#1437729
Mhachnaíos féin ar ghluaiseacht na gCéilí Dé in Éirinn fadó a bhí ar aon dul ar shlí le gluaiseacht na nAshram atá ag leathnú amach san Ind anois; bhí ashram aonarach ag sagart, Loingseach, ó Bhaile an Mhuilinn sa Daingean, d’ord SVD, cúig céad míle nó mar sin soir ó thuaidh ón áit ina rabhamar.