar bith, agus le téarma mar seo, nach ndéanann tagairt don ghníomh a bhaineann leis, ní raibh agam ach dhá rogha: an focal ‘whizzer’ a litriú le fóinéimí Gaeilge - ‘bhuisear’ nó rud éigean mar sin - nó téarma a chumadh as an nua a dhéanfadh tagairt don ghníomh.

Roghnaigh mé an dara cur chuige, toisc nach raibh sé i gceist agam a bheith ag pleidhcíocht le fóinéimí Gaeilge ag an am, agus toisc gurbh fhearr liom go mbeadh buntáiste iomaíoch ag an téarma freisin - mura mbeadh an Ghaeilge agat, ní thuigfeá céard go díreach a bheadh á rá ag cóitseálaí do chéile chomraic. Mar atá léirithe sa sainmhíniú thuas, is teicníc chosantach í seo, agus is féidir a rá go bhfuil do lámh ag feidhmiú mar laiste, mar sin tháinig ‘laiste cosantach’ le chéile.

Bhí mé an-sásta leis an gcomhéadan úsáideora ar Terminologue. Nuair a bhí tuiscint cheart agam ar úsáid an tsuímh, bhí sé an-tapa agus an-éasca téarmaí nua a chlárú agus iad a chur i réimsí agus i bhforéimsí.

Is cinnte gur mhúscail an tionscadal seo níos mó suime agam sa téarmeolaíocht, agus táim cinnte go mbeidh i bhfad níos mó téarmaí á gclárú agam sa chnuasach amach anseo. Má tá suim agat, is féidir an cnuasach a fheiceáil ag https://www.terminologue.org/cnuasach-coraiochta/.

Údair: Gearóid Ó Cleircín, Brian Ó Cearbhaill agus Seán Ó Nualláin