Gaois

Téarmaí Dlí i mBunreacht na hÉireann

Cíortar cuid na héagsúlachtaí idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla de Bhunreacht na hÉireann sa bhlagmhír seo. Is féidir cuardach a dhéanamh ar théamaí ar leith a úsáidtear sa Bhunreacht i gCorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla agus an bailiúchán Bunreacht na hÉireann a roghnú chun anailís a dhéanamh ar na téarmaí dlí a thagann chun cinn ann. Is ionann an corpas comhthreomhar agus bailiúcháin de mhíreanna ailínithe Béarla-Gaeilge ó théacsanna reachtúla na hÉireann agus ó reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Is féidir teacht ar bhreis eolais faoin gcorpas ag an nasc seo nó sa bhlagmhír seo.

Ní hamháin go leagtar amach bundlíthe na tíre sa Bhunreacht ach tá rian láidir ag an náisiúnachas agus luachanna an náisiúin á gcur in iúl i dtéacs an Bhunreachta. Mar shampla, nasctar an focal ‘dúchas’ in Airteagal 1 le stair agus le hoidhreacht na tíre san úsáid a bhaintear as an bhfrása “de réir dhúchais is gnás a sinsear”. Is é “in accordance with its own genius and traditions” an leagan coibhéiseach a luaitear sa leagan Béarla den téacs. De bhreis air sin, baintear leas as an téarma ‘saíocht’ sa fhrása roimhe sin chun cur síos a dhéanamh ar an téarma culture sa Bhéarla. Dar leis an Ollamh Mairtín Ó Múrchú sa leabhar Bunreacht na hÉireann: A study of the Irish text gurb ionann ‘saíocht’ sa chomhthéacs seo agus “inherited high culture”.

Airteagal 1 Article 1
Deimhníonn náisiún na hÉireann leis seo a gceart doshannta, dochloíte, ceannasach chun cibé cineál Rialtais is rogha leo féin a bhunú, chun a gcaidreamh le náisiúin eile a chinneadh, agus chun a saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear. The Irish nation hereby affirms its inalienable, indefeasible, and sovereign right to choose its own form of Government, to determine its relations with other nations, and to develop its life, political, economic and cultural, in accordance with its own genius and traditions.

Sampla maith is ea Airteagal 8 den éagsúlacht idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla den téacs. Faightear léargas ar mheon na mbundréachtóirí sa dara mír den airteagal seo san úsáid a bhaintear as an téarma ‘Sacs-Bhéarla’ mar chur síos ar an téarma English language sa leagan Béarla den téacs. Ina theannta sin, tugtar aitheantas don Bhéarla sa leagan Béarla den Bhunreacht ach “glactar leis… mar theanga oifigiúil eile” sa leagan Gaeilge.

Airteagal 8 Article 8
  1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.
  2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
  3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.
  1. The Irish language as the national language is the first official language.
  2. The English language is recognised as a second official language.
  3. Provision may, however, be made by law for the exclusive use of either of the said languages for any one or more official purposes, either throughout the State or in any part thereof.

Ní hamháin go bhfuil go leor éagsúlachtaí teanga idir an dá théacs, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh impleachtaí praiticiúla ag baint le cuid acu. Mar shampla, ní mór go mbeadh “cúig bliana tríochad slán” ag aon iarrthóir d’oifig an Uachtaráin, ach dar leis an téacs Béarla “every citizen who has reached his thirty-fifth year of age is eligible for election.” I gcás aon easaontú idir an dá théacs, tugtar tús áite don leagan Gaeilge faoi Airteagal 25.4 den Bhunreacht agus dá bhrí sin, “is ag an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas.” Is sampla maith é sin d’easaontú idir an dá leagan nár tháinig ós comhair na cúirte go fóill.

Airteagal 12.4.1 Article 12.4.1
Gach saoránach ag a bhfuil cúig bliana tríochad slán, is intofa chun oifig an Uachtaráin é. Every citizen who has reached his thirty-fifth year of age is eligible for election to the office of President.

Frása amháin a pléadh sa chúirt is ea an frása “sa mhéid gur féidir é” agus “as far as practicable” in Airteagal 40.3.1. Aithníodh sa chás McGee v Attorney General ([1974] IR 284) go bhfuil cosaint níos láidre tugtha do chearta pearsanta an duine sa téacs Gaeilge den airteagal seo. Ina theannta sin, aithníodh go bhfuil brí níos láidre ag baint leis an bhfrása “gan cur isteach” ar chearta an duine i gcomparáid leis an téarma respect sa leagan Béarla den Bhunreacht.

Airteagal 40.3.1 Article 40.3.1
Ráthaíonn an Stát gan cur isteach lena dhlíthe ar chearta pearsanta aon saoránaigh, agus ráthaíonn fós na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é. The State guarantees in its laws to respect, and, as far as practicable, by its laws to defend and vindicate the personal rights of the citizen.

Tá cóip den Bhunreacht ar fáil anseo agus is féidir teacht ar neart samplaí éagsúla eile trí chuardach a dhéanamh agus na leaganacha Gaeilge agus Béarla den téacs a chur i gcomparáid lena chéile. Ina theannta sin, is féidir téarma ar leith a chuardach i gCorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla agus anailís a dhéanamh ar na samplaí comthéacsúla le hais a chéile. Tá staidéar cuimsitheach déanta ag Mícheál Ó Cearúil ar an dá leagan de Bhunreacht na hÉireann agus ar bhunús na dtéarmaí a úsáidtear ann. Is féidir teacht ar an staidéar sin ag an nasc seo.