Gaois

Téarmaí Sacair

Mar is eol d’aos sacair na tíre go rímhaith, tá uair na cinniúna ag druidim le foireann sacair na hÉireann agus dhá chluiche cháilithe le himirt acu i gcoinne na Danmhairge i mí na Samhna. Imreofar an chéad cheann de na cluichí sin sa Chóbanhávan Dé Sathairn, an 11 Samhain, agus gan amhras, beidh tír is talamh cruinnithe le chéile ar bhóthar Lansdún don dara cluiche ar an 14 Samhain.

Go deimhin féin, caithfidh Éire cruthú go maith sa dá chluiche sin lena chinntiú go mbeifear in ann páirt a ghlacadh i gCorn an Domhain 2018, comórtas a reáchtálfar sa Rúis an samhradh seo chugainn. Is í tuairim na coitiantachta ná go raibh an t-ádh ar fhoireann na hÉireann an Danmhairg a fháil sa tarraingt a rinneadh in Zurich le deireanas óir deirtear gurb í an Danmhairg an fhoireann is laige de réir rangú na bhfoirne atá réimnithe in ord feabhais.

Idir an dá linn, agus ceist an tsacair go mór i mbéal an phobail, is tráthúil spléachadh a thabhairt ar sciar an-bheag de na téarmaí spóirt atá ar fáil sa Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (téarma.ie). Chuir Fiontar & Scoil na Gaeilge, i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta, an bailiúchán téarmaí spóirt i dtoll a chéile idir 2012 agus 2016 faoi seach.

lear mór téarmaí spóirt faofa sa bhailiúchán seo agus is téarmaí iad a chuimsíonn raon leathan cineálacha spóirt. Ina measc sin tá badmantan, cruicéad, dornálaíocht, eitpheil, gunnadóireacht, haca oighir, liathróid láimhe, lúthchleasaíocht, rásaíocht mhótair, rásaíocht chapall, snámh, snúcar, tógáil meáchan agus tumadóireacht. Ar ndóigh, is iad na téarmaí sacair atá faoi chaibidil anseo agus tabharfar roinnt samplaí anois a thaispeánann a shaibhre agus a ilghnéithí is atá an bailiúchán:

  • Dribbling with the inside of the foot: ‘druibleáil le trácht na coise’
  • Dribbling with the outside of the foot: ‘druibleáil le ciumhais na coise’
  • Close man-to-man marking: ‘dlúthmharcáil duine ar dhuine; marcáil theann duine ar dhuine’
  • Tackle: ‘taicil, taicleáil’

Is é is príomhaidhm don bhlagmhír seo aird a tharraingt ar an mbailiúchán téarmaí spóirt agus is fiú go mór gaisneas a bhaint as, go mór mór agus cúpla cluiche cinniúnach ar na bacáin sna seachtainí atá amach romhainn. Is féidir an bailiúchán a bhrabhsáil anseo.