Gaois

Tuairisc ar obair 2022

Bliain ghnóthach, thaitneamhach a bhí againn anseo in oifigí Gaois. Cuireadh bonn láidir faoi chúpla píosa nua oibre agus cuireadh an taighde i láthair an phobail ar bhealaí éagsúla. Thapaigh muid an deis, tar éis bhlianta na dianghlasála, dul amach faoin saol arís agus bheith i measc phobal na Gaeilge. Ní amháin sin ach tharla cúpla rud an-deas: mar shampla, i mí na Bealtaine bronnadh duais tionchair Uachtarán DCU ar an Dr Gearóid Ó Cleircín, bainisteoir cáilíochta Gaois. Aitheantas ar obair théarmeolaíochta Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge le 20+ bliain anuas ar thionscadail Téarma, LEX agus Terminologue a bhí sa duais.

Bhain muid sult ar leith as an gCeardlann Logainmníochta a reáchtáladh anseo ar Champas na Naomh Uile ar 12-13 Bealtaine, ag ar sheol an tAire Jack Chambers leagan nua de shuíomh idirlín Logainm.ie. Tá tuairisc iomlan le fáil air sin anseo. Tháinig slua breá le chéile agus bhí díospóireacht den scoth ann thar an dá lá. Tá muid an-sásta leis an bhfeabhas atá curtha ar an struchtúr sonraí agus ar chruth an tsuímh, na torthaí cuardaigh atá níos cuimsithí agus na léarscáileanna idirghníomhacha atá in úsáid ar fud an tsuímh.

Ó thaobh na téarmeolaíochta de, buaicphointe na bliana ba ea an siompóisiam téarmeolaíochta a reáchtáil muid i mí Aibreáin. Bhí ríméad orainn fáilte a chur roimh shlua breá téarmeolaithe, aistritheoirí, taighdeoirí agus cuairteoirí eile chuig campas DCU chun gnéithe éagsúla den téarmeolaíocht a phlé. Reáchtáladh ceardlann ar Terminologue mar chuid den ócáid chéanna agus lean muid d’fhorbairt agus de chothabháil an chórais bainistithe téarmaíochta sin ar cuireadh leagan Liotuáinise de ar fáil i mbliana.

Lean muid ar aghaidh leis an ngnáthobair théarmeolaíochta ar thionscadal téarma.ie, le soláthar téarmaíochta do IATE agus don Bhanc Ceannais Eorpach, agus le reáchtáil an Líonra Saineolaithe a chuireann comhairle téarmeolaíochta ar fáil d’aistritheoirí an Aontais. Ní amháin sin, ach thug muid faoi phíosa taighde an-spéisiúil ar ionphlandú agus ar úsáid téarmaí ríomhaireachta i measc an phobail. Tugadh cuireadh d’Úna Bhreathnach caint a thabhairt d’aistritheoirí agus do théarmeolaithe Chomhairle na hEorpa i mí na Samhna mar gheall ar thionscadal IATE, ina gcuireann Gaois téarmaí Gaeilge ar fáil d’astritheoirí an AE, agus ar a cuid taighde féin ar phleanáil na téarmaíochta. D’fhreastail Úna ar chruinnithe Chumann Eorpach na Téarmeolaíochta (EAFT), sa Chróit i mí an Mheithimh agus i Stocólm i mí Dheireadh Fómhair, chomh maith.

Bhí neart téarmaí tráthúla idir chamáin ar Téarma agus in obair téarmaíochta an AE chomh maith, do Mhí an Bhróid, mar shampla. Seans go bhféadfaí ‘téarma na bliana’ a bhaisteadh ar cheann acu seo: néilín (cloudlet), éiceapháirc (ecopark), góstáil (ghosting), obair chumaisc (hybrid working), meiteachruinne (metaverse), nó bearna idirghlúine (generation gap).

Dhírigh obair Dúchas ar fhoilsiú ábhar as an bPríomhbhailiúchán. Foilsíodh 117 imleabhar (50,150 leathanach) d’ábhar i gcaitheamh na bliana. Chríochnaigh Meitheal Dúchas an obair tras-scríofa ar ábhar Béarla Bhailiúchán na Scol, éacht nach beag. Seoladh baisc nua grianghraf ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne agus b'iontach an t-ábhar a chur i láthair an phobail arís. D’fhoilsigh muid cúpla blagmhír a bhain le tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe: ceann le Tiernan Gaffney ar aimsiú seanscéalta in Dúchas; ceann le Monica Marion ar an anailís fhíliginiteach atá ar bun aici ar leaganacha éagsúla de sheanscéalta; ceann le Andrea Palandri ar Sheán Ó Flannagáin agus Canúintí Oir-Dheisceart na Gaillimhe sa Phríomhbhailiúchán; agus ceann faoin obair dhigitithe féin.

Chaith muid tamall maith i rith an tsamhraidh ag obair ar thionscadal gaolmhar: Bailiúchán Béaloidis Árann, béaloideas a bhailigh muintir an Oileáin féin. Chruthaigh muid foshuíomh de chuid Dúchas, agus chuidigh muid le Mná Fiontracha Árann beagnach míle grianghraf agus mír fuaime a chur in eagar don phobal ann.

Ag tús na bliana a thosaigh an taighde don tionscadal is nua againn, Corpas Náisiúnta na Gaeilge. Chuir muid bonn faoin obair le suíomh agus lógó nua, agus plé le scata saineolaithe anseo agus thar lear, a chuir comhairle orainn agus muid i mbun pleanála. D’eagraigh muid ceardlann taighde ar an ábhar ar an 2 Nollaig, agus thug an tOllamh Mike McCarthy caint an-spreagúil dúinn. Bailíodh breis agus 10,000 comhad i mbliana chun sonraí as réimsí nua a chur leis an gcorpas. San áireamh leis sin tá míreanna drámaíochta agus béaloidis, ábhar taighde agus aistí, litreacha agus r-phoist, chomh maith le gearrscéalta.

