Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

3 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #1500893

    Is in ionad trádstórais lasmuigh d'Áth Luain i gCo.na hIarmhí leis an siopa lascaine miondíolta,'Mr.Price' a bheas an fhostaíocht nua.

  2. #753864

    Cruthaíodh 20 post nua i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, inniu nuair a d'oscail siopa lascaine Mr Price i gceantar Bhaile Raithin inniu.  Tá an siopa lonnaithe san áit a raibh siopa earraí tógála Johnstons i mBaile Raithin agus beidh sé oscailte seacht lá na seachtaine.  Tá súil ag an gcomhlacht go mbeidh tríocha duine fostaithe acu sa siopa nua faoi dheireadh na bliana.

  3. #1906958

    Dhéanfar cinneadh ar 3 Eanáir 2017 rud a chuirfeas moill ar an togra. Fógraíodh an togra ag tús na bliana ait a  bhfuil se beartaithe uisce beatha agus gin a tháirgeadh. San iarratas pleanála bhi láthair tuirlingthe do héileapatar, an drioglann féin, agus ionad do chuairteoirí.  20 post úr Cruthófar 20 post úr i Leitir Ceanainn inniu nuair a osclós siopa lascaine 'Mr Price' i mBaile Raithin inniu. Tá an siopa a bhfuil ionaid thart fríd an tír, lonnaithe san áit a raibh siopa earraí tógála Johnstons i mBaile Raithin agus beidh sé foscailte seacht lá na seachtaine. Tá súil ag an chomhlacht go mbeidh tríocha duine fostaithe acu i Leitir Ceanainn idir seo agus an bhliain úr.  Caoimhín Ó Casaide In agallamh a craoladh ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta  inniu, deir an peileadóir Caoimhín Ó Casaide as Gaoth Dobhair gur shocraigh sé éirí as foireann Ghaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine mar gur mheas sé nach raibh an tiomántas san fhoireann cluichí a bhaint, agus go raibh siad, é féin ina measc, ag ligean sios muintir Ghaoth Dobhair. D'fhógair Ó Casaide go raibh sé ag éirí as i ndiaidh do Ghaoth Dobhair a gcluiche le Naomh Conaill a chailleadh Dé Sathairn. Caithfear ceisteanna a chur faoin stíl peile atá ag an chlub, faoin easpa bróid atá a léiriú don chlub agus fán bhrú atá ar imreoirí Ghaoth Dobhair a dúirt Caoimhín Ó Casaide. Tá neart ábaltachta ag na himreoirí ag leibhéal peil condae, ach tá fadhb mhór ag leibhéal an chlub áitiúil le dornán blianta anuas a dúirt sé agus is cosúil nach bhfuil an fhoireann sinsear ag tarraingt le chéile mar ba chóir, dar le Ó Casaide.