Gaois

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe ar Téarma.ie

Blog post is available in Irish only

na chéad téarmaí as an mbailiúchán nua Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe anois ar tearma.ie. Tiocfaidh tú orthu anseo. Baineann an chéad bhaisc seo leis na meáin shóisialta, agus is samplaí maithe iad ‘blag cleite’, ‘díthogh’ (nó ‘bain is maith liom’), ‘giolcthaidhleoireacht’ agus ‘gliúc’.

Is toradh iad na téarmaí seo - agus tá neart acu fós le teacht - ar thaighde atá ar siúl in Fiontar le bliain anuas. Tá coincheapa úra á dtiomsú ag Fiontar (faoi chonradh 2014–2017) i réimsí ilghnéitheacha síorathraitheacha na ríomhaireachta agus na ríomheolaíochta. Is bailiúchán forlíontach é seo, atá ag tógáil ar an téarmaíocht atá le fáil in tearma.ie cheana (tá breis agus 13,000 téarma luaite leis an réimse ‘Ríomhairí, ríomheolaíocht’).

Nuair a bhíonn an buntaighde - coincheapa, sainmhínithe, réimsí, téarmaí agus moltaí Gaeilge - déanta, pléitear na téarmaí molta ag an bhfochoiste Teicneolaíocht Faisnéise, fochoiste de chuid an Choiste Téarmaíochta. Tá muid fíorbhuíoch de bhaill an fhochoiste atá ag freastal ar na cruinnithe míosúla ó cuireadh tús leo i mí na Nollag 2014 agus de na saineolaithe eile a bhíonn ag saothrú leo ar eislíon inmheánach Fiontar idir na cruinnithe. Ní bheadh teacht ag an saol mór ar na téarmaí tráthúla Gaeilge seo murach obair dheonach na ndaoine sin.

Glacadh leis na téarmaí molta seo ag cruinniú de chuid an Choiste Téarmaíochta i mí Iúil, agus seo chugaibh anois iad. Ná dearmadaigí iad a atvuíteáil ónár gcuntas Twitter, agus iad a thoghadh ar Facebook!