Gaois

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise – Aipeanna agus Bogearraí

Tá borradh tar éis teacht ar úsáid aipeanna le blianta beaga anuas agus tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil aip ann chun gach a bhfuil uait a chur ar fáil le haon chlic amháin. Más rud é go bhfuil oideas neamhghnách nó léirmheas ar bhialann éigin uait nó más spéis leat áirithintí taistil a dhéanamh, ní gá ach an aip chuí a oscailt agus ar aghaidh leat!

Aipeanna agus Bogearraí

Agus forbairt ollmhór tar éis teacht ar réimse na teicneolaíochta le tamaillín anuas, ní nach ionadh go bhfuil roinnt coincheapa nua-aimseartha tar éis teacht chun cinn nár pléadh leo i nGaeilge (ná i dteanga ar bith eile) go dtí le déanaí. Ina theannta sin, tá tionchar mór ag an mBéarla ar fhorbairt na téarmaíochta teicniúla trí chéile agus caithfear dul i ngleic leis sin agus coincheapa nua-aimseartha teicneolaíochta á n-aistriú go Gaeilge. Tugadh léargas ar an obair leanúnach atá ar siúl in Fiontar ar bhailiúchán saintéarmaí ríomheolaíochta (Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise) sa dá bhlagmhír seo agus seo cheana agus dírítear ar fhoréimse den taighde sin anois – réimse na n-aipeanna agus na mbogearraí.

Pléann fochoiste saineolaithe na téarmaí ríomhaireachta atá bailithe agus dréachtaithe ag Fiontar uair sa mhí agus cuireann siad a gcuid moltaí ar aghaidh chuig an gCoiste Téarmaíochta a fhoilsíonn ar téarma.ie iad ina dhiaidh sin. Tá roinnt de na téarmaí a phléigh an fochoiste le gairid ar fáil thíos:

  • nagware: is ionann nagware agus aip a iarann ar an úinéir uasghrádú a dhéanamh agus íoc as an leagan is déanaí den aip. Feictear go bhfuil an mhír nag i dtús an téarma agus ciallaíonn sé sin go n-iarrtar ar an úsáideoir an aip a uasghrádú arís is arís eile. Coinnítear an bhrí chéanna sa téarma Gaeilge sa chaoi go n-úsáidtear an briathar ‘cráigh’ chun comhfhocal a chruthú – ‘crá-earraí’ – bogearraí a chránn an t-úsáideoir.

  • kill switch: is beart sábháilteachta é seo a úsáidtear nuair nach féidir aip éigin a mhúchadh. Tá ciall níos diúltaí ag baint leis an téarma kill sa Bhéarla, agus cinneadh gan an téarma ‘maraigh’ nó a leithéid a úsáid sa téarma Gaeilge. Tá an téarma molta i bhfad níos sothuigthe – ‘lasc clabhsúir’.

  • bells and whistles: is feidhmeanna breise iad seo a chuireann le cuma na haipe. Tá an téarma Béarla bunaithe ar nath cainte agus cinneadh gan lomaistriúchán a sholáthar, ar nós ‘bobailíní agus sogairlíní’, toisc go bhfuil leagan dúchais den nath cainte ar fáil i nGaeilge –‘gach sás agus áis’.

  • whales: is daoine iad seo a dhéanann infheistiú airgeadaíochta in aipeanna. D’fhéadfadh custaiméirí, gnáthdhaoine, nó daoine gnó a áireamh faoi raon brí an téarma seo. Cinneadh gan lomaistriúchán a dhéanmh ar an téarma, mar shampla, ‘míolta móra’, agus roghnaíodh téarma eile a shoiléiríonn bunbhrí an téarma i nGaeilge – ‘ceannaitheoirí móra’.

Tugadh léargas ar chuid den obair atá ar bun ag an bhfochoiste saineolaithe agus ar chuid de na téarmaí atá idir lámha acu faoi láthair sa bhlagmhír seo. Beidh na téarmaí a fhaomhfar ar fáil ar téarma.ie amach anseo agus beifear in ann iad a chuardach faoin mbailiúchán Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise. Táimid fíorbhuíoch de bhaill an fhochoiste atá ag freastal ar na cruinnithe míosúla ó cuireadh tús leo i mí na Nollag 2014 agus de na saineolaithe eile a bhíonn ag saothrú leo ar eislíon inmheánach Fiontar idir na cruinnithe.