#1434203
Bhuas an duais ach buaileadh breoite mé ina dhiaidh sin agus d’imigh an Cruimíneach ’on Róimh chun a JUD, Doctor Utriusque Juris, a fháil agus níor bhuaileamar le chéile nó gur thugas turas ar Mhaigh Nuad, Lá na Naomh Uile 1950, nuair a bhí mo rang i Maigh Nuad, agus iad ina gceathrú diagairí, ag cur oíche shiamsa ‘The Old Fourths’ ar fáil don choláiste—leis an dráma ‘Arsenic and Old Lace.’ Bhuaileas trí sheans leis an gCruimíneach, thug sé isteach chun suipéir mé leis na hollúna; rud nár ghnáth ab ea é an uair sin—mac léinn a thabhairt ansiúd isteach.