#1450000
Is deas freisin mar a fheileann na seanfhocail agus na nathanna seanchaite don ghné seo scéalaíochta: ‘aige féin is fearr a fhios cá luíonn an bhróg’ (BN ST 426, 6.teideal); ‘Focail … a imíonn le gaoth’ (< téann focail le gaoth; BN ST 427, 6.36); ‘titeann an lug ar an lag agat’ (BN ST 425, 4.5),31 ‘gaoth an fhocail’ (BN ST 426, 4.12), ‘i dtoirchim suain’ (BN ST 426, 4.13), ‘comhrac lae agus oíche’ (BN ST 427, 7.4) ‘go ndéanfá mór níos [recte is] fiú de’ (BN ST, 427, 7.17), ‘an dá mhar a chéile (BN ST 429, 9.27), ‘mo shúile cinn’ (BN ST 431, 13.1), ‘i gcúl mo dhorn’ (BN ST 13.14), ‘meas madra’ (BN ST 434, 18.3), ‘mo chairde cléibh’ (BN ST 435, 19.19), ‘gal soip’ (BN ST 435, 20.5), ‘An mac mallachtain’ (BN ST 439, 27.13, teideal).