#1445843
I ngeall air sin, tugaim faoi deara go gcuireann siad an-suim in ábhar Léacht 7 a rianaíos ceann de bhuntéamaí leanúnacha litríocht na Gaeilge riamh anall, tábhacht na háite, agus téimid i ngleic leis ina chomhthéacs traidisiúnta (tuaithe) agus ina chomhthéacs comhaimseartha (tuaithe agus cathrach) i ndánta mar ‘Ár nÁit’ le Liam Hodder (DC 78-9), ‘An Ghrian i Rath Maoinis’ le Michael Davitt (DC 52), ‘An Cúrsa Buan’ le Liam Ó Muirthile (DC 193), ‘I mBaile an tSléibhe’ le Nuala Ní Dhomhnaill (DC 119-20), ‘Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr’ le Cathal Ó Searcaigh (DC 212-3), ‘Inbhear’ le Mícheál Ó Cuaig (DC 143-4), agus ‘Beairtle’ le Seán Ó Curraoin (DC 146-8).