#1346290
Mheas na taighdeoirí ó California go mbeadh na gáis a bhíodh ag teacht amach as na mílte bolcán 252 milliún bliain ó shin ag imoibriú leis an ózón (O3) go hard sa spéir agus á scriosadh. De bharr an imoibrithe sin, de réir a chéile bheadh níos lú ózóin sa strataisféar.