#136901
Seo liosta de ghnáthfhocail a bhfuil an foirceann caol céanna acu (an díochlaonadh idir lúibíní) ach nach bhfuil aon chosúlacht ghramadúil eile acu: tá nóiméid (1) ina ghinideach ach giuirléid (2) ina ainmneach uatha ach ciall iolra leis; tá gaoil (1) ina ghinideach agus maoil (2) ina ainmneach; tá fóid (1) ina ghinideach agus móid (2) ina ainmneach; tá eitleáin (1) ina ghinideach agus cráin (5) ina ainmneach; tá clis (1) ina ghinideach agus dris (2) ina ainmneach; tá focail (1) ina ghinideach agus trucail (2) ina ainmneach; tá iúir (1) ina ghinideach agus stiúir (5) ina ainmneach; tá bóthair (1) ina ghinideach agus gábhair (2) ina ainmneach; tá anacair (3) ina ainmneach agus cabhair