#311359
Ba é a thuairim mheáite ná go gcaithfeadh “idir shúgradh agus dáiríre” a bheith in aon nuachtán mór-ráchairte agus gurbh ionann “sáreagarthóir táblóideach” agus “duine, mar a déarfadh muintir Chonamara, a bhfuil nádúr aige lena chuid léitheoirí…” “Tá áit ann i gcónaí don chor is nua in Uzbekistan; ach bíodh áit ann freisin do Madonna nó do Beyoncé nó do cibé mór-réalta atá i mbéal an phobail faoi láthair.