Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

16 toradh in 9 ndoiciméad

  1. #366552

    An tionchar teangeolaíoch a bheidh ag Comhaontú Pháras ar an nGaeilge, measaim, ná go gcuirfidh sé dlús le próiseas atá ar siúl cheana féin: déanfaidh sé teanga uirbeach di faoi dheireadh is faoi dheoidh.

  2. #1264863

    Tarraingeoidh an droim láimhe a thug Trump le Comhaontú Pháras aird níos mó abhus, agus san AE b’fhéidir chomh maith, ar na spriocanna a bhaineann le haschur carbóin nár comhlíonadh, agus nach gcomhlíonfar, sa tír seo.

  3. #1365996

    Más fíor an fhianaise i dtuarascáil aeráide de chuid na Náisiún Aontaithe a bhí le foilsiú san Fhómhar ach a sceitheadh an tseachtain seo caite, sárófar an uasteorainn a chuir na tíortha a shínigh Comhaontú Pháras rompu féin mar sprioc – ardú teochta 1.5 chéim – faoin mbliain 2040.

  4. #1365993

    Déanann turas fillte dhuine amháin ó iarthar na hEorpa go Nua-Eabhrac oiread dochair, ó thaobh aschur CO2 de, agus a dhéanann míle Big Mac.* Tóg an t-eitleán as Baile Átha Cliath go Londain agus ar ais, agus cuirfidh tú oiread CO2 san aer agus a bheadh sábháilte agat in achar dhá bhliain le sconna cithfholcadáin atá spárálach ar uisce.* Is leor ticéad fillte ó Bhaile Átha Cliath go Barcelona chun an sochar a dhéanfadh teach lán lampaí LED in achar cúig bliana go leith (!) a chur ar ceal.* Aerthaisteal is cúis le cuid mhór den athrú aeráide, ach cé go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ó síníodh Comhaontú Pháras sa bhliain 2015 srian a chur le téamh an domhain, tá sé á thuar ag leithéidí Boeing go dtógfaidh an comhlacht amháin sin 41,000 eitleán nua idir seo agus an bhliain 2036.