Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

68 toradh in 25 doiciméad

  1. #304230

    Rósanna – is breá le bandia Afra-Bhrasaíleach na mara iad.

  2. #487129

    Tá sásamh le baint, freisin, as port mór fánach afra-snagcheoil Vakula agus Planet Lindela J’burg (‘Jozi Sunset’), agus afra-house slachtmhar leithéidí Afrologic agus Octapush.

  3. #304235

    Inné i gcathair Salvador in oirthuaisceart na Brasaíle, thug na céadta míle duine ofráil do Iemanjá, bandia Afra-Bhrasaíleach na farraige, mar a dhéanann siad gach bliain ar an 2 Feabhra – bíodh reiligiún Afra-Bhrasaíleach acu nó ná bíodh.

  4. #1773996

    Is i Meiriceá Theas ar ndóigh, idir an Airgintín agus an Bhrasaíl, atá Paragua agus cé go bhfuil Afra-Pharaguaigh in áiteanna éagsúla sa tír, ní ó sclábhaithe Pharagua a shíolraigh muintir Chambacuá, murab ionann is Afra-Pharaguaigh eile.

  5. #103091

    Chuaigh Alex agus na fir eile isteach ina dteach allais siúd; chuaigh Rebekka, Arlene, an cailín Afra-Mheiriceánach agus beirt bhan gheala ón Ollscoil – Ollamh le Béarla agus oibrí leabharlainne

  6. #103096

    Shuigh siad i gciorcal: Tempest, an cailín Afra-Mheiriceánach, ar an taobh ó thuaidh den bhealach isteach agus Selma, an tOllamh, agus Jane, an leabharlannaí, níos faide anonn.

  7. #173641

    Baineann Bruno leis an gcreideamh Candomblé, an reiligiún Afra- Bhrasaíleach is forleithne in Salvador agus sa cheantar máguaird.

  8. #174536

    Bhain sé féin leis an Xangô, creideamh Afra-Bhrasaíleach a chathair dhúchais, Recife, atá fíorchosúil le Candomblé Salvador.

  9. #174777

    Thiocfadh leat a rá, fiú amháin, gurb é an bhunchloch ar a bhfuil an creideamh seo agus na creidimh Afra- Bhrasaíleacha eile, tógtha.

  10. #174789

    Nuair a tháinig an Candomblé agus na reiligiúin Afra-Bhrasaíleacha eile chun cinn mar chreidimh mheasctha i dtús ré na sclábhaíochta, tógadh neacha ó shaol eile na mbundúchasach isteach sa mheascán.

  11. #174804

    Tá meas ar ghairm an Pai- nó Mãe-de-Santo i measc an phobail Afra- Bhrasaíligh, fiú i measc daoine nach mbaineann leis an Candomblé go díreach.

  12. #175191

    Sa dara háit, déantar ionsaithe fíochmhara ar chreidimh eile le linn sheirbhísí an Igreja Universal, ar na creidimh Afra-Bhrasaíleacha ach go háirithe.

  13. #175331

    De réir shoiscéal an Igreja Universal, mar shampla, is galar atá sa homaighnéasachas agus is deamhain iad Orixás na reiligiún Afra-Bhrasaíleach.

  14. #186229

    Agus muidne: fear gorm nach bhfuil air ach bríste spóirt agus fear gioblach ar baineadh a dhá chos de, iad ar cheachtar taobh de bhanphrionsa Afra-Bhrasaíleach i negligée ar dhath néamhainn.

  15. #305613

    Le fada an lá, theastaigh uaim cnuasach gearrscéalta leis an scríbhneoir Afra-Mheiriceánach Andrea Lee a léamh, ach tá an cnuasach, Interesting Women, as cló le blianta.

  16. #342467

    Tá Google chun díriú ar ollscoileanna ar a mbíonn go leor Afra-Mheiriceánach ag freastal i bhfeachtas earcaíochta agus tá geallúintí den chineál céanna déanta ag Apple agus Intel.

  17. #1092886

    In ‘An ofráil ar an gcosán’, chímid mar a thagann na carachtair ar chomhréiteach idir na seantuiscintí bunaithe ar an gcreideamh Afra-Bhrasaíleach agus an saol comhaimseartha.

  18. #1665128

    Agus is as an leathmhilliún sin a gineadh na 40 milliún "Afra-Mheiriceánaigh" atá i Meiriceá sa lá atá inniu ann.

  19. #1665136

    Bhog an-chuid de phobal Afra-Mheiriceánach as an deisceart ó thuaidh chun postanna a thógáil in áiteanna mar Nua-Eabhrac agus Siceágó.

  20. #1665147

    Gan dóchas ar bith, téann pobail na gceantar seo, Afra-Mheiriceanaigh a mórchuid, i muinín drugaí, deoch mheisciúil, agus foréigean sráide.

  21. #1684223

    Nach gceapfá go mbeadh suim ag iriseoirí i mbeirt bhan óga Afra-Mheiriceánacha atá ag iarraidh an Teach Bán a bhaint amach?

  22. #1729057

    Is fear geal é Lipsky ach is Afra-Mheiriceánach é Filthy Fluno, a chuirfeadh Jean-Michel Basquiat – foinse inspioráide Andy Warhol – i gcuimhne duit.

  23. #1773992

    Níl fanta beo den phobal Afra-Pharaguach i gCambacuá ach cúpla míle duine a thuairiscíonn Alan Desmond agus níl an saol le maíomh orthu.

  24. #1773995

    Ar na dreamanna sin tá Pobal Afra-Pharaguach i gCambacuá, áit atá gar do Asunción, príomchathair Pharagua.

  25. #1774014

    Ag deireadh na seascaidí mar sin ní raibh fágtha ag Afra-Pharaguaigh Chambacuá ach faoi bhun 10 heicteár as an 100 a bronnadh orthu i 1820.

  26. #1774017

    Níor leasc le fórsaí slándála na tíre forneart a úsáid chun daoine a chur óna dtithe.Níorbh iad Afra-Pharaguaigh amháin a bhí thíos le beartais na n-údarás, áfach.

  27. #1774025

    Murach seo, seans nach mbeadh Pobal Afra-Pharaguach Chambacuá ann anois.De dheasca na bochtaineachta, ar ndóigh, níl teacht ag aos óg Chambacuá ar oideachas maith.

  28. #1774026

    Is beag Afra-Pharaguach óg a bhfuil meánscolaíocht aige agus is beag forbairt a dhéanfaidh an pobal gan daoine oilte.

  29. #1774031

    Rud amháin nár goideadh ó Afra-Pharaguaigh Chambacuá go fóill ná an fhéiniúlacht chultúrtha láidir atá acu.

  30. #1780769

    Is Afra-Mheiriceánach é, fear atá le fada ag moladh dá leathbhádóirí aird a thabhairt ar na geiteonna.

  31. #1794934

    Meascán den Chaitliceachas, de chreidimh dhúchais na hAmasóine agus ruainne de na creidimh Afra-Bhrasaíleacha atá sna creidimh Santo Daime.

  32. #173405

    Idir na bróga Nike bréige agus na colúir bhána do na híobairtí a dhéantar i searmanais de chuid an Candomblé, creideamh Afra-Bhrasaíleach Salvador, gan trácht ar chuisneoirí agus taephotaí, buidéil gháis agus buidéil cachaça, tá fáil ar gach uile shórt anseo.

  33. #174557

    Tá tóir ar Orixá na mara ar fud na Brasaíle, fiú taobh amuigh