Gaois

Maidir leis an gcuardach corpais

Is féidir cuardach lántéacs a dhéanamh ar dhá cheann de chorpais téacsanna ar an suíomh seo, mar atá, Corpas na Gaeilge Comhaimseartha agus corpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla. Cabhróidh an t-eolas ar an leathanach seo leis an úsáideoir an tairbhe is fearr a bhaint as na hacmhainní seo.

Cuardach a dhéanamh

Úsáidtear an bosca cuardaigh ag barr an leathanaigh chun cuardach a dhéanamh. Is féidir téarma cuardaigh aonair nó frása ilfhoclach a chlóscríobh sa bhosca seo. Brúigh an cnaipe cuardaigh (an ghloine formhéadúcháin), nó an eochair iontrála ar do mhéarchlár, leis an gcuardach a thosú.

Taispeánfar na torthaí cuardaigh, más ann dóibh, tar éis achar gairid. Dá shainiúla iad na téarmaí cuardaigh is ea is tapúla a bheidh an cuardach. Bíonn níos mó ama i gceist le réamhfhocal simplí aonair a chuardach, mar shampla, ná mar a bhíonn i gcás frása ina bhfuil roinnt focal. Taispeántar líon iomlán na dtorthaí a aimsíodh, mar aon le líon iomlán na ndoiciméad inar aimsíodh torthaí, ag barr liosta na dtorthaí cuardaigh. Má tá go leor torthaí cuardaigh ann roinnfear na torthaí thar níos mó ná leathanach amháin. Tá áiseanna ar fáil ag bun agus ag barr liosta na dtorthaí cuardaigh chun gluaiseacht ó leathanach go leathanach nó chun leathanach faoi leith a oscailt.

Ní léireofar, ar a mhéad, ach an chéad 10,000 toradh is fearr a fhreagraíonn do na téarmaí cuardaigh. Má tá níos mó ná 10,000 toradh ar chuardach sa chorpas taispeánfar ‘10,000**+**’ mar líon torthaí. Déantar amhlaidh chun nach mbeidh ualach próiseála róthrom i gceist a chuirfeadh isteach ar an tseirbhís i gcomhair úsáideoirí eile.

Ar an gcúis chéanna, ní cheadaítear na cineálacha cuardaigh seo a leanas a dhéanamh (ní aimseofar torthaí ar bith):

  • Cuardach ar charachtar aonair.
  • Cuardach ar charachtair phoncaíochta leo féin.
  • Cuardach ar an alt uatha (Béarla amháin) ná iolra leis féin (e.g. ‘a’, ‘an’, ‘na’, ‘the’).
  • Cuardach ar fhorainm leis féin (e.g. ‘mé’, ‘í’, ‘sí’, ‘you’, ‘them’).

Modhanna cuardaigh

Roghnaítear an modh cuardaigh faoi bhun an bhosca cuardaigh. Bíonn tionchar ag an modh cuardaigh ar na torthaí a aimsítear. Tá dhá mhodh cuardaigh ar fáil:

  • ‘An frása seo gan athrú’ - Ní aimseofar ach torthaí ina bhfuil na téarmaí cuardaigh le fáil leis an litriú céanna agus san ord céanna inar clóscríobhadh iad sa bhosca cuardaigh.
  • ‘Cuardach leathan’ - Sa bhreis ar na cineálacha torthaí a aimsítear agus an modh cuardaigh ‘An frása seo gan athrú’ i bhfeidhm, aimseofar torthaí ina bhfuil leaganacha infhillte agus leaganacha malartacha de na téarmaí cuardaigh. Ní gá gurb ionann ord na bhfocal sna torthaí agus ord na bhfocal sna téarmaí cuardaigh.

Tabhair do d'aire go ndéantar carachtair mar chomharthaí athfhriotail, lúibíní agus réiltíní a eisiamh ón gcuardach, is cuma cén modh cuardaigh atá roghnaithe. Ní hé nach n-éireoidh le do chuardach má tá na carachtair seo le fáil i gceann de na téarmaí cuardaigh ach ní úsáidfear iad chun na torthaí a scagadh.

Torthaí a scagadh

Is féidir cuardach níos sainiúla a chur i gcrích ach leas a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na scagairí atá ar fáil ar leathanach na dtorthaí. Bíonn na scagairí seo suite faoi bhun rogha na modhanna cuardaigh, i gcás gléasanna móibíleacha, agus ar thaobh na láimhe deise den scáileán i gcás ríomhairí glúine nó deisce. Is féidir na scagairí seo a leanas a úsáid:

  • ‘Bailiúcháin’ - Scagtar na torthaí de réir an bhailiúcháin téacsanna lena mbaineann siad. Is gnách go mbaineann bailiúchán le foilseachán nó le foilsitheoir faoi leith.
  • ‘Foirmeacha na bhfocal’ - Ní mór ‘Cuardach leathan’ a roghnú mar mhodh cuardaigh leis an scagaire seo a úsáid. Cuireann an scagaire seo ar do chumas foirmeacha áirithe de na focail sna téarmaí cuardaigh a eisiamh ón gcuardach. Bheadh sé seo úsáideach, mar shampla, chun samplaí de théarma cuardaigh san uimhir iolra a chur as an áireamh.

Agus an scagaire cumasaithe is gá an cnaipe ‘Scag’, nó an cnaipe cuardaigh (an ghloine formhéadúcháin), a bhrú leis an gcuardach a rith.

Ord liostaithe na dtorthaí

Déantar iarracht na sleachta téacs is fearr a fhreagraíonn do na téarmaí cuardaigh a thaispeáint ar dtús i liosta na dtorthaí cuardaigh. Bíonn an tsórtáil a dhéantar ar thorthaí cuardaigh bunaithe ar chritéir éagsúla lena n-áirítear:

  • An chosúlacht idir na téarmaí cuardaigh agus na focail sa téacs - Bronntar luach níos airde ar théacsanna ina bhfuil na téarmaí cuardaigh le fáil gan athrú nó ina bhfuil an chuid is mó de na téarmaí cuardaigh le fáil (ag brath ar an modh cuardaigh atá roghnaithe).
  • Minicíocht na dtéarmaí cuardaigh sa téacs - Bronntar luach níos airde ar théacsanna má aimsítear na téarmaí cuardaigh, nó cuid díobh, roinnt áiteanna sa téacs.
  • Cóngaracht na dtéarmaí cuardaigh dá chéile sa téacs - Bronntar luach níos airde ar théacsanna má aimsítear na téarmaí cuardaigh, nó cuid díobh, cóngarach dá chéile sa téacs.
  • Fad an téacs - Bronntar luach níos airde ar théacsanna gearra ina n-aimsítear na téarmaí cuardaigh in áit amháin nó roinnt áiteanna sa téacs.