Gaois

Téarmaí as Ionstraimí Reachtúla (TIR)

Bailiúchán ilghnéitheach téarmaí is ea an bailiúchán Téarmaí as Ionstraimí Reachtúla (TIR) atá ar fáil ag an nasc seo – téarmaí nach bhfuil de cheangal eatarthu ach gur baineadh iad as Ionstraimí Reachtúla áirithe.

Tá sé i gceist leis an mbailiúchán seo go mbainfí leas as mar acmhainn taighde seachas mar acmhainn údarásach téarmeolaíochta nó dlí toisc nach gcloíonn na téarmaí i gcónaí le caighdeán oifigiúil na Gaeilge mar atá i bhfeidhm faoi láthair.

Le linn na hoibre eagarthóireachta, aimsíodh neart téarmaí éagsúla ó raon leathan réimsí. Is mór an éagsúlacht a fheictear i measc na dtéarmaí seo. Mar shampla, d’fhéadfaí teacht ar ‘interestify’, ‘fancy bread’, ‘chandelier’ agus ‘hydrolysate’ in aon fhoinse amháin.

Is iomaí réimse a chlúdaítear sa bhunachar seo, agus úsáidtear na réimsí sin chun an bunachar a chuardach, mar shampla, adhmadóireacht, eitlíocht, oideachas agus síceolaíocht. Tagann réimsí áirithe chun cinn níos minice ná cinn eile.

Tugtar meaisín díola uathoibríochmeaisín díoltóireachta uathoibreach ar ‘automatic vending machine’ faoi réimse na lónadóireachta. Faoi láthair, tugtar uathdhíoltóir ar an téarma céanna sa Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (téarma.ie). Is léir gur tháinig na téarmaí úd as foinsí a scríobhadh roinnt blianta ó shin (ó 1980 agus 1981 sa chás seo). Féach thíos ar roinnt samplaí a bhaineann leis an réimse Tomhas.

(a) Unsa/ Ounce

Maidir le haon bhulóg aráin (seachas arán bruthóige nó pean-arán) 10 n-unsa, 9 ndram, 9 ngráinne (ar ionann an meáchan sin agus 300 gram sa chóras méadrach) nó níos lú ná sin.

(b) Meáchan glan; glanmheáchan/ Net weight

Ciallaíonn "pacáistí beaga" pacáistí ina bhfuil síol suas go huas**mheáchan glan** nach mó ná X.

(c) Heachtár/ Hectare

Claífoirt a fhálóidh limistéar 1.51 heachtár, tuairim, a dhéanamh, lastuaidh de Bhóthar Eabhroc agus de Bhóthar Thigh Mhic Coluim...

(d) Milliméadar/ Millimetre

...más rud é, sa chás deireanach sin, nach gcuirfidh an comhathrú i dtiús agus i suíomh an dúnta níos mó ná milliméadar le hinathraitheacht thomhais leibhéal na leachtanna sa choimeádán.

Cé go mbaineann an ionstraim reachtúil seo le mór-réimsí eile, mar shampla, réadmhaoin, matamaitic nó meáchan bia, feictear anseo téarmaí atá clúdaithe faoin réimse Tomhas. I gcásanna áirithe cuirtear míreanna breise leis na téarmaí – samplaí úsáide agus sainmhínithe – agus go hiondúil is ar na hionstraimí reachtúla atá na míreanna sin bunaithe.

Feictear an difríocht idir na leaganacha in TIR agus na leaganacha caighdeánacha atá le fáil ar téarma.ie. Cuir i gcás ‘bus fare’. An Ghaeilge atá air seo ná táille bus in TIR, dar le reachtaíocht ó 1980, 1981 agus 2009, cáipéisí a tháinig ar an bhfód roimh An Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe in 2012. Anois tá táille bhus ar fáil ar téarma.ie.

Cuimsíonn TIR frásaí iomlána chomh maith le téarmaí aonfhoclacha agus ilfhoclacha. Sa chás seo thíos, baineann an reachtaíocht as ar baineadh an sampla le coinníollacha fostaíochta, e.g. ceird na n-uiscí aeraithe agus na buidéalóireachta mór-reaca. Tugann an fhoinse comhthéacs don fhrása i réimse an ghnó.

Tá téarmaí sa bhailiúchán seo nach bhfuil le fáil in aon cheann de na mórfhoinsí téarmaíochta eile, go bhfios dúinn. Cé go gcuirfidh taighdeoirí agus aistritheoirí spéis iontu, ba chóir a chur san áireamh gurb é an t-aon stádas atá acu ná go bhfuarthas iad in Ionstraimí Reachtúla áirithe.