Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

10 dtoradh in 9 ndoiciméad

  1. #1407442

    Ní call dom a rá, gur dhírigh an t-údar gob a phinn ar dhaoine eile freisin, daoine a chuir le cáil Mhaigh Nuad lena ndíograis, lena scoláireacht, lena dtaighde, agus lena dtreabhadh i ngort guaireach na Gaeilge, daoine amhail Gearóid Ó Nualláin, Pádraig de Brún, Donnchadh Ó Floinn, Breandán Ó Doibhlin, Tomás Ó Fiaich, agus tuilleadh, fite as an abhras díograiseach céanna, ach fágfaidh mé fút féin é lántaitneamh a bhaint as a bhfuil le rá fúthu sa leabhar spreagúil, sásúil, seo.

  2. #1494264

    De ghnáth samhlaítear an focal oige le fíodóireacht, mar a léiríonn na samplaí seo thíos; faightear iliomad leaganacha eile ina theannta a bhaineann leis an raon sin: fighe (‘weaving, plaiting’); innighidh (‘weaves’); inneach (‘weft’) móide dlúth ‘warp, woof’, maille le abhras ‘snáth’, snáth agus sníomh: Is cinnte gurb é meafar seo na fíodóireachta is mó a ndéantar mionléiriú air i bhfilíocht na scol.

  3. #1629957

    Gan ach dhá shaothar a dhíríonn go sonrach ar an scéal iontais a lua, tugann léamh Joan Newton Radner ar insint Pheig Sayers ar an scéal iontais ‘Abhras Mhná Mhicí’ léargas den scoth dúinn ar an chraiceann a chuir sárscéalaí an Bhlascaoid ar scéal faoi bhean óg nuaphósta a raibh constaicí casta le sárú aici tar éis pósadh di (1989: 109–117).

  4. #1629958

    Trí insint Pheig ar ‘Abhras Mhná Mhicí’, a chur i gcomparáid le hinsint a mic, Maidhc File, léiríonn Radner cumas an ealaíontóra béil teachtaireachtaí a mbeadh tábhacht leo i saol na mban sa tsochaí thraidisiúnta a thabhairt chun cinn: ‘In Peig’s telling … enormous emphasis falls on the courage that it takes for women to stand by one another in a patriarchal world.

  5. #1225984

    An Leabhar féin Cuireadh cló ar an leabhar féin a chéaduair, sa bhliain 2014, agus caithfidh mé a rá gur chuir mé dhá shuim ann ó thús, nó gan dabht ar domhan, is scéalta iad a fíodh as abhras Gaelach, nó bhí scéalta cosúil leo le cloisteáil i ngach teach airneáin, ó cheann ceann na tíre, anuas go dtí teacht na n-ollmheán cumarsáide, in óige an fhichiú haois.