Gaois

Tuairisc ar obair 2024

Agus 2024 ag teacht chun críche, seo thíos spléachadh ar a raibh ar bun ag foireann Gaois le bliain anuas (tá na sonraí uile ceart don tréimhse 01.12.23 - 01.12.24).

Tá togra idir lámha againn ar thionscadal Logainm i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha agus leis na húdaráis áitiúla chun leaganacha cruinne Gaeilge a sholáthar do bhreis agus 13,200 sráidainm. Iarracht atá sa mhéid seo an bhearna atá ann maidir leis na leaganacha Gaeilge de na sráidainmneacha a líonadh agus a sholáthar don phobal ar Logainm.ie. Pléadh na mionlogainmneacha san Irish Times i mí Iúil agus thug Diarmaid Ó Maoileoin caint ar obair na sráidainmneacha ag Comhdháil na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair. Labhair Úna Bhreathnach faoi Mheitheal Logainm.ie ag an ócáid chéanna.

Ghlac Brian Ó Raghallaigh páirt i Scéim Phíolótach Thaisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) chun bailiúcháin sonraí taighde oidhreachta a chur le Taisclann an DRI. Mar thoradh ar an obair seo, cuireadh taifeadtaí fuaime Logainm ó Chontae na hIarmhí leis an Taisclann. Tuilleadh faoi seo anseo agus anseo.

Rinneadh an réamhobair ar leagan nua de Mheitheal Logainm.ie a bheidh le teacht sa bhliain nua. Ina theannta sin, cuireadh 3 bhailiúchán bhreátha le suíomh na Meithle i mbliana:

  1. Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe - R6 2023. Foilsíodh alt ar Tuairisc.ie maidir leis an mbailiúchán céanna.
  2. Cumann Staire & Cultúrtha Bhaile Chláir na Gaillimhe.
  3. Mionainmneacha Chontae Mhuineacháin.

D’eagraigh muid féin agus an Brainse Logainmneacha ceardlann ar an 10 Bealtaine chun plé a dhéanamh ar na naisc idir na logainmneacha agus na crainn. D’óstáil muid Comhdháil Earraigh an Society for Name Studies in Britain and Ireland (SNSBI) chomh maith ar an 11 agus 12 Bealtaine. Tá blagmhír anseo faoin scéal.

Cúpla íomhá ón gCeardlann agus ó chomhdháil SNSBI.

Tá tionscadal téarma.ie (focal.ie mar a bhí fadó) fiche bliain d’aois i mbliana, ach ní hé sin le rá go bhfuil obair théarmeolaíochta na Gaeilge i gcrích. Go deimhin, d’iarr Ireland AM Gearóid Ó Cleircín ar an seó i mí Lúnasa le caint faoin scéal, agus foilsíodh alt ar an Irish Independent faoi freisin; labhair Úna Bhreathnach ag an Electric Picnic chomh maith. Foilsíodh Terminology Science & Research/Terminologie: Science et Recherche No. 27 (2024): Terminology and Sustainability, agus Úna ina comheagarthóir air. Rinne muid taighde ar théarmaí intleachta saorga, agus, i gcomhar le Taisclann Dhigiteach na hÉireann, ar théarmaí cartlannaíochta. D’fhoilsigh Gearóid Ó Cleircín agus Jamie Murphy alt in TEANGA inar scrúdaigh siad úsáid téarmaí teicneolaíochta faisnéise na Gaeilge. Bhí muid páirteach freisin i líonra Eorpach ENEOLI a phléann le nuafhocail agus an nuálaíocht teangeolaíochta.

An Dr Gearóid Ó Cleircín faoi agallamh ag an Irish Independent.

Rinneadh Terminologue a logánú go dtí 5 theanga nua (Tuircis, Catalóinis, Bascais, Sínis thraidisiúnta agus Fraincis) agus thug duine de na haistritheoirí sin, Hsinwei Tseng, cuairt orainn i mí Bealtaine le cúrsaí a phlé. Bhain seisean úsáid as Terminologue le téarmaí troisc a bhainistiú. Tá os cionn 3,000 úsáideoir ag an gcóras anois, agus is féidir staitisticí úsáide na suíomhanna uile (atá á mbailiú ón 1 Eanáir againn leis an mbogearra Plausible in ionad Google Analytics) a sheiceáil ag suíomh eile a chuir muid ar fáil i mbliana, stats.gaois.ie. Is léir uaidh sin gurbh é Téarma an suíomh ba mhó úsáid, le 560,000 amas sa mhí ar an meán, ach go raibh Dúchas sna sála air, le 548,000 amas sa mhí.

