#134197
Meastóir amháin ag úscadh méine: bhronn Lise féinmheas air, in ionad é a struipeáil de!
Meastóir amháin ag úscadh méine: bhronn Lise féinmheas air, in ionad é a struipeáil de!
Tosaíonn na muisiriúin ag úscadh lacht ar dhath na fola,
Tosnaíonn na muisriúin ag úscadh lacht ar dhath na fola leis an bhfaobhar.
Úscadh DNA as na horgánaigh a bhí sa sampla agus rinneadh seicheamhú air.
Ligeadh súimín uisce beatha a úscadh go cúramach isteach idir a dhá chab.
Bhí a stocaí tar éis triomú amach agus iad fós á gcaitheamh aige ach anois mhothaigh sé an taise ag úscadh isteach arís.
Tá créachta Vítneam oscailte arís ag an gcomóradh sna Stáit Aontaithe, cúig bliana fichead de ghortuithe nár chneasaigh, mar a bheidís ag úscadh faoi thalamh sna tolláin.
An pagóda in aice Leisureland ár n-ionad coinne an samhradh meala úd, na caisí cainte ag úscadh as tábhairne Lonergan’s — idir óltóirí agus shiúltóirí ag baint taithnimh as an saol.
Mhothaigh sé an t-allas ag úscadh óna ascaillí agus ag briseadh amach ar a chliabhrach agus ar a dhroim.
Braithim coiscéim mo sheacht sinsear a tháinig romham ag úscadh aníos as an gcosán seanda seanchaite seo.
Bhog comhlachtaí eile isteach sa réigiún ina dhiaidh sin agus ba ghearr gur fhógair an rialtas go gcaithfí an talamh a ghéilleadh do thaiscéaladh is úscadh na hola.
Níl oiread is comhartha amháin ná léarscáil ná eolas don chuairteoir i dtaobh phríomheipic liteartha na hÉireann atá fite chomh dlúth sin leis an tírdhreach mórthimpeall gur ar éigean más féidir sliabh, féith, mullach ná sruthán a fheiscint gan rian na Tána a bhrath ag úscadh tríothu.
Idir dhúchas agus ghaois á n-úscadh den uile leathanach den tseoidín seo.’ Sin é thuas an t-aitheasc nó an blurba atá ar chlúdach cúil An Nollaig sa Naigín, agus is é is suntasaí faoi mar ráiteas ná an réimsiúlacht a bhaineann leis an aitheasc céanna: an uile aois faoi chaibidil ann, éagsúlacht na mothúchán agus uilíochas tíreolaíoch, rud a fhágann gur saothar domhanda, saothar trasteorannach, saothar traschultúrtha é seo.
Péire ab ea iad, gan amhras, an bheirt Fhrancach Verlaine agus Rimbaud, ach ní shamhlóinn go deo nóta dáiríreachta ‘Mo Bheirt Phailistíneach’ ach leis an tríú duine—má shamhlóinn—‘putóg ag úscadh as a bholgsan/ mar fheamainn ar charraig’.
Seo mar is cuimhin léi laethanta an tsonais: ‘Bainne na maidine ag úscadh tríd an bhfuinneog, an tsráid amuigh ag mealladh na bpáistí, is mian liom dul ag súgradh i mo ríocht féin.’ San 1940idí, áfach, b’éigean do Rose Ausländer conair na deoraíochta a thabhairt uirthi féin, ó Bhúcairist go Nua-Eabhrac, as sin go Vín na hOstaire i 1964, go Düsseldorf fós, agus ar fud na hEorpa ina seachránaí mar ba dhual do chlanna na nGiúdach riamh anall.
Faightear íomhá scáfar den bheirt Phalaistíneach dhúnmharaithe seo i dteas bocht an Mheánoirthir, a léiríonn uafás a mbáis: a hinchinn sicín ag aiseag ar an bpiliúr putóg ag úscadh as a bholgsan mar fheamainn ar charraig, Ar an drochuair, mhairfeadh an t-aighneas idir an dá thír sin gan réiteach ceart go dtí an lá inniu.
Airím na focail a scríobh ceann fine le tine, le cruach is le fuil: “Ba mhaith an troid í, a Neansaí!” ar chosán na lice fuaire ar Shráid Uí Mhórdha lochán cródhearg ag úscadh isteach sa silteán sráide is an bheatha ag éalú a chlaíomh soilseach mar scáthán ar spéir an earraigh.