Gaois

Tuairisc ar obair 2021

Bliain aisteach eile a bhí i 2021 anseo in oifigí fíorúla Gaois. Is beag lá a caitheadh ar an gcampas, agus is ar Zoom agus tríd an ríomhphost a rinneadh formhór mór na hoibre atá luaite thíos. Ainneoin sin, bhí neart ar siúl, agus chríochnaigh obair na bliana le hócáid shuntasach. D’óstáil muid Cruinniú Mullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa (EAFT) ar an 25-26 Samhain, ag a raibh 18 gcaint agus os cionn céad duine i láthair ar Zoom. Foilseofar físeáin na gcainteanna go luath.

Cuireadh leaganacha de Terminologue ar fáil i 4 theanga nua i rith na bliana: Gearmáinis, Arabais, Cróitis agus Spáinnis. Sreabhann an scáileán ar fad ó dheas ar chlé anois má athraíonn tú an teanga go hAraibis (agus ó chlé ar dheis sna teangacha eile, ar ndóigh). Cuireadh i láthair é ag Cruinniú Mulaigh EAFT, agus ag ócáidí eile. Den chéad uair, d’oibrigh mic léinn Fiontar & Scoil na Gaeilge ar thionscadal téarmeolaíochta ag úsáid Terminologue. Dhírigh cuid acu ar théarmaí rothaíochta, agus ar théarmaí coraíochta; tuilleadh faoi sin anseo.

Ó thaobh na téarmeolaíochta féin de, bhí neart ar siúl. Thug muid faoi thionscadal téarmeolaíochta nua i mbliana, chun Gaeilge a chur ar théarmaí nó ‘lipéid’ an teasárais ilteangaigh, EuroVoc. Tá na lipéid leagtha amach de réir 21 réimse eolais in EuroVoc ó ‘Oideachas’ go ‘Caidreamh Idirnáisiúnta’. Tá thart ar 7,300 iontráil sa teasáras ina bhfuil lipéid mar ‘loingseoireacht satailíte’, ‘alcólachas’ agus ‘Tír na mBascach’ i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Sular thosaigh muid ag obair air, bhí 2,000 iontráil ann a raibh lipéid Ghaeilge iontu. Bhí profú le déanamh orthu sin agus bhí lipéid Ghaeilge nua le moladh i gcás na 5,300 iontráil nach raibh Gaeilge iontu. Cuireadh an tionscadal sin i gcrích i mí na Samhna agus beidh an t-ábhar Gaeilge nua le feiceáil in EuroVoc go luath sa bhliain nua. D’fhorbair muid an Líonra Saineolaithe Náisiúnta a riarann muid do phobal aistritheoirí an AE, agus tá 23 saineolaí ar fáil anois chun saincheisteanna coincheapúla agus téarmeolaíochta a fhreagairt.

Bhí neart téarmaí tráthúla idir chamáin ar Téarma agus in obair téarmaíochta an AE chomh maith: seans go bhféadfaí ‘téarma na bliana’ a bhaisteadh ar cheann acu seo: duine de dhath, dearbhú colainne, inscnigh, tástáil sreafa chliathánaigh, nó gníomhú ar son na haeráide?

Bhí an t-ádh orainn go raibh beirt mhac léinn linn i rith an tsamhraidh a raibh spéis faoi leith acu sna meáin. Chaith Seán Ó Nualláin agus Brian Ó Cearbhaill cúpla mí ag cruthú fiseáin treorach faoi téarma.ie, Terminologue, Meitheal Logainm.ie agus Meitheal Dúchas.ie agus chroch muid iad seo ar chainéal Youtube Gaois. Cúnamh iad, go háirithe agus na hacmhainní seo in úsáid go forleathan i seomraí ranga.

