Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

13 toradh in 9 ndoiciméad

  1. #1116176

    I rith an achair sin chuir sé aithne ar scoláirí móra ar nós an Íosánaigh John van Bolland údar na gcéad imleabhar den saothar mór Íosánach, Acta Sanctorum (1643).

  2. #1116702

    Lean an tAthair Tomás Ó Sirin leis an obair agus bhí réidh le foilsiú aige atheagar a bhí curtha aige ar Acta Sanctorum ...

  3. #1122074

    Scríobh a mhac, Dr Arthur Holmer, An Roinn Teangeolaíochta agus Foghraíochta, Ollscoil Lund, cuntas air in Acta Americana, 1994 [1995].

  4. #1135994

    Ba é Liam a sheol Acta Medica Gadelica (nach maireann), foilseachán an Acadaimh, agus ba é féin an t-eagarthóir.

  5. #1116158

    Tá cur síos ar an tionscnamh freisin ag Richard Sharpe in Medieval Irish Saints’​ Lives: an introduction to Vitae Sanctorum Hiberniae, 1991 (go háirithe i gcaibidil a dó: ’​The Background to Acta Sanctorum Hiberniae’​).

  6. #1116182

    Deir Breatnach: ’​Ward’​s reputation as “the Bollandus of Ireland” rests primarily, as is well known, on the estimation of contemporaries who were his enthusiastic collaborators, not on authorship of any major published hagiographical oeuvre.’​ Léiríonn sé gurb é príomhfháth an ardmheasa seo gur theastaigh ó Sheán Mac Colgáin[q.v.], údar Acta Sanctorum Hiberniae, 1645, gurbh é ainm Mhic an Bhaird a thabharfaí mar údar ach nach ligfeadh a uachtaráin ná a chairde dó sin a dhéanamh.

  7. #1118941

    Fuair sé pátrúnacht ó Thoirdhealbhach Mac Cochláin[q.v.] chun ‘Réim Ríoghraidhe na hEreann agus Seanachas na Naomh’​ a chur le chéile agus is ag an bpointe sin a liostáil sé Fear Feasa Ó Maoilchonaire, Cúchoigríche Ó Cléirigh[q.v.], a chol naonúir, agus Cúchoigríche Ó Duibhgeannáin mar chúntóirí: sin iad na fir a d’​ainmnigh Seán Mac Colgáin[q.v.] in Acta Sanctorum Hiberniae mar na Ceithre Máistrí (‘The Four Masters’​ le Pól Breathnach in The Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 agus Studies, 24, 1935); thug deartháireacha Mhichéil, Maolmhuire Ó Cléirigh (An tAthair Bernardin OFM) agus Conaire Ó Cléirigh, agus Muiris Mac Torna Uí Mhaoilchonaire cabhair freisin.

  8. #1124156

    Gheofar eolas i dtaobh Aibhistín in Inniu 2 Meitheamh 1972 (‘Aibhistín Valkenburg ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’​) agus in Acta: Provincial Chapter 1992, 1992 mar a bhfuil cuntas ag Hugh Fenning O.P.

  9. #1039132

    Flaithrí Ó Maolchonaire a bhunaigh an coláiste le tacaíocht ó Philib III na Spáinne agus ón Phápa Pól V; Mícheál Ó Cléirigh a d'fhill ar Éirinn le lámhscríbhinní a bhailiú agus stiúir a dhéanamh ar scríobh Annálacha Ríoghachta Éireann nó na Ceithre Máistrí agus John Colgan a scríobh Acta Sanctorum Hiberniae nó Beathaí na Naomh.

    Filleadh fada na nIarlaí – Gan údar