#1809533
Deir grúpa saineolaithe sláinte sa tír seo nach bhfuil dóthain rialacha sláinteachais i bhfeidhm in ollmhargaí le scaipeadh an choróinvíris a chosc.
Maíonn Gréasán Sláinte Dhomhanda na hÉireann cé go bhfuil cúrsaí sláinteachais feabhsaithe in ollmhargaí le roinnt laethanta go bhfuil cleachtais éagsúla i bhfeidhm ó áit go háit.
De réir treoirlínte atá eisithe ag an eagraíocht, ba cheart do chustaiméirí earraí a bhaint den tseilf lena láimh is laige, íocaíocht gan tadhall a dhéanamh agus gan a lámha a leagan ar aon dromchla.
Ba cheart do shiopadóirí freisin, a deir siad, earraí a chuimilt le ceirt ghlan nuair a théann siad abhaile.
Molann na saineolaithe d'ollmhargaí chomh maith tralaithe, ciseáin agus na gléasanna airgid ag an scipéad a ghlanadh go rialta.
Dúirt urlabhraí na heagraíochta Niall Roche gur féidir leis an gcoróinvíreas maireachtáil ar ábhar plaisteach agus ar chruach dhosmálta ar feadh suas le 72 uair a chloig agus ar chairtchlár ar feadh 24 uair.
Ina fhianaise sin, a dúirt sé, ba cheart d'ollmhargaí na cleachtais atá i bhfeidhm in ionaid sláinte a thabhairt isteach iad féin, ar mhaithe le daoine leochaileacha go háirithe.
Tá an leagan Gaeilge de leabhrán eolais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le Covid-19 ar fáil anseo.