#262251
Glacann Oibrithe Iarnród Éireann le moltaí ciorraithe costais féachaint le fadhbanna airgid an chomhlachta a réiteach.
Glacann Oibrithe Iarnród Éireann le moltaí ciorraithe costais féachaint le fadhbanna airgid an chomhlachta a réiteach.
Ghlac trí cheardchumann eile in Iarnród Éireann roimhe seo leis na moltaí.
D'fháiltigh Iarnród Éireann inniu roimh thorthaí na mballóidí.
Theip ar chainteanna idir bhainistíocht Iarnród Éireann agus ceardchumainn maidin Dé Sathairn seo caite.
Thosaigh cainteanna an athuair idir bainistíocht agus ceardchumainn ag Iarnród Éireann ar ball.
Beidh roinnt de na táillí do sheirbhísí Iarnród Éireann ag ardú.
Rud éigin cosúil le ‘Cluain Sáileach’ a deir bolscaire Iarnród Éireann.
Iarnród Éireann a d'eagraigh an ócáid.
Bhí teagmhálacha difriúla ag na hóglaigh ar an iarnród.
‘Bhíos ag cuimhneamh ar an iarnród thuas a shiúl, chomh fada leis an mBastille.
Bhí leithead cheithre ráille agus ciumhaiseanna san iarnród, agus ghlanas tharstu gan aird.
Mheas Seán nach raibh iarnród i Leitir Mhic a’ Bháird agus gur deacracht a bhí ansin.
Chaith sé deich mbliana ag obair ar an iarnród.
Bhí iarnród caol míle go leith ar fad leis an mhóin a thógaint ón bportach.
Anois ní hann fiú don iarnród.
Chaith sé tamall ag obair ar iarnród Boston-Albury.
Dúirt Iarnród Éireann nach gcuirfear as do sheirbhísí traenach inniu.
1889: Tubaiste Iarnród Ard Mhacha.
Deir Iarnród Éireann go gcosnóidh na stailceanna €900,000 sa ló orthu.
Tá go leor buntáistí ag baint leis an iarnród.
Tuigeann NS, an comhlacht stáit atá i mbun na n-iarnród, an fhadhb.
Dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil Éamon Ó Cúiv go bhfuil fearg air go bhfuil neamhaird á tabhairt dar leis ag an Rialtas ar an ngeallúint go ndéanfaí suirbhé ar an gcostas a bheadh leis an gcéad chéim eile de Bhealach Iarnróid an Iarthair. Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne, áfach, nach gcreideann seisean go bhfuil an plean le haghaidh tuilleadh forbartha ar an iarnród idir Luimneach agus Sligeach caite i dtraipisí ag an Rialtas agus go bhfuil súil aige go mbeidh scéala faoi sa phlean chaipitil a fhoilseofar faoi cheann dhá mhí. Bhí sé i gceist go n-athosclófaí an sean-iarnród an bealach ar fad as Luimneach go Sligeach do phaisinéirí agus do lastas. Leagadh an t-iarnród ar dtús sa naoú haois déag ach dúnadh an chuid deiridh di thart ar dhá scór bliain ó shin. Faoi lathair, an t-iarnród idir Luimneach agus Baile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe chomh maith leis an mbealach idir Cúil Mhuine agus Sligeach atá oscailte.
Ar an iarnród bhí bean sínte agus í gonta go dona.
Bhí iarnród ag gabháil tríd an ngabháltas freisin.
Bhíothas tar éis iarnród nua a thógáil trasna na Life i lár na cathrach.
Níor cuireadh isteach ar sheirbhísí de chuid Iarnród Éireann ar maidin i ndiaidh na stoirme.
Iarnród Éireann; obair tí; an easpa eagair atá ar mo leabhair agus mo pháipéir.
Níl aon iomaíocht ar an iarnród anseo, áfach, agus is dócha nach mbeidh go deo.
Tá a gcuid praghsanna ardaithe go mór ag Iarnród Éireann ó foilsíodh an tuarascáil.
Ní raibh sí sásta pingin rua a chaitheamh ar an iarnród.
Tháinig sí aníos ón iarnród faoi thalamh ar an seanstaighre beo, a bhí déanta as adhmad.
Sin a dúirt cathaoirleach Iarnród Éireann,Frank Allen.
Deir Iarnród Éireann gur chloigh thart ar 95% de phaisinéirí ag Stáisiún Heuston leo.
“Beidh mé ag éileamh go ndéanfar staidéar féidearthachta maidir le córas iarnród éadrom macasamhail Luas.
Tá breis is dathad bliain caite agam mar oifigeach ar Choiste Eadarchontae Iarnród an Iarthair.
Iarnród
Iarnród ardluais molta
Seo hé an dara lá de ghníomhaíocht thionsclaíoch de bharr aighneas idir thiománaithe traenach agus Iarnród Éireann faoi uainchláracha agus íocaíocht as táirgíocht atá bainte amach cheana. Dermot O'Leary, NBRU Tá na cainteanna ag leanúint idir baill SIPTU, NBRU agus Iarnród Éireann ag oifigí an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais féachaint an féidir teacht ar réiteach. Ciarán Masterson, Iarnród Éireann Dúirt Bainisteoir Acmhainní Daonna Iarnród Éireann, Ciarán Masterson go mbeadh na toscairí ar fad ag obair go dian leis an mbearna idir bhainistíocht agus na ceardchumainn a dhúnadh. Deir na ceardchumainn go bhfuil uaireanta oibre na dtiománaithe traenach ag croí-lár an aighnis, agus nach gcuirfidís tuilleadh gníomhaíochtaí tionsclaíoch as an áireamh muna n-éireodh leis na cainteanna seo. Cuirfidh an stailc isteach ar 40,000 paisinéir.
Mar chuid de chomhaontú a rinneadh ag an Comisiún um Chaidreamh Oibreachais i Mí Mheán Fómhair anuraidh, dúirt Iarnród Éireann go bhféadfaí féachaint in athuair ar an ardú atá tagtha ar chúrsaí táirgiúlachta don bhfoireann. Le linn cainteanna inné, dúirt an NBRU nach raibh an comhlacht sásta labhairt faoin ábhar. Inniu, dúirt Dermot O'Leary ón NBRU go bhfuil súil aige nach mbeidh gá le gníomhaíocht thionsclaíoch ach go ndéanfar é seo a phlé nuair a bhuailfidh siad le SIPTU Dé Máirt seo chugainn. Deir Iarnród Éireann, nach bhfuil siad in ann féachaint in athuair ar an gcomhaontú maidir le táirgiúlacht mar go bhfuil €1 milliún euro á gcailliúnt ag an gcomhlacht in aghaidh na míosa. Dúirt Barry Kenny ó Iarnród Éireann go bhfuil siad sásta leanúint i mbun cainteanna.
Ag labhairt dó le raidió RTÉ ar maidin, dúirt Barry Kenny, urlabhraí Iarnród Éireann go raibh go leor fáthanna leis an mhéadú - feabhas sa gheilleagar agus an tardú i líon siúd atá fostaithe ina measc. Tá sé ar intinn Iarnród Éireann cur le dlús na seirbhíse - go háirithe an DART ó cheann gach 15 nóiméad go ceann i ngach 10 nóiméad.
Deir Iarnród Éireann go bhfuiltear tar éis cur le seirbhísí áirithe chun freastal ar an éileamh atá ann, agus go bhfuil seirbhísí breise curtha ar fáil i roinnt cásanna. Bhí níos mó daoine ag taisteal le hIarnród Éireann i 2014 ná mar bhí i 2013, ardú 2.9% ar fad. Deir Iarnród Éireann go reachtálfar comhairliúchán poiblí sa bhFómhar ar chlár ama nua atá le tabhairt isteach go luath i 2016.
Rachaidh siad ar stailc idir na huaireanta céanna arís ar an Aoine 6 Samhain. Dúirt ionadaithe na n-oibrithe nach raibh aon rogha acu ach dul ar stailc mar go ndeachaigh Iarnród Éireann siar ar chomhaontú maidir le pá agus táirgiúlacht. Deir Iarnród Éireann nach bhfuil sé d'acmhainn ag an gcomhlacht glacadh le héilimh na gceardchumann mar go bhfuil siad ag cailleadh €1 milliún sa mhí.
Deir siad go rachaidh siad ar stailc idir na huaireanta céanna arís ar an Aoine 6 Samhain. Maíonn na hoibrithe nach bhfuil aon rogha acu ach dul ar stailc mar go ndeachaigh Iarnród Éireann siar ar chomhaontú maidir le pá agus táirgiúlacht. Deir Iarnród Éireann nach bhfuil sé d'acmhainn ag an gcomhlacht glacadh le héilimh na n-oibrithe mar go bhfuil siad ag cailleadh €1 milliún sa mhí.
Dúirt comhlacht Iarnród Éireann go bhfuil tuairim is €100,000 caillte aige i ndíolachán ticéad mar gheall ar an bhfógra mall a tugadh faoi stailc na maidne a bheith curtha ar ceal. Cuireadh an stailc ar ceal ag a 4 a' chlog, bhí sé beartaithe ón 6-9. Bhí comhráití ar bun idir na ceardchumainn agus bainistíocht Iarnród Éireann a mhair 17 uair a chloig sa Choimisiún um Chaidreamh Oibreachais.
Tá foláireamh tugtha ag Ceardchumann Náisiúnta na nOibrithe Bus agus Iarnród go bhféadfadh go gcuirfí isteach ar sheirbhísí traenach sa bhliain nua má leanann Iarnród Éireann lena gcuid pleananna seirbhísí DART a chur ar fáil gach deich nóiméad ó mhí Eanáir ar aghaidh. Measann an ceardchumann nach féidir an t-uainchláir nua a chur i bhfeidhm agus nach ndeachaigh bainistíocht an chomhlachta i gcomhairle leo sular fógraíodh na seirbhísí nua. Dúirt an ceardchumann gur chuir an fógra an-olc ar thiománaithe traenach agus go raibh an baol ann go mbeadh aighneas tionsclaíoch ann arís, rud a chiallódh nach mbeadh seirbhísí traenacha ar fáil ar feadh cúpla uair an chloig ar laethanta áirithe.
I ráiteas eisithe ag Iarnród Éireann ar maidin, dúradh nach bhféadfaí aon bharrántas a thabhairt faoi sheirbhísí DART, seirbhísí comaitéara nó idir-chathrach de bharr na stailce. Iarrtar ar phaisinéirí suíomh idirlíne Iarnród Éireann a sheiceáil sula dtugann siad aghaidh ar na stáisiúin. Tá seirbhís ó Dhún Dealgan agus ó Dhroichead Átha ag feidhmiú ach ní bheidh aon tseirbhís fillte.
Tá innealtóirí ag leanúint orthu ag obair ar an bpríomhfhabht. Tá seans maith go gcuirfear tuilleadh moille ar phaisinéirí amach sa lá mar gheall ar fhabhtanna na maidine. Thug Iarnród Éireann le fios go raibh córas comharthaíochta láimhe curtha i bhfeidhm acu. Táthar ag moladh d'aon duine atá le bheith ag taisteal ar an dtraein inniu, Iarnród Éireann a leanúint ar an gcóras giolcaireachta Twitter chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Iarnród a bhí ann go dtí 1963, nuair a dhún rialtas coimeádach eile é, chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d' iarnród agus 2,363 stáisiún paisinéara as an 4,293 a bhí ann san iomlán.
Dúirt sé go bhfuiltear ag caint ar Óglaigh na hÉireann a thabhairt isteach chun cabhrú le daoine, go háirithe i gceantair tuaithe. Deir Iarnród Éireann go bhfuil seirbhís bus curtha ar fáil acu do phaisinéirí atá ag taisteal idir Gaillimh agus Luimneach mar go bhfuil cuid den iarnród i gCill Tartan i ndeisceart na Gaillimhe faoi uisce.
Ag an chruinniú is deireanaí idir an Coimisinéir Teanga agus Iarnród Éireann i mí Feabhra na bliana seo, thug Iarnród Éireann le fios go raibh a gcóras in ann glacadh le sínte fada ar litreacha beaga ach nach n-oibreodh sínte fada ar cheannlitreacha.