Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

47 toradh in 44 doiciméad

  1. #989441

    Tá aon rud cinnte amháin faoin mbliain seo chugainn, go dearbh.

    Liathróidí criostail – Alan Titley

  2. #984626

    Tá sé ansin os ár gcomhair ar nós leannán a bhfuil eagla orthu rud ar bith a rá, ach go bhfuil a fhios acu go dearbh cad tá ina n-intinn acu.

    Guth sa ghosta – Alan Titley

  3. #1317873

    Dála an scéil, nach dearbh-léiriú ar fhadhb an-bhunúsach é gurb é seo an dara hócáid, agus an dara Coimisinéir, atá faoi scamall laistigh de thréimhse an-ghairid aimsire.

  4. #838914

    Go deimhin, is eisean a thug an focal ‘agnostic’ dár dteanga - ‘oops.’ Duine is ea an t-agnóisí de ghnáth a shéanann ‘go bhfuil ar chumas an duine a dhearabhú nó a shéanadh go bhfuil Dia ann’ De ghnáth bíonn an t-agnóisí dearbh nach raibh dia nó déithe riamh ann, ach nílim cinnte go raibh Huxley, nó Darwin féin, chomh dionghbáilte sin.

  5. #845532

    Is beag má tá a leithéid eile de leabhar i ndiaidh a shamhail de dhuine le fáil sa litríocht; agus is dearbh ná fuil sin i litríocht na Gaeilge.’ Is dócha ná raibh aon choinne ag an am go raibh a thuilleadh le teacht — flosc scríbhneoireachta ón oileán céanna, a lean fiú nuair a bhí an t-oileán tréigthe ag an nduine deireanach den chomhluadar suaithinseach úd.

  6. #857487

    Rud eile a sheasann amach san aistriúchán seo ná a mhéid focal Béarla de bhunadh Laidine a úsáidtear agus a thugann rithim gharbh, thútach dos na línte ar uairibh — ‘How your affections had caused her wretched transformation/ Did she not suffer even more at your deathís confirmation?’ ar ‘Mar thug t’annsacht an­riocht beo uirthe/An dtug dearbh do mhairbh níos mó dhi?’.

  7. #901830

    Míníonn Tomás go saolach ealaíonta é, sa leabhar seo “Literature in Ireland.” Is iomaí scríbhneoir a rugadh in Éirinn – ó Goldsmith agus Sheridan go dtí George Bernard Shaw – agus bheadh sé fánach againn a bheith ar lorg an Mhóda Éireannaigh seo ina scríbhinní, dar le Tomás, ach is dearbh, leis go dtaispeánfar é, go minic nó ar uairibh, i saothar Ferguson, Clarence, Mangan, Yeats, Colum, Dora Sigerson, agus daoine nach iad.

  8. #919213

    Chuir Tuairisc.ie ceisteanna an Teachta Dála ar aghaidh go dtí an FAI agus cé nár freagraíodh go sonrach na ceisteanna sin, dúradh go dtugann an eagraíocht “dearbh-thosaíocht” do chosaint leanaí agus go mbíonn siad ag obair go dlúth le heagraíochtaí ar nós an ISPCC, Barnados agus One-In-Four.

  9. #1005580

    Níor chaill sé riamh an creideamh, agus ní hé an creideamh sa Chríostaíocht ná sa Chaitliceachas atá i gceist agam, rud nár dhein go dearbh, ach nár chaill sé riamh an creideamh sa litríocht.

    Litríocht na hiomarca – Alan Titley

  10. #1109889

    ‘Dearbh-oidhre ar Chú Chulainn’ a thug Máirtín Ó Cadhain ar Sheán Ó hÉigeartaigh nuair a cuireadh é i 1967, mar gheall ar an éacht ollmhór a rinne sé ar son na litríochta agus ar son na Gaeilge i gcaitheamh a leathchéad bliain ar an saol, agus ba cheart do gach uile dhuine an leabhar seo a léamh go dtuigfidís an chomaoin mhór a chuir Seán Ó hÉigeartaigh, agus a bhean, Bríghid, orainn ar fad.

