Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

27 toradh in 20 doiciméad

  1. #1374064

    Tá ceannairí as na tíortha tionsclaíochta is mó sa domhan, tíortha an G7 mar a thugtar orthu, tagtha le chéile i gCeanada do chruinniú mullaigh 2 lá, a gcuirfear tús leis inniu.

  2. #2029205

    Shocraigh siad cruinniú fíorúil de cheannairí thíortha an G7 a ghairm an tseachtain seo chugainn le straitéis choiteann i leith na géarchéime a phlé.

  3. #836200

    Chuaigh daoine óga as Éirinn go Genoa le léirsiú i gcoinne an G7, mhair daoine óga thuas crainnte sa Glen of the Downs, mháirseáil daoine óga chuig Ambasáid Mheiriceá le léirsiú faoi ionsaí na hAfganastáine.

  4. #967453

    "Chuaigh daoine óga in Éirinn go Genoa le léirsiú i gcoinne an G7, mhair daoine óga thuas crainnte sa Glen of the Downs, mháirseáil daoine óga chuig Ambasáid Mheiriceá le léirsiú faoi ionsaí na hAfganastáine.

    'Is beag fianaise gur ann don oige' - Ni Mhorain – Gan údar

  5. #1161210

    Tá a fhios againn go bhfuil a bpolasaithe trádála agus eile leis an Iarthar á scrúdú go cúramach ag na Sínigh faoi láthair, ach de réir mar atá tíortha an Iarthair ag teacht le chéile faoi bhrat an Chomhphobail Idirnáisiúnta agus G7, feicfidh muid, b’fhéidir, an chuid eile den domhan ag teacht le chéile ina gcoinne, an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas (na stáit Brics).

  6. #1374058

    Tá léirsithe i Quebec Cheanada, in aghaidh an cruinnithe atá ag ceannairí na dtíortha tionsclaíochta is mó sa domhan, tíortha an G7 mar a thugtar orthu, i Charelvoix, atá 120 ciliméadar ó thuaidh de Quebec.

  7. #1374063

    Is cuma le tíortha an G7, a dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron muna mbeadh sa ngrúpa ach 6 cinn agus ní cheart go mbeadh faitíos ar tíortha, a dúirt an tUachtarán socrú a dhéanamh le Donald Trump.

  8. #1411910

    Ceithre chuspóir a bhí ag Trump ar a thaisteal dó san iasacht sa mBealtaine: éalú ón rírá atá conspóid na Rúise a tharraingt air; airm luach na mbilliún dollar a dhíol leis an Araib Shádach; seanmóir a léamh ar altóir NATO, agus cos a chur i dtaca maidir le cúrsaí aeráide ag cruinniú an G7.

  9. #1856786

    Dhiúltaigh rialtas na Brasaíle don €20 milliún a bhí á thairiscint ag uachtarán na Fraince thar ceann ghrúpa an G7, ach an lá dár gcionn ghlacadar le £10 milliún ó Boris Johnson na Breataine.

  10. #1856795

    Chuir tvuít inar thug Macron ‘ár dteach’ ar cheantar na hAmasóine an lasair sa bharrach agus cuireadh coilíneachas ina leith, ach a luaithe is a mhaígh sé ag cruinniú mullaigh an G7 i gcathair Biarritz go bhféadfaí ‘stádas idirnáisiúnta’ a phlé do cheantar na hAmasóine amach anseo, bhí ‘ionradh míleata Francach’ ina ábhar treochta ar chláracha cainte na Brasaíle.

  11. #1959292

    Is deacra na catagóirí simplí seo a shuíomh níos mó, óir cé go bhfuil an G7 againn de na tíortha is mó maoin agus airgead acu ina mámanna, tá an E7, is é sin, na stáit eile sin atá ag breith suas orthu nó á sárú, leithéid an tSín, an India, an Bhrasaíl, an Indinéis, an Rúis, an Tuirc agus Meicsiceó.

    An chéad domhan eile: Tá 6 billiún duine anois a bhfuil léamh agus scríobh acu – Alan Titley

  12. #2025104

    Tá ceannairí thíortha an G7 le teacht le chéile sa Chorn amárach agus tuigtear go bhféadfadh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden an deis a thapú le cur ina luí ar Boris Johnson go bhfuil sé fíorthábhachtach, dar leis, Prótacal an Tuaiscirt a chur i bhfeidhm.