Gaois

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna curtha le gaois.ie

Blog post is available in Irish only

I 2017 cuireadh leagan Gaeilge den Ionstraim Reachtúil Rialacha na nUaschúirteanna ar fáil, ionstraim a foilsíodh i mBéarla den chéad uair i 1986. Baineann na rialacha seo leis an gCúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhairc agus an Ardchúirt. Bhain foireann taighde Gaois leas as an téacs dátheangach seo le leagan ailínithe a chruthú, mar a pléadh i mblagmhír cheana. Nascadh leagan an Bhéarla le leagan na Gaeilge abairt ar abairt nó clásal ar chlásal agus cuireadh leis an gCorpas Comhthreomhar ar gaois.ie é. Tar éis an leagan ailínithe seo a chur i gcrích, cuireadh tús leis an asbhaint téarmaíochta.

Ba é sprioc na céime seo bailiúchán téarmaí dlí a chruthú bunaithe ar Rialacha na nUaschúirteanna, ina mbeadh téarmaí dlí a bhainfeadh go sainiúil leis an Ionstraim Reachtúil seo. Is fairsing an téarmaíocht dlí atá le fáil sna Rialacha agus aithníodh gur cuimsitheach a bheadh a leithéid de bhailiúchán ó thaobh na dtéarmaí dlí de.

Le tús a chur leis an asbhaint téarmaíochta seo, baineadh úsáid as bogearraí leis na focail agus na frasaí is coitianta a aithint sa bhuntéacs agus dhá liosta téarmaí a chruthú, liosta téarmaí aonfhoclacha agus liosta téarmaí ilfhoclacha. Rinneadh inniúchadh ar an dá liosta seo leis na téarmaí dlí a aithint, ag baint úsáid as foclóirí dlí agus an Bunachar Dlí, bailiúchán téarmaí dlí a cruthaíodh agus a cuireadh le gaois.ie cheana féin. I dteannta na hasbhainte uathoibríche, rinneadh iarracht téarmaí breise a aithint de láimh agus sleachta éagsúla ón téacs á gcíoradh. Baineadh freisin na téarmaí ar ainmfhocail dhílse iad, teidil oifigí, cúirteanna agus a leithéid. Ar ndóigh, bhí an-éagsúlacht i measc na bhfocal sa dá liosta seo nár théarma dlí gach uile cheann acu. Ba ghá na focail ghinearálta a bhíonn sa ghnáthchaint agus na téarmaí nár bhain go sainiúil leis an dlí a scagadh agus a scrios de réir a chéile. Ar ndóigh, níor ríshoiléir i gcónaí ar théarma dlí a bhí ann, go háirithe i gcás rudaí a phléitear sa chúirt go minic a bhaineann le réimse eile téarmaíochta, mar shampla téarmaí an airgeadais nó na cuntasaíochta agus cás cúirte féimheachta ar bun.

Bhí lear mór téarmaí dlí le fáil sa Bhunachar Dlí cheana féin a bhí le fáil sna Rialacha freisin, ach aimsíodh breis is 180 téarma eile nach raibh sa bhunachar cheana. Cláraíodh na téarmaí dlí ar fad a aithníodh i Rialacha na nUaschúirteanna, idir choincheapa nua agus choincheapa a bhí ann cheana, leis an mBunachar. Timpeall 600 téarma a bhí i gceist ar deireadh thiar thall agus cuireadh samplaí úsáide ó Rialacha na nUaschúirteanna le gach ceann acu.

An sprioc deireanach a bhí leis an togra seo ná sainmhínithe dlí a chur leis an mbailiúchán. Is beag foclóir Gaeilge a bhfuil neart sainmhínithe Gaeilge le fáil ann, agus aithníodh gur iontach an deis a bhí againn bailiúchán a chur ar fáil ina bhfuil sainmhínithe Gaeilge luaite leis na téarmaí. Bhí beagnach leathchéad sainmhíniú le fáil sa Bhunachar Dlí cheana féin agus aistríodh breis is 250 sainmhíniú eile ó Bhéarla go Gaeilge. Díríodh ar na téarmaí aonfhoclacha agus na sainmhínithe á n-aistriú agus cruthaíodh sainmhíniú do nach mór gach ceann acu, nó leath an bhailiúcháin ar fad.

Bailíodh na téarmaí ar fad a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna i mbailiúchán nua a cruthaíodh ar an gcóras nua bainistíochta téarmaíochta Terminologue, bailiúchán beagnach 600 téarma. Tá gach téarma le fáil i Rialacha na nUaschúirteanna, ar ndóigh, agus mar gheall air sin, tá sampla úsáide dátheangach luaite le gach téarma. Lena chois sin, tá sainmhíniú Gaeilge luaite le leath acu, timpeall 300 sainmhíniú, i dteannta na ngnáthshonraí gramadaí ar nós díochlaonta agus foirmeacha infhillte. Is féidir an bailiúchán a chuardach anseo.


Spléachadh ar iontráil iomlán mar a fheictear sa bhailiúchán í