  11. #1118499

    An fear a dhein an obair sin de réir a éirime agus a acmhainne is dearbh gur thuill sé rud éigin uainn seachas táinseamh agus tarcaisne agus faillí.’​ In Cork: History and Society tá liosta de leabhair a shíltear a bhí ina leabharlann.

  12. #1443689

    ‘Tá sé mar dhualgas dearbh orainn,’ dúirt sé, ‘teacht i gcabhair ar na páistí sin, bia agus éadaí a thabhairt dóibh, agus thar gach ní eile, soiscéal an ghrá agus an mhaithiúnais a mhúineadh dóibh in ionad soiscéal an fhuatha agus an díoltais.’ Dhearbhaigh sé go raibh seamlas déanta den Ghar-Oirthear ag an bhfuath cine agus ag an mbiogóideacht reiligiúin.

  13. #1587603

    Níor cheart go mbeadh sí ag éileamh ar cheannairí stáit an domhain aird a thabhairt ar eolas a tháinig chun cinn 15 bliain sular rugadh í agus níor cheart go mbeadh uirthi a bheith ag déileáil leis na maslaí agus leis an gcaint ghránna atá á spalpadh ag lucht a cáinte de ló agus d’oíche ar na meáin shóisialta, agus go dearbh, ar na meáin chumarsáide.

  14. #1852318

    Bhí gach páirtí eile dearbh de nach bhféadfadh Státrúnaí Caomhach a bhí ag brath ar an DUP chun iad a choinneáil i gcumhacht a bheith neamhspleách i gcainteanna réitigh; b’fhacthas dóibh gur sháraigh rialtas na gCaomhach an neodracht a éilíonn Comhaontú Aoine an Chéasta.

  15. #1982263

    Is dearbh fosta go raibh an aigne chéanna faoi réim i measc na n-institiúidí arbh é caomhnú ár n-oidhreachta liteartha ba chúram dóibh an tráth sin, agus bhí an méid seo le rá ag Dubhghlas de hÍde i dtaobh an Acadaimh Ríoga agus é ag trácht ar bhaicle leabhar a fuarthas ar bhruach srutháin i gCo.

    ‘Gan cabhar ná anacal air fris na ciantaibh’: Lámhscríbhinní déanacha an Tuaiscirt i gCnuasach Mhá Nuad

  16. #1421054

    Amhrán álainn é seo ina gcaoineann an spéirbhean a drochstaid féin – drochstaid gurb ionann é agus cás na hÉireann gan dabht agus críochnaíonn leis na línte éadóchasacha seo a leanas: Níl lé rá ag Piaras leis an méid seo ach ‘Ó a Dhia maise nár léigi Dia dhuit S[éamu] s a’ chacadh is dearbh gur fada dh’[fh]ágfaig thú ad bhainntrig bhoicht dhealbh.’ Ina dhiaidh seo aríst tá cóip de dhán Seacaibíteach eile le Liam Inglis ‘Is déarach an bheart do chéile ghil Airt’.

