Gaois

Torthaí ó shuirbhé 2016 ar úsáideoirí Logainm.ie

Blog post is available in Irish only

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar Logainm.ie ag deireadh 2016 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Cé go bhfuil roinnt mhaith áiseanna ar fáil ar Logainm.ie, tugadh le fios ó fhreagraí an tsuirbhé nach bhfuil úsáideoirí áirithe ar an eolas fúthu!

Rangaíodh na moltaí a fuarthas ó úsáideoirí an tsuímh de réir catagóirí éagsúla. Pléitear cuid de na moltaí sin thíos.

Mura bhfuil do mholadh luaite anseo, seans gur luadh é i measc mholtaí 20152014.

Moladh: Leaganacha éagsúla den logainm thar na blianta a sholáthar

Freagra: Is féidir teacht ar an eolas seo faoin teideal ‘Taifid chartlainne’ atá luaite le cuid mhaith logainmneacha ar an suíomh cheana. Féach ar an logainm seo mar shampla.

Moladh: Tuilleadh eolais a chur ar fáil maidir le brí logainmneacha/leagan Gaeilge a chur le tuilleadh logainmneacha/scéalta béaloidis a nascadh leis na logainmneacha

Freagra: Cuirtear eolas maidir le brí logainmneacha ar fáil ar bhonn leanúnach agus de réir na n-acmhainní foirne atá againn. Tugtar míniú ar na míreanna is coitianta i logainmneacha sa ghluais agus leagtar amach na míreanna coitianta in ord aibítreach.

Cuireann an Brainse Logainmneacha leaganacha Gaeilge le logainmneacha. Léiríonn an chairt seo céatadán na logainmneacha i mbunachar Logainm.ie atá socraithe ó thaobh na Gaeilge de, fiú mura bhfuil an t-ainm Gaeilge deimhnithe.

Cuirtear naisc ar leith le hiontrálacha ar Logainm.ie sa chás go bhfuil scéal faoin gceantar/logainm ar fáil ar Dúchas.ie. Féach ar an nasc sa logainm seo mar shampla.

Moladh: Eolas faoi d’áit dúchais a sheoladh chuig Logainm.ie/ainmneacha páirce a chur ar fáil/liosta bailte nach bhfuil ann a thuilleadh nó ar athraíodh a ainm thar na blianta a chur ar fáil/pictiúir agus taifid béil a chur le logainmneacha áirithe.

Freagra: Seoladh Meitheal Logainm.ie i mí Aibreáin 2016 mar áis don phobal chun mionainmneacha a chaomhnú agus a chomhroinnt. Is suíomh ar leith é Meitheal Logainm.ie ó Logainm.ie (leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha na hÉireann).

Fágtar faoi na húsáideoirí forbairt a dhéanamh ar shuíomh Mheitheal Logainm.ie. [Cláraígí](http://meitheal.logainm.ie/ga/claraigh/) anois agus déanaigí taifead den eolas áitiúil ar mhaithe le gach úsáideoir. Go dtí seo tá 1,505 mionainm cláraithe ar Mheitheal Logainm.ie agus tá súil againn go gcuirfidh úsáideoirí na Meithle leis an bhfigiúr seo.

Moladh: Moltaí maidir le litriú logainmneacha a thaifeadadh/ceartúcháin agus leaganacha Gaeilge ar logainmneacha atá ar Logainm.ie cheana a sheoladh chuig foireann Logainm.ie.

Freagra: Fáilte roimh a leithéid de mholtaí a sheoladh ar r-phost chuig an bhfoireann ag logainm@dcu.ie!

Má chuir tú ceist faoi leith sa suirbhé nár tugadh freagra air thuas, déan teagmháil linn ag logainm@dcu.ie.