Foilsíodh 10 mbeatha nua ar Ainm, na daoine seo: Liam Mac Con Iomaire (1937–2019); Áine (Nan) Ghriallais (1936–2018); Nóra Ghriallais (1944–2019); Niall Tóibín (1929–2019); Con Ó Ruairc (1936–2019); Tim Robinson (1935-2020), Pádraig Mac Suibhne (1942-2020), Tom O'Donnell (1926-2020); Seán Stafford (1924-2020) agus, beatha iar-chomhghleacaí dár gcuid, Peadar Ó Flatharta (1955–2016).

Seoladh leagan nua de Bhunachar Sloinnte Gaeilge Gaois i mí an Mhárta, agus tá cur síos air anseo.

Ó thaobh na teicneolaíochta de, chuireamar córas nua Logainm ar bun (a fhoilseofar faoi fhoinse oscailte amach anseo), d’fhorbraíomar córas nua Corpas (bunaithe ar NoSketchEngine) agus córas nua Dúchas (a chuimsíonn seinnteoir fuaime dianseasmhach). Cuireadh tús freisin le forbairt clibeálaithe nua ranna cainte agus gnéithe séimeantacha mar chuid den tionscadal Corpas. Seolfar na huirlisí seo faoi cheadúnas foinse oscailte faoi dheireadh an tionscadail ar GitHub agus ar ardáin eile. Bhí bliain den scoth ag ár suíomhanna agus ár n-infreastruchtúr i gcoitinne ó thaobh infhaighteachta de le 10 as 11 dár suíomhanna atá faoi mhonatóireacht ar fáil 99.9% den am agus 4 cinn astu seo ar fáil 100% den am le bliain anuas.

Lean muid den nós atá againn glacadh le mic léinn taithí oibre ó chúrsaí DCU (an MA san Aistriúchán) agus ba deas linn Caitríona, Brian agus Jack a bheith linn don samhradh. Tá ár gcuid mac léinn dochtúireachta ag obair leo go dian ar chúrsaí logainmníochta, ainmneolaíochta agus béaloidis, agus bhí áthas orainn gur bronnadh a chéim PhD ar Justin Ó Gliasáin i mí na Samhna. Anuas air sin bhí cuairt Erasmus+ againn i mí na Samhna ón Ollamh Sergio Portelli, as Ollscoil Mhálta. D’fhág muid slán le cúpla ball foirne a bhí linn le fada, agus thosaigh daoine nua linn.

Foireann Taighde Gaois

Chuir muid páipéir i láthar ag ócáidí i Liospóin, i Marseille, i bPadova agus i Luimneach, agus foilsíodh cúpla alt a bhain leis na tionscadail. Seo thíos iad:

  • Katie Ní Loinsigh, Mícheál Ó Meachair, Gearóid Ó Cleircín, Úna Bhreathnach, Brian Ó Raghallaigh (2022) 'Anailís Dhiacronach Chorpasbhunaithe ar Cheantair Theangeolaíocha na hÉireann'. TEANGA, 29:169–193.
  • Brian Ó Raghallaigh, Andrea Palandri, Críostóir Mac Cárthaigh (2022) ‘Handwritten Text Recognition (HTR) for Irish-Language Folklore’ Proceedings of the 4th Celtic Language Technology Workshop within LREC2022, Marseille, pp. 121–126.
  • Úna Bhreathnach, Mícheál J Ó Meachair, Gearóid Ó Cleircín (2022) ‘Introducing the National Corpus of Irish Project’ Proceedings of the 4th Celtic Language Technology Workshop within LREC2022, Marseille, pp. 99–103.
  • Michal Měchura, Brian Ó Raghallaigh, Úna Bhreathnach, Gearóid Ó Cleircín (2022) ‘Dare to be different: how user needs determine termbase design’ Proceedings of the 1st International Conference on Multilingual Digital Terminology Today (MDTT 2022), Padova.
  • Jonathan Cherry, Brian Ó Raghallaigh, Úna Bhreathnach (2022) ‘Reading Ireland’s colonial and postcolonial toponymic landscapes’. EUROGEO, Lesvos.
  • Úna Bhreathnach (2022) 'Crònica de la X Cimera de l’Associació Europea de Terminologia' Terminàlia, 25:64–65.
  • Mícheál J Ó Meachair, Colm Ó Ciardubháin, Gearóid Ó Cleircín, Úna Bhreathnach (2022) ‘The National Corpus of Irish: Supporting Educators and Creators of Educational Materials’ 15th Teaching and Language Corpora (TaLC) Conference, Luimneach.
  • Jamie Murphy (2022) ‘An gá cosa crainn a chur faoi chearc gach uair?’ An Ghaeilge agus an Téarmeolaíocht, Baile Átha Cliath.
  • Gearóid Ó Cleircín (2022) ’An téarmeolaíocht i dtráth paindéime’ An Ghaeilge agus an Téarmeolaíocht, Baile Átha Cliath.
  • Jamie Murphy, Gearóid Ó Cleircín (2022) ‘Assessing term implantation in a minority language using Quirion’s standard research protocol’. LSP 2022:Shaping knowledge through language: LSP in theory and practice, Liospóin.

*Tá na sonraí uile ceart don bhliain 01.12.21 - 01.12.22

Údair: Úna, Gearóid, Brian