#136518
Go fiú na tagairtí fós don Laidin tá siad in GGII mar atá siad in GGI.
Go fiú na tagairtí fós don Laidin tá siad in GGII mar atá siad in GGI.
Mar sin féin, chun a cheart a thabhairt dó, bhí iarracht déanta in GGI cuid den ghoimh a bhaint as cás an ghinidigh trí go leor cásanna a lua inarbh fhearr an t–ainmneach a úsáid.
Ina theannta sin níor ceartaíodh na botúin a bhí in GGI; níor soiléiríodh na samplaí den aimhrialtacht agus den athbhrí; níor cuireadh na samplaí in GGII ar aon dul leis na samplaí atá in FGB ná in CO gan trácht ar iad a thabhairt suas chun dáta; ní dhearnadh aon iarracht aird a thabhairt ar an teanga mar a bhí sí ag athrú ó ghlúin go glúin agus, b’fhéidir an t–easnamh is tubaistí, níor féachadh leis an teanga atá á forbairt agus á nuachóiriú go formhothaithe ag Rannóg an Aistriúcháin leis na blianta a lonnú faoi chreat na gnáthoidhreachta.
Shílfeá nár tharla aon athrú ar an gcruinne ó foilsíodh GGI, nár tharla aon athrú ar an nGaeilge le daichead bliain, nár foilsíodh sraith shuntasach de chnuasaigh théarmaíochta a chuir cruth eile ar fad ar an bhfoclóir agus a chuir go mór, de dheoin nó d’ainneoin, leis na deacrachtaí praiticiúla gramadaí, gan trácht ar an bhforás a bhí tagtha ar an tuiscint don teanga agus do chomharthaí sóirt na teanga i gcoitinne.