Gaois

Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí logainm.ie

Blog post is available in Irish only

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar logainm.ie ag deireadh 2015 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Tugadh le fios go bhfuil úsáideoirí logainm.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan – sna Stáit Aontaithe, san Iodáil agus san Íoslainn, i measc tíortha eile.

Rangaíodh na moltaí a tháinig ó úsáideoirí an tsuímh de réir catagóirí éagsúla. Pléitear cuid de na moltaí sin thíos. Is cúis áthais dúinn ar fad go raibh cuid de na moltaí ar an liosta oibre reatha againn cheana.

Tuigeann muid go bhfuil léarscáil Thuaisceart Éireann fós le socrú agus táimid ag obair ar an gceist seo go leanúnach.

Rinneadh roinnt moltaí maithe mar chuid den suirbhé, mar shampla, níos mó mionlogainmneacha/bailte fearainn a chur ar fáil agus fuaimeanna a chur le gach uile logainm ar an suíomh. Ar an drochuair, ní raibh muid in ann na moltaí seo a chur ar an liosta oibre de bharr easpa acmhainní.

Luadh arís i mbliana gur chóir tuilleadh béime a leagan ar na hacmhainní ar fad atá ar fáil ar logainm.ie. Tá sé i gceist go ndéanfar athdhearadh ar leathanach baile an tsuímh (do ghléasanna deisce) le linn 2016 agus go mbeadh na hacmhainní níos soiléire faoin dearadh nua. Tá sé i gceist againn blagmhíreanna a scríobh amach anseo maidir leis na hacmhainní seo chun aird a tharraingt orthu chomh maith.

Moladh naisc a chruthú le dreamanna seachtracha agus eolas ó bhunachair sheachtracha a chur ar fáil ar léarscáil logainm.ie. Táimid buíoch as na moltaí seo agus bíonn muid i gcónaí sásta sonraí breise a chur leis an suíomh ach an cead a bheith againn agus na sonraí a bheith ar fáil.

Moltaí

Mura bhfuil do mholadh luaite anseo, seans gur luadh é i measc mholtaí 2014 atá le feiceáil sa bhlagmhír seo a foilsíodh anuraidh.

Moladh/Easnamh: ‘Níl na comhaid fuaime ag obair’.

Freagra: Faoi láthair, is gá Adobe Flash Player a bheith ag úsáideoirí leis na comhaid fuaime a sheinm. Tá obair ar siúl anois, áfach, le rogha nua a aimsiú ionas nach mbeidh gá le Flash amach anseo. Oibríonn na comhaid fuaime go fóill do gach úsáideoir a bhfuil Flash ar an ríomhaire aige.

Moladh/Easnamh: Ba mhaith le húsáideoirí rogha a bheith acu grianghraif agus eolas a aighniú faoi logainmneacha.

Freagra: Seoladh Meitheal Logainm.ie i ndiaidh na Cásca. Tá deis ag an bpobal anois eolas a ionchur faoi logainmneacha na tíre trí chliceáil ar logainm ar bith ar an léarscáil (ón suíomh deisce nó móibíleach) agus eolas a chur leis an áit. Foilsíodh blagmhír ar bhlag na dtionscadal maidir leis an áis seo, agus tá sé ar fáil le léamh anseo.

Moladh/Easnamh: ‘Teagmháil a chothú leis an bpobal acadúil, go háirithe le scoláirí logainmneacha.’

Freagra: Tugann foireann logainm.ie páipéir ag comhdhálacha go minic agus buaileann siad leis an bpobal acadúil ann. Eagraíodh ceardlann réamhchomhdhála in DCU (an 14 Aibreán) mar chuid de chomhdháil SNSBI a bhí ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad. Cuireadh fáilte roimh an bpobal acadúil, scoláirí logainmneacha agus an mórphobal freastal ar an gcomhdháil seo agus tá cur síos ar an gceardlann le fáil sa bhlagmhír seo.

Moladh/Easnamh: Tá an cuardach ró-chúng, ní thaispeántar gach toradh ar chuardach i gcónaí.

Freagra: Tá athbhreithniú ar fheidhmeanna cuardaigh shuíomhanna Fiontar uile ar an liosta oibre againn cheana do 2016. Is gá breathnú ar na rialacha cuardaigh atá i bhfeidhm faoi láthair agus machnamh a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun iad a fheabhsú i gcomhthéacs mhianta ár n-úsáideoirí. Ó am go chéile, is eolas ar mhír choitianta atá á chuardach ag duine agus tá sé i gceist againn nasc chuig acmhainní breise mar seo, atá ar shuíomh logainm.ie, a chur mar chuid den toradh ar chuardach amach anseo.

Is léir ó thorthaí an tsuirbhé seo gur modh luachmhar é le haiseolas a fháil ó phobal úsáideoirí logainm.ie agus táimid fíorbhuíoch de gach duine a thóg an t-am le haiseolas agus moltaí a roinnt linn. Má tá ceist nó moladh faoi leith gur mhaith leat a phlé le foireann logainm.ie, cuireann muid fáilte i gcónaí roimh chomhfhreagras chuig logainm@dcu.ie.