Gaois

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise – Téarmaí Róbataice

Rinneadh cur síos sa bhlagmhír seo anuraidh ar chuid den taighde atá idir lámha againn ar théarmaíocht theicneolaíocht na faisnéise. Is é atá i gceist leis an taighde seo ná go gcuirfear le líon na dtéarmaí sa mhór-réimse ‘Ríomhairí, ríomheolaíocht’ ar téarma.ie. Ba í an chéad bhaisc téarmaí a cuireadh leis an mbailiúchán Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise ná na meáin shóisialta agus bhain an dara baisc le cúrsaí ríomhchluichíochta. Pléitear fobhailiúchán eile atá mar chuid den chnuasach céanna anseo – téarmaí róbataice.

Róbait

Tá dul chun cinn suntasach déanta i bhforbairtí teicneolaíochtaí róbataice i réimse na ríomheolaíochta le roinnt blianta anuas. Bíonn ar gach teanga dul i ngleic leis na téarmaí nua-aimseartha seo agus pléann fochoiste de chuid an Choiste Téarmaíochta na téarmaí a bhaineann go sonrach le réimse na teicneolaíochta faisnéise gach mí. Is toradh iad na téarmaí seo ar thaighde atá ar siúl in Fiontar le breis agus bliain anuas. Uair sa mhí, pléann fochoiste saineolaithe na téarmaí ríomhaireachta atá bailithe agus dréachtaithe ag Fiontar agus cuirtear a gcuid moltaí ar aghaidh chuig an gCoiste Téarmaíochta lena bhfaomhadh. Foilsítear ar téarma.ie iad go gairid ina dhiaidh sin.

Pléadh gnéithe éagsúla de réimse na róbataice le déanaí, mar shampla, cineálacha róbait, teicneolaíochtaí tionsclaíocha i réimse na róbataice agus cothromóidí a úsáidtear i ríomhchlárú róbat. Tá roinnt samplaí thíos de na téarmaí a pléadh maille le sainmhínithe:

  • róbat cliste (intelligent robot) róbat ar féidir é a chlárú chun cinntí a ghlacadh nó chun gníomhú bunaithe ar ionchur a fhaigheann sé ó bhraiteoirí
  • críochéifeachtóir (end-effector) gléas ag bun géige róbait a dhéanann teagmháil leis an saol mórthimpeall air
  • lasc an mharbháin (dead man’s switch) lasc sábháilteachta a chastar go huathoibríoch má chliseann ar an róbat agus a chuirfidh stop leis an bpróiseas atá ar siúl aige

Níl anseo ach blaiseadh beag de na téarmaí a pléadh le déanaí. Foilseofar na téarmaí róbataice ar fad ar téarma.ie sna míonna amhach romhainn nuair atá siad faofa ag an gCoiste Téarmaíochta.

Údar: Jamie Murphy (Cúntóir Eagarthóireachta)