  17. #1214422

    Aird a tharraingt ar fhocail a mbíonn f iontu agus astu ina dtús: adhastar / fadhastar, aill / faill, almóir / falmóir, fabhra / abhra, fadú / adú, fadhb / adhb, fathach / a(i)th(e)ach, feileastram / (s)eileastram, formhór / ormhór, fuarán / uarán, fuiseog / uiseog, iolar / fiolar Is fiú na pointí litrithe seo a mheabhrú do dhaoine: i gcás focail ina scríobhtar guta ar lorg -dh nó -gh agus nach bhfuaimnítear an guta ach go bhfuaimnítear consan ar a lorg, go bhfágtar an guta sin ar lár nuair a chuirtear iarmhír leis an bhfocal: bodhar > bodhrán, ladhar > ladhróg, togha > toghchán (cé is moite nach bhfágtar ar lár é nuair a thugas sé níos mó ná dhá chonsan le chéile (gan h a chomhaireamh) nach gcaolaítear focail ar –ach(t) nuair a chuirtear -ín leo, e.g., smacht > smachtín, teach > teachín go gcoinnítear cáilíocht (leathan) an bh slán roimh chonsan caol i bhfocail ar nós gabhar > gabhairín, slabhra > slabhairín I dtaobh Simpliú agus Caighdeánú ar litriú focal áirithe, b’fhiú malartú a cheadú in: Dé / Dia Luain; deartháir / dearbh-bhráthair; deirfiúr / dearbh-shiúr; ionadh / iongnadh; iontas / iongantas, laisteas / lais-teas, laistiar, las-tiar, laistigh / las-tigh, lasmuigh / las-muigh, lasnairde / las-nairde, lastall / las-tall éagsúlacht litrithe a aithint i gcás na bhfocal: aerfort / aerphort, calafort / caladh-phort, ceannfort / ceann-phort, longfort / long-phort I dtaobh an tsínidh fhada, níor mhiste guta fada a mholadh roimh -(i)rd, -(i)rl, -(i)rn, -rr: aird(e), áirdeall, árd, árdaím, árdán, báird(ne), bárd, bárdal, cáirde, cáirdeas, ceárdaí, comhgháirdeas, gárda, iomárd, párdún, stancárd; gáirleog, gárlach, márla, párlaimint, párlús, thárla; báirneach, beárna, cáirn, cárnadh, cárnaim, ceárnach, ceárnóg, deárna, fóirnéis, máirnéalach, táirne; bárr, cárr, ceárr, feárr, geárr.

  18. #1047451

    Is fiú a ndeir sé a aithris faoin obair chéanna, agus saothar an Donnabhánaigh a raibh sé anuas uirthi go mór faoi chaibidil aige, is dóiche: Dhá chomhairle iad seo a leanas a fuair sé ó bhaill eile den chléir is é ina shagart óg, ar thug sé aird mhór orthu, is cosúil, agus a bhain lena shaol mar phearsa eaglasta: (1) gan a bheith ag caitheamh tobac go poiblí – agus is cuimhin liom féin i m’óige i mBéal Feirste, go dearbh, an t-achasán seo á chaitheamh ag duine le ministir a bhí ag gabháil do thoitín ar shráideanna na cathrach: ‘Dá mbeadh an Tiarna ag iarraidh ort toit a chur amach bheadh simléar ar do chloigeann agat!’ agus (2) gur theastaigh caitheamh aimsire ó shagart sa dóigh nach mbeadh sé ag dul ar airneáil go rómhinic.

  19. #1023383

    Is duan molta, dán buíochais óna chroí istigh é a d’eachtraigh sé do na teaghlaigh éagsúla, feirmeoirí a bhformhór a mbíodh sé ag obair dóibh, sular fhág sé slán acu: Slán cuirim páirteach gan áireamh ó chéile chun Ádaimh, chun Seághain, chun Máire is chun Séamais; slán chun Neil mhánla, caoinghrá s searc mo chléibhse, dfhuil ársa Eochaidh ághmhair, ceap dáimhe agus éigse Ach ar an láimh eile níorbh údar sásaimh nó lúcháire saol an spailpín de shíor: Ós dearbh gur réiteach, grafadh agus déanamh/Branair go héag mo ghnósa.

    Beirt fhilí agus rinceoir – Mícheál W. Ó Murchú

  20. #352392

    Téacs © Máire Mhac an tSaoi Is féidir cóip den leabhar a cheannacht anseo Gránna an rud í an bhean, hOileadh casta, Díreach seach claon ní fheadair, Bréag a n-abair; Níl inti ceart ná náire, Níl inti glaine, An ghin ón gcléibh tá meata, Mar is baineann; Beatha dhi inneach an duine, Slán ní scarfair Go gcoillfidh agat gach tearmann, Go bhfágfaidh dealbh; Cleachtadh an tsúmaire a sampla, Go maireann amhlaidh, ‘Mise glacsam!’ a paidir, Ampla a foghlaim: Mar tá sí gan céim chumais Ach i mbun millte, Nimh léi gach fiúntas dearbh Phréamhaigh sa tsaoirse; Chás di cumann a chúiteamh, Ní heol di féile, Má d’imir ina reic a pearsain Is le fíoch éilimh; Tá gann, tá cúng, tá suarach, Gan sásamh i ndán di Ach an déirc is an tsíoraithis – Dar marthain!