Gaois

Ceardlann Leathlae: Uirlisí chun Mionlogainmneacha a Chomhroinnt

Beidh an 26ú comhdháil bhliantúil de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) á reáchtáil in Ollscoil Mhá Nuad idir an 15-18 Aibreán. Pléifear gnéithe éagsúla den ainmeolaíocht in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór le linn na comhdhála. Beidh nasc faoi leith ag cuid de na páipéir a thabharfar ann leis an obair reatha atá idir lámha in Fiontar, mar shampla, tabharfar páipéar bunaithe ar an tionscadal Dúchas.ie agus a thairbhe mar fhoinse logainmníochta mar aon le páipéar dírithe ar bhunachar sloinnte a chruthú. Chomh maith leis sin, beidh páipéir á gcur i láthair ag baill foirne ón mBrainse Logainmneacha agus tabharfar tuairisc tionscadail mar gheall ar an tionscadal Logainm.ie freisin.

Mar chuid de chomhdháil SNSBI, beidh ceardlann leathlae á reáchtáil ag Fiontar, chun comhroinnt mionlogainmneacha a phlé. Beidh an áis nua, Meitheal Logainm.ie á léiriú ag an gceardlann. Is uirlis nua í an Mheitheal chun sonraí logainmníochta a bhailiú, a stóráil agus a roinnt. Beidh an cheardlann seo suimiúil do chumainn áitiúla logainmneacha agus staire, do thaighdeoirí ar mian leo cur leis an Meitheal, agus do bhaill de chumainn idirnáisiúnta ar mhaith leo acmhainní den chineál céanna a fhorbairt.

Beidh an cheardlann á reáchtáil trí Bhéarla. Is féidir clárú don cheardlann ach an fhoirm seo a líonadh isteach agus a aighniú faoin 31 Márta 2016.

Seo a leanas na haoichainteoirí a bheidh i láthair ar an lá:

  • David Parsons (Ollscoil na Breataine Bige) and Owain Roberts (Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige), a labhróidh faoi thaighde logainmneacha sa Bhreatain Bheag.
  • Joan Mullen, Comhordaitheoir Tionscadail, Ainmneacha Páirce na Mí a labhróidh faoin tionscadal sin.
  • Brian Ó Raghallaigh, Fiontar, a léireoidh Meitheal Logainm.ie.
  • Pádraig Ó Cearbhaill, an Brainse Logainmneacha a labhróidh mar gheall ar bhailiú mionlogainmneacha in Éirinn.