Gaois

Téarmaíocht LADTA

Agus Mí an Bhróid buailte linn arís eile, is tráthúil súil a chaitheamh ar roinnt téarmaíocht nua agus sheanbhunaithe atá sa Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta. Ag tosú le mórthéarma mhí an Mheithimh, is féidir neart a rá faoin téarma ‘bród’. Mhol an Coiste Téarmaíochta an téarma ‘mórtas’ mar rogha téarma ar ‘pride’ an Bhéarla toisc go raibh baint ag an téarma ‘bród’ leis na peacaí marfacha fadó. Ar ndóigh, athraíonn bríonna téarmaí thar am agus ní bhíonn mórán daoine ag trácht ar na peacaí sin a thuilleadh. Le tamall maith anuas, athghabhtar an téarma ‘bród’ i measc phobal LADTA agus feictear úsáid an téarma seo go forleathan sa chiall seo, go háirithe le linn Mhí an Bhróid. Aithníonn an Coiste Téarmaíochta an bhrí éabhlóidithe sin agus tá ‘bród’ luaite san iontráil ar téarma.ie anois.

Má chuardaítear an bunachar, tá téarmaíocht áirithe seanbhunaithe ar téarma.ie amhail, déghnéasach, aiteach, duine trasinscneach nó fiú an Ghluaiseacht ar son Cearta Daoine Aeracha in Éirinn ach tháinig borradh as cuimse faoin réimse téarmaíochta seo le blianta beaga anuas. Tá an téarmaíocht sa réimse seo den tsocheolaíocht níos leithne ná riamh agus ina fhianaise sin, cuireadh téarmaí nua leis an mbunachar le deireanas. Seo thíos roinnt samplaí dá bhfuil ar fáil ar téarma.ie anois:

  • heitrea-sholúbtha’ (heteroflexible) a chiallaíonn duine atá heitrighnéasachdíreach de ghnáth ach a mbíonn dúil aige/aici i ndaoine den ghnéas céanna ó am go chéile.
  • paininscneach’ (pangender) a dhéanann cur síos ar dhuine a bhraitheann nach féidir ‘fireann’ nó ‘baineann’ a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar inscne an duine sin.
  • Agus móréileamh ar an gcultúr draig i láthair na huaire, is feiliúnach go bhfaightear na téarmaí ‘draig-rí’ (drag king), ‘ceilt’ (tucking) nó ‘draig-ríon’ (drag queen) sa bhunachar anois chomh maith.
  • homarómánsúil’ (homoromantic) arb ionann é agus tarraingt rómánsúil do dhuine den inscne chéanna nó, ‘dérómánsúil’ (biromantic) a chiallaíonn tarraingt rómánsúil do dhá inscne nó níos mó.
  • fiafraitheach’ (questioning) a dhéanann cur síos ar dhuine atá ag iarraidh a g(h)néaschlaonadh agus/nó a f(h)éiniúlacht inscne a dhearbhú.
  • neamhobráideach’ (non-op) a thagraíonn do dhuine trasinscneach a rinne an cinneadh gan dul ar aghaidh le hobráid dearbhaithe inscne.
  • Mar aon leis na téarmaí thuasluaite, cuireadh téarmaí níos gruama a bhaineann le stair LADTA leis an mbunachar freisin, amhail ‘leatrom institiúideach’ (institutional oppression) arb ionann é agus drochíde chórasach ar ghrúpa aitheantais ar leith sa tsochaí nó, ‘trasfhóibe’ (transphobia) a thagraíonn don leithcheal ar dhaoine trasinscneacha.

Ní liosta cuimsitheach é an méid roimhe seo ar ndóigh agus tá i bhfad níos mó téarmaí ar fáil ar téarma.ie. Is féidir teacht ar liosta téarmaíochta LADTA níos uileghabhálaí trí na réimsí ar téarma.ie a bhrabhsáil: Eolaíocht Shóisialta > Socheolaíocht > Gnéaseolaíocht. Le haghaidh tuilleadh sonraí maidir le brabhsáil de réir réimsí ar téarma.ie, tá físeán treorach ar fáil ag an nasc seo chomh maith.

Bíonn an plé ar an réimse seo ag éabhlóidiú i gcónaí agus mar mhionteanga, ní i gcónaí a bheidh na foinsí téarmaíochta agus foclóireachta Gaeilge díreach cothrom le dáta leis an téarmaíocht reatha atá in úsáid ag an bpobal LADTA. Níl sé d’acmhainn ag an gCoiste Téarmaíochta monatóireacht sheasta a dhéanamh ar fhorbairt na téarmaíochta laistigh de réimse ar bith. Dá bhrí sin, bíonn an Coiste ag brath go mór ar chomhairle agus ar iarratais ón bpobal i leith téarmaí atá idir íogair agus luaineach agus cuirtear fáilte roimh mholtaí feabhais i gcónaí. Ar an ábhar sin, is féidir ceist téarmaíochta a chur nó téarma Gaeilge a lorg ach an fhoirm fiosruithe téarmaíochta a líonadh isteach ar téarma.ie. Lena chois sin, coinnígí súil ar na meáin shóisialta, Instagram, Facebook agus Twitter, le haghaidh téarmaíocht thráthúil le linn Mhí an Bhróid agus ag tráthanna eile den bhliain chomh maith.

Bainigí súp as Mí an Bhróid!

Údar: Jamie Murphy