Seans go bhféadfaí ‘téarma na bliana’ a bhaisteadh ar cheann acu seo:

IS don Chomhshaol = AI for Green
staid an airgeadais phoiblí = position of public finances
comharbhunú = friend-shoring
athdhúlraigh = rewild
timréiteach = workaround
fubáil = phubbing
toiliú gníomhach = active consent
réamhbhréagnaigh = prebunk
suantiomáint = sleep driving

Tiocfaidh deireadh le Tionscadal LEX go hoifigiúil ag deireadh na bliana. Tionscadal tábhachtach idirnáisiúnta ab ea é seo atá ar bun ó 2007 i leith idir Gaois, an Coiste Téarmaíochta agus aonaid aistriúcháin Gaeilge an AE. Réachtáladh cruinniú stiúrtha deiridh an tionscadail — an 36ú ceann!! — sa Bhruiséil ar an 14 Samhain, agus thug Christos Ellinides, Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin san AE, óráid ag fáiltiú i ndiaidh an chruinnithe inar ghabh sé buíochas le rannpháirtithe an tionscadail. Dúinne a bhí páirteach sa tionscadal ón tús, bhí sé cineál brónach slán a fhágáil leis an mBruiséil agus lenár gcairde sna hinstitiúidí ansin don uair dheireanach.

Cuid den mheitheal a d’oibrigh ar théarmaí IATE ag éisteacht le Christos Ellinides (Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin san AE) ag an ócáid cheiliúrtha sa Bhruiséil.

Foilsíodh 12 bheatha nua ar Ainm i mbliana - cúig cinn i mí Aibreáin agus seacht gcinn i mí Dheireadh Fómhair: Máire Mhac an tSaoi, Joe Steve Ó Neachtain, Caitríona Hastings, Pádraig Ó hAoláin, Anders Eric Olof Ahlqvist, Tom Sailí Ó Flaithearta, Ruairí Ó Bléine, Séamus Ó Muirí, Anraí Mac Giolla Chomhaill, Breandán Ó Madagáin, Brian Ó Maoileoin agus Peadar Ó Cúláin. Tá an obair ar bheathaí 2025 ar siúl cheana féin. Leanadh leis na cruinnithe eolais le muintir an Dictionary of Irish Biography in Acadamh Ríoga na hÉireann. Rinneadh go leor oibre ar na hiontrálacha comónta sa dá bhunachar lena dheimhniú gur ag teacht lena chéile atá siad ó thaobh eolais de agus go bhfuil nasc ag na hiontrálacha sin i suíomh a chéile. Labhair Orlaith Hickey faoi ionadaíocht na mban sa bhunachar san aiste ‘Cérbh í fhéin? Saolta ban & Ainm.ie’ a craoladh ar an gclár ‘Aistí ón Aer’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 30ú Iúil 2024.

Cuireadh breis is 100 imleabhar nua-dhigitithe ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní ar fáil ar shuíomh Dúchas i gcaitheamh na bliana seo. Ina measc, tá seanchas agus scéalaíocht, ceistneoirí faoi théamaí ar leith agus dialanna na mbailitheoirí lánaimseartha. Rinneadh roinnt forbairtí éagsúla ar an suíomh le bliain anuas a chuir le feidhmiúlacht an tsuímh. San áireamh sin cuireadh rangú breise ‘amhránaíocht’ ar fáil le hábhar ón bPríomhbhailiúchán a scagadh. Tá an chlibeáil seo déanta i gcás na n-imleabhar nua ar fad agus tá go leor amhrán a foilsíodh cheana clibeáilte freisin. (Cé go bhfuil obair mhór déanta againn len iad seo ar fad a aimsiú, is cinnte go mbeidh cúpla lúb ar lár agus ba mhór againn aon aiseolas ina leith seo.) Is féidir teacht ar na hamhráin ar fad a clibeáladh go dtí seo anseo. Tá breis is 1,500 amhrán sa chnuasach seo faoi láthair.

Tá rangú níos cuimsithí ar fáil i gcás an Bhailiúcháin Fuaime ar cuireadh go leor ábhar nua leis i gcaitheamh na bliana seo. Foilsíodh ábhar fuaime ó breis is 100 taifead le linn chéad leath na bliana agus foilsíodh ábhar ó 300 diosca aicéatáite ag Oireachtas na Samhna. Bhí na taifeadtaí seo ar na cinn ba luaithe a rinne an Coimisiún agus tá siad ar fáil anois ar ardchaighdeán digiteach den chéad uair riamh. Baineann an t-ábhar fuaime seo ar fad leis na 1940í den chuid is mó. Is féidir teacht ar na taifeadtaí ó na dioscaí aicéatáite anseo. Tá tuilleadh eolais faoin ábhar fuaime ar fáil sa bhlagmhír seo a foilsíodh le déanaí.

Seoladh baisc grianghraf ag an Oireachtas freisin, 226 ghrianghraf a bhaineann leis an tSeirbhís Foraoiseachta. Taispeánann na grianghraif seo an obair a bhí ar bun ag an tSeirbhís idir na 1940idí agus 1980idí i bhforaoisí timpeall na tíre, go háirithe Cill Mhantáin, Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin.

Tara Nic Cana agus Orlaith Hickey ag seastán na Scoile ag an Oireachtas.

Bhí lúchair orainn cuairt a thabhairt ar Chontae Mhaigh Eo le linn Sheachtain na Gaeilge le ceardlanna a reáchtáil i gCeathrú Thaidhg agus i gCaisleán an Bharraigh. Phléigh Jeaic Mag Fhinn úsáid shuíomh Dúchas agus na hacmhainní éagsúla atá ar fáil ann, agus caitheadh súil ar roinnt scéalta is seanchais a bailíodh go háitiúil. Tugadh cluas éisteachta freisin do rogha taifeadtaí fuaime a bhailigh fear de bhunadh na háite, Leo Corduff, sa cheantar máguaird.

Jeaic Mag Fhinn ar camchuairt i Maigh Eo!

Rinneadh an-obair i mbliana ar chomhthionscadal canúintí le RTÉ, a mbeidh a thoradh le feiceáil go luath an bhliain seo chugainn. Go deimhin, caitheadh go leor ama i mbun tras-scríofa, agus tá blagmhír faoi sin anseo.

Tháinig deireadh le tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe ar an 7 Nollaig tar éis 3 bliana go leith. Beidh suíomh a léireoidh cuid de thorthaí an tionscadail ar fáil ó mhí Eanáir ar aghaidh ag an seoladh www.hiddenheritages.ai. Comhthionscadail idir Gaois DCU, UCD, The University of Edinburgh, Durham University agus Indiana University a bhí sa tionscadal seo a mhaoinigh an AHRC agus an IRC. Beidh torthaí iomlána an tionscadail á bhfoilsiú i bhfoirm leabhair foilsithe (faoi rochtain oscailte) ag Edinburgh University Press an bhliain seo chugainn, tá súil againn.

Chaith muid go leor ama i mbliana i mbun Chorpas Náisiúnta na Gaeilge a fhorbairt agus go leor ama, freisin, ag próiseáil agus ag réiteach sonraí. Ní furasta 100,000,000 focal a ionramháil! Bhí lá den scoth againn ar an Aoine 29 Samhain nuair a seoladh é. Chuir muid crann darach, reáchtáil muid seimineár, agus sheol an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín an Corpas go hoifigiúil. Is féidir alt san Irish Times faoin gCorpas a léamh anseo; tá gailearaí ag Tuairisc.ie anseo.

Crann an Chorpais á chur ag Mícheál Ó Meachair, le cúnamh óna mhac Páidí.

Bhí deis ag mic léinn an MA i Léann na Gaeilge foghlaim faoi chúrsaí corpais agus a gcuid corpas féin a chruthú is a thástáil; thug mic léinn fochéime faoi obair théarmeolaíochta agus ainmneolaíochta. Bhí deis againn arís i mbliana glacadh le mic léinn taithí oibre ó DCU (an MA i Léann an Aistriúcháin) agus ó UL, agus ba dheas linn Grace, Fírinne agus Pádraig a bheith linn i rith an tsamhraidh. Tá ár gcuid mac léinn dochtúireachta ag obair leo go dian ar chúrsaí logainmníochta, béaloidis, ainmneolaíochta agus NLP.

Foilseacháin

Chuir muid páipéir i láthair ag ócáidí i Heilsincí, in Innsbruck, i Liúibleána, sa Bhruiséil, in Reykjavík, agus ar fud na hÉireann (Comhdháil na Gaillimhe, IRAAL, Léachtaí Cholm Cille, Glór na dTaighdeoirí, agus araile), agus foilsíodh cúpla páipéar a bhain leis na tionscadail nó le réimsí taighde a bhfuil spéis ag an bhfoireann iontu. Seo thíos iad.

Foilseacháin:

  • Orlaith Hickey, ‘Faoi chois ar dhá chúis: Teoiric an fheimineachais agus gannionadaíocht na mban i stair na mbeathaisnéisí’ in Irisleabhar Mhá Nuad (2024).
  • Colm Mac Gearailt, ‘The Purpose of Irish History in Secondary Schools, 1924–1969’ in Nicole Volmering, Claire M. Dunne, John Walsh and Noel Ó Murchadha (eds), Irish in Outlook: A Hundred Years of Irish Education (Oxford, 2024) pp 191–221.
  • Ciarán Mac Murchaidh, ‘The Irish language in Sligo in the eighteenth and nineteenth centuries’ in William Nolan & Kieran O’Conor (eds), Sligo history and society: Interdisciplinary essays on the history of an Irish county (Dublin, 2024).
  • Gearóid Ó Cleircín & Jamie Murphy, ‘Measúnú ar Ionphlandú Téarmaí Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide sa Ghaeilge: Cur chuige corpasbhunaithe. TEANGA, the Journal of the Irish Association for Applied Linguistics, 31, 142–161. https://doi.org/10.35903/teanga.v31i.7543

Cainteanna comhdhála:

  • Andrea Palandri, ‘The Irish Adaptation of Marco Polo’s Studies’, páipéar ag Marco Polo and the European Image of Asia, 14–16 Samhain 2024, University of Innsbruck, Austria.
  • Andrea Palandri, ‘Canúint.ie: Atlas Digiteach na gCartlann Fuaime’, Léachtaí Cholm Cille, Aibreán 2024, Ollscoil Mhaigh Nuad.
  • Brian Ó Raghallaigh, ‘Irish-language naming and renaming of state, semistate and private sector bodies in Ireland', páipéar ag The 28th International Congress of Onomastic Sciences, 19–23 Lúnasa 2024, Ollscoil Helsinki.
  • Ciarán Mac Murchaidh, ‘“Little grey cells”: solving auctorial and bibliographical issues in the early nineteenth-century translations of an eighteenth-century Irish-language text’, páipéar ag Comhdháil Bhliantúil Chumann Éire san Ochtú Céad, 20–21 Meitheamh 2024, Ollscoil na Gaillimhe.
  • Diarmaid Ó Maoileoin, ‘Ómós áite i gcomhthéacsanna uirbeacha: Sracfhéachaint ar ghnás ainmnithe na sráidainmneacha’, páipéar ag Comhdháil na Gaillimhe, 27–28 Meán Fómhair 2024, Ollscoil na Gaillimhe.
  • Mícheál Ó Meachair, ‘Turas trí thionscadal taighde Chorpas Náisiúnta na Gaeilge’ plé ar fheidhmeanna cuardaigh an tsuímh agus ar na sonraí a tiomsaíodh ag IRAAL 2024 in UCC.
  • Mícheál Ó Meachair, ‘NLP and corpus linguistic tasks: Current work and challenges for the Irish language’ míniú agus plé mar gheall ar na tascanna faoi chomaoin ag foireann an tionscadail, agus aird ar leith ar na gnéithe NLP, ag Celtic Languages in the Digital Age, Ollscoil Lancaster.
  • Mícheál Ó Meachair agus Úna Bhreathnach, ‘Corpas Náisiúnta na Gaeilge’ caint mar gheall ar na cineálacha éagsúla sonraí a bheidh ar fáil i gcorpais an tionscadail, agus aird ar leith againn ar Chorpas Labhartha na Gaeilge, ag Oireachtas na Samhna 2024 i gCill Áirne.
  • Orlaith Hickey, ‘Marginalised Lives: Women in Irish-language history as seen in the Ainm biographical database’, páipéar ag an International Auto/biographical Association Conference, 12 Meitheamh 2024, Ollscoil Reykjavík.
  • Orlaith Hickey, ‘Teoiric an fheimineachais i gcomhthéacs tionscadal ‘daoine ar iarraidh’ i mbeathaisnéisí’, páipéar ag Glór na dTaighdeoirí, 15 Márta 2024, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
  • Úna Bhreathnach, ‘A comparison between Irish and Slovenian ad hoc terminology approaches and results’, páipéar ag seimineár idirnáisiúnta sa Fran Ramovš Institute of the Slovenian Language ZRC SAZU ‘Ad hoc Terminology Work: Lessons Learned and Challenges for the Future / Ad hoc terminološko delo: pridobljena spoznanja in izzivi za prihodnost’, 15 Aibreán 2024, Liúibleána.
  • Úna Bhreathnach, caint ar thionscadail Gaois ag Ceardlann Language Data Space, eagraithe ag eStór, 10 Deireadh Fómhair 2024, Baile Átha Cliath.
  • Úna Bhreathnach, ‘Meitheal Logainm.ie agus caomhnú loirg áite’ páipéar ag Comhdháil na Gaillimhe, 27–28 Meán Fómhair 2024, Ollscoil na Gaillimhe.
  • Colm Mac Gearailt, ‘Feachtais Teilifíse Chonradh na Gaeilge, an t-Impiriúlachas Cultúir, agus díospóireachtaí an “Dara Bhealaigh”, 1973-80’, 6 Samhain 2024, Sraith Seimineár Taighde 2024 – 2025, Fiontar & Scoil na Gaeilge.