Foilsíodh 100 imleabhar ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní ar Dúchas i mbliana, agus éagsúlacht mhór le fáil iontu. Tá ábhar seanchais agus dialanna na mbailitheoirí lánaimseartha ina measc mar is gnáth, ach ina dteannta sin, tá trí imleabhar a bhaineann go sonrach le toibreacha beannaithe. In Aibreán 1934, scaipeadh ceistneoir ar mhúinteoirí na scoileanna náisiúnta agus iarradh orthu eolas a bhailiú faoi thoibreacha beannaithe i gceantar a scoile. Tá innéacsú déanta ar shuíomh na dtoibreacha agus iad nasctha le logainm.ie. Baineann Imleabhar 466 le Cúige Mumhan, Imleabhar 467 le Cúige Uladh agus le Cúige Chonnacht agus Imleabhar 468 le Cúige Laighean. Chuirfeadh an té a bhfuil dúil aige nó aici i gcúrsaí foclaíochta agus i gcúrsaí teanga spéis sna píosaí eolais seo a bhailigh Peadar Mac Domhnaill i gContae Cheatharlach, a thugann míniú ar chiall agus ar úsáid focal éagsúil, idir Bhéarla agus Ghaeilge, i gcaint na ndaoine. Agus, ar ndóigh, níl aon easpa scéalta ná seanchais i measc an ábhair nua; tá sampla breá dá leithéid le fáil san imleabhar seo d’ábhar a bhailigh Seán Ó Flannagáin i gContae an Chláir. Más sna hamhráin is mó atá do chroí, aimseoidh tú neart dá bhfuil uait sa mhéid a bhailigh Proinnsias Mac Grianna i gContae Dhún na nGall, ar nós ‘Bean an Fhir Ruaidh’.

Faoin 1 Nollaig, ní raibh fágtha le tras-scríobh as ábhar Bhailiúchán na Scol ar Meitheal Dúchas ach 43,195 leathanach, 31,052 i nGaeilge agus 12,143 i mBéarla. Fágann sé sin nach bhfuil le tras-scríobh ach 33% den ábhar Gaeilge agus 3% den ábhar Béarla. Tá os cionn 400,000 leathanach tras-scríofa ag an Meitheal go dtí seo. Maith sibh!

Fuair muid amach i rith an tsamhraidh go raibh maoiniú AHRC-IRC faighte againn do thionscadal nua bainteach leis an mbéaloideas digiteach dar teideal Decoding Hidden Heritages. Thosaigh muid ag comhoibriú le taighdeoirí in Ollscoil Dhún Éideann, UCD, Ollscoil Durham, Ollscoil Indiana agus Ollscoil Saint Louis le grinnstaidéar a dhéanamh ar scéalta béaloidis de chuid na hÉireann agus na hAlban d'fhonn tuiscint níos fearr a fhorbairt ar chultúr coiteann an dá thír.

Tá obair ar bun chun sloinnte nua a cláraíodh níos mó ná ceithre huaire i measc naíonán nuabheirthe sna blianta 2016, 2018, 2019 agus 2020 a chur leis an mbunachar sloinnte ar Gaois.

Maidir le cúrsaí logainmíochta, tá an obair phleanála don Cheardlann Logainmníochta ar an 12-13 Bealtaine 2022 faoi lán seoil anois. Tá an obair ar leagan úrnua den bhunachar agus den suíomh ag dul ar aghaidh, pas níos moille ná mar a ceapadh, agus is sa chead leath den bhliain seo chugainn a bheas sé ar fáil. Rinneadh cúpla feabhsúchán ar a bhfuil ar fáil don úsáideoir: cuireadh teorainneacha geografacha leis na paróistí dlí, na bailte, na cathracha agus leis na contaetha riaracháin. Cuireadh logainm.ie i láthair ag ceardlann den tionscadal A Digital Framework for the Medieval Gaelic World (Ollscoil na Banríona) in UCC ar an 25 Márta. Cuireadh comhaid fuaime le contaetha Aontroma agus Ard Mhacha. Tá 727 úsáideoir aonair ag Meitheal Logainm anois agus tá 10,252 taifead ionchurtha acu. Anuas air sin, tá 19 mbailiúchán agus 41,516 taifead mar chuid díobh.

Rinneadh forbairt ar na corpais atá á dtiomsú ag foireann taighde Gaois. Cuireadh c.15 milliún focal sa bhreis le Corpas Foclóireachta na Gaeilge, is fágann sé seo go bhfuil beagán sa bhreis agus 100 milliún focal ann anois. Baineadh an chloch mhíle seo amach le cabhair ó Acadamh Ríoga na hÉireann agus ó Fhoras na Gaeilge agus bailíodh sonraí nár tiomsaíodh i gcorpas cheana. I measc an ábhair nua tá 7.1 milliún focal as na nuachtáin Gaelscéal agus Foinse. Cuireadh 2.5 milliún leis an líon focal ar ar féidir leis an bpobal cuardach a dhéanamh i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha le déanaí. Rinne muid roinnt anailíse ar inneachar an Chorpais, agus fuair muid amach gurb é ‘Gaeilge’ an t-ainmfhocal is coitianta ann.

Cuireadh 4 mhilliún focal breise de reachtaíocht Eorpach leis an gCorpas Comhthreomhar i mí an Mheithimh, a fhágann go bhfuil thart ar 58.5 milliún focal de mhíreanna ailínithe Gaeilge-Béarla ó reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus téacsanna reachtúla na hÉireann istigh ann anois. Thug muid cur i láthair mar gheall ar an obair chorpais ag comhdháil Corpus Linguistics i Luimneach, agus is féidir teacht ar alt mar gheall air in iris Teanga. Chruthaigh muid suíomh don mórthionscadal corpais atá le tosú go luath, www.corpas.ie.

Foilsíodh 11 bheatha nua in Ainm, agus na daoine seo ina measc: Dónall Farmer, Fiachra Mac Gabhann, Anna Bean Mhic a’ Luain, Liam Ó Muirthile, Tomás Mac Giolla Bhríghde, Pádraig Ó Pronntaigh, Nioclás Mac Craith, Eilís Dillon, Bríd Maloney, Patsaí Dan Mag Ruaidhrí agus Muiris Mac Conghail. D’fhógair muid scoláireacht PhD le aghaidh a thabhairt ar líon íseal na mban sa bhailiúchán, agus tá mac léinn, Orlaith Hickey, tosaithe ar an taighde seo. Foilsíodh an díolaim 'Scoláirí Logainmníochta': is é Justin Ó Gliasáin a scríobh an díolaim nua seo a thugann léargas ar na daoine sin a shaothraigh i gceann de na réimsí stáidéir is mó a spreagann suim mhuintir na hÉireann.

Ó thaobh na teicneolaíochta de, chaitheamar formhór ár gcuid ama le córas nua Logainm, a bheidh ar fáil foinse oscailte in 2022, agus le háiseanna fuaime Dúchas atá le seoladh an mhí seo. Mar chuid den obair ar Logainm cuireadh go mór leis an leabharlann Screenful, agus d’eascair forbairtí ar an leabharlann Doras as an obair ar Dúchas.

Lean muid den nós atá againn glacadh le mic léinn taithí oibre ó chúrsaí DCU (an MA san Aistriúchán) agus UCC (Dlí agus Gaeilge). Tá ár gcuid mac léinn dochtúireachta ag obair leo go dian ar chúrsaí logainmníochta, ainmneolaíochta agus béaloidis. Lean muid orainn freisin ag scaipeadh eolais faoinár gcuid oibre sa Nuachtlitir agus is léir go bhfuil léitheoirí againn i chuile chearn, California go háirithe. Chuir muid páipéir i láthar ag ócáidí sa Chróit (DIKA), sa Pholainn (ICOS), sa Ghréig (Euralex), i Luimneach (CL), i gCorcaigh (DFMGW), agus sa bhFionlainn (VAKKI) - go fíorúil faraor! - agus foilsíodh cúpla alt a bhain leis na tionscadail. Seo thíos iad:

*Tá na sonraí uile ceart don bhliain 01.12.20 - 01.12.21