#590616
Ba mhór an faoiseamh é, ar a laghad, nach raibh sí ina suí go fadálach i seomra feithimh ospidéil agus Donncha mar chomhluadar aici.
Ba mhór an faoiseamh é, ar a laghad, nach raibh sí ina suí go fadálach i seomra feithimh ospidéil agus Donncha mar chomhluadar aici.
Bhí an turas fadálach go hÉirinn rompu ar ball, ach chuir sí uaithi gach stró ar feadh meandair.
Bhí a máthair, Marie, ar shlí na fírinne le blianta fada, bás fadálach ó ailse nuair a bhí lára trí bliana déag.
Maidin an lae mhóir, bhí an ghruaig agus an smidiú cóirithe agus réitithe le linn bricfeasta mall fadálach.
“Gadhar!” An focal ag déanamh macalla fadálach i gcluasa an chailín.
D’fhéadfadh sé lá iomlán a chaitheamh crochta thuas faoi theas marfach an lae ansin ag fulaingt a bháis go tomhaiste fadálach pianmhar.
Mar a tharla sé, áfach, ní raibh an Domhnach fadálach, aonarach mar a shamhlaigh sé a bheadh.
Dar le Breandán Delap: ‘Bhí luachanna tablóideacha leagtha amach i gcruth fadálach foclach a d’fhoirfeadh níos fearr do nuachtán mórbhileogach’.
Maítear gur mó seans atá ann Albain neamhspleách a bhaint amach ach breith ar fhaill na héiginnteachta seachas sprioc ama fadálach, a dhealódh an pobal, a leagan síos.
minic a chuir freagra fadálach, ón té a bhí faoi agallaimh, craoltóir amú agus gur éalaigh an té ar ar cuireadh an cheist ó í a fhreagairt.
Is minic a théann an scéal ar aghaidh go fadálach, suaimhneach, agus bíonn an ‘style’ go ciúin sócúlach aige go dtí go n-éiríonn brí an scéil in airde.
Díríonn muid isteach ar shiúl deas fadálach, ar dhea-iompar coirp agus ar análú domhain agus muid ag siúl ar mhaithe le hathleasú.
‘Tá sé ag teacht chuige féin,’ a dúirt Bríd go fadálach, ‘ach tá níos mó nó sin ann.’
Tús agus críoch chinnte leis an jab, níorbh ionann agus an saothar fadálach a bhí déanta aici le ballaí an tí.
D’ardaigh an bhean coirnéal an philiúir go mall agus go fadálach agus d’fhéach an bheirt isteach faoi.
Is féidir roinnt lochtanna a fháil ar an leabhar seo; téitear chun leadráin ar uairibh, go háirithe agus an t-údar ag plé go fada fadálach le díospóireachtaí Dála.
Ba obair mhall fadálach í seo agus is cosúil nach raibh an atógáil curtha i gcrích go dtí 1176.
Bhí an dream eile ina seasamh thart ina scataí amuigh agus slán fadálach meisciúil á fhágáil acu ag a chéile, ach níor bhacamarna leo.
Ar bhain tú pléisiúr as Éamon Ó Cuív agus é ag cosaint Acht na dTeangacha Oifigiúla agus páirtithe an fhreasúra á cháineadh as a bheith chomh fadálach sin á chur i bhfeidhm?
Bhí sé fadálach malltriallach mar phróiseas ach cheap muid i gcónaí go raibh an próiseas ar fheabhas.
Bíonn dreamanna éagsúla ag teacht ar cuairt le feiceáil conas scéal casta, fadálach, garbh agus cruálach a réiteach agus a thabhairt chun críche – don chuid is mó.
Caithfear dul tríd an bpróiseas fadálach céanna le breis is dhá chéad go leith comhlacht poiblí, ceann ar cheann.
An mó duine a bheadh chomh muiníneach céanna as an chéad duine eile a bheas ina áit nuair a bheas an próiseas casta fadálach ag tosnú arís tar éis tréimhse trí bliana?
Bíodh sin mar atá, bhí córas an Fhorais “fabhtach agus tá gach próiseas a bhaineann le hobair na bhfoilsitheoirí fada fadálach.
Is féidir le Goethe a bheith uafásach fadálach agus labhrann sé go minic uasal le híseal, ex cathedra ard na nualitríochta Gearmáinise.
Is fileata iad na línte: ‘…bhí an tost marfach, éiginnte, dúshlánach: chomh mall fadálach pianmhar le breith’.
Ach ghlaoigh an tinneall go fadálach brónach, ‘Háááááá...’ agus é á alpadh ag béal dubh an tolláin níos sia ar aghaidh ar an líne.
Bhí an próiseas chomh fadálach sin gur bhraith Ailfí gur mheasa é ná cuisle vaimpíre a thomhas, rud a bhí fíordheacair.
Measaimidne go minic go mbíonn an Poncánach leadránach, nó soineanta, agus nach féidir leis aon rud a thuiscint gan é a mhíniú go fadálach dó.
Tá sé cruthaithe arís is arís eile go bhfuil an cineál seo feachtasaíochta an-éifeachtach agus riachtanach, más fadálach leadránach é ag an am céanna.
Seat fadálach de ghort fé bhláth is iad ag imeacht, seat de phaistín gruama féir sa gcathair agus Mildred féin ag rá go bhfuil na páistí i ngéibheann sa gcathair.
Bhí an oiread sin coranna, castaí, tubaistí agus uisce fé thalamh sna Trioblóidí agus an próiséas fadálach síochána a lean é go bhféadfaí ábhar cúpla scannán a bhaint as.
Tá Sir Bobby Robson imithe ar shlí na fírinne i ndiaidh dó cath fadálach a throid le hailse.
Tá mé ag foghlaim gur féidir maireachtáil gan bheith ar líne, ach tá sé damanta fadálach agus neamhéifeachtach!
B’fhéidir gur léigh tú cheana féin faoin dóigh a n-úsáideann siopaí ceol fadálach chun muid a mhealladh chun ár gcuid ama a ghlacadh agus tuilleadh a cheannach?
Tiontaíonn a gcloigne ón chlé go dtí an deas mar a bheadh siad ag leanstan cluiche leadóige fadálach.
Anois, is mé an bhanríon Maedhbh, ag stiúradh na mílte fear, capall agus cóiste go fadálach thar chnoc is gleann.
Tá lámhscríbhneoireacht fadálach, neamhéifeachtúil agus neamh-shoiléir i gcomparáid le cló, agus is é sin an fáth a bhfuil sí ag fáil bháis.
Gan na gníomhaíochtaí seo uilig, bheadh an t-am ag bogadh go huafásach fadálach ag an am seo bliana.
Má théann an t-am go malltriallach domsa i mí Eanáir, bíonn Aidbhint chomh fadálach sin do pháistí go mbíonn caonach ag fás sna bearnaí idir na laethanta.
Tá an féilire Aidbhinte ina struchtúr ama, cosúil le fráma zimmer chun tacaíocht a thabhairt dóibh is iad ag bogadh go fadálach tríd an tséasúr.
Tugadh plandaí galánta dom mar bhronntanais, agus de réir a chéile, mharaigh mé gach diabhal ceann acu – cuid acu go fadálach, cuid acu go tapa.
Tharla nach raibh an t-athair Brian i láthair d’iarr an cornal ar an leitionant-chornal altú roimh bia a dhéanamh, rud a rinne sé go fonnmhar is go fadálach.
Na hoícheanta fada amuigh sa ghairdín agus an ghrian ag dul a luí go drogallach fadálach faoi mar a bheadh sí ag troid go ceanndána le titim na hoíche.
Níl aon rud níos teasaí ná fear ag bogadh síos go fadálach, ag pógadh agus ag mothú ár gcraicinn agus ag insint dúinn gur spéirmhná muid.
Tá saol eile i ndán don bholb dhorcha, saol nach mbaineann le turas fadálach trasna an bhealaigh mhóir ach scéal a bhaineann le heití lán dathanna, le saoirse an aeir.
Ansin tar éis an phaidrín leadránach fadálach seo ar fad is féidir freagra a chur ar ais chuig an bhfoilsitheoir foighneach, má tá sé fós beo, lena chur ar a shuaimhneas.
Sinéad amháin a bhí mall fadálach, í ag dúnadh na gcnaipí go tromchroíoch ar a seaicéad fearthainne.
Mar sin féin, dar le hÓ Fiaich, bhí na litreacha fadálach go leor in áiteanna – mar, ag an am, le go dtabharfaí aird ar théacs, bhí sé riachtanach go mbeadh sé fada.
Ach rud fadálach is ea an scolárthacht agus taispeánadh an méid sin go léir i dtréimhseachán i mBaile Átha Cliath tríocha bliain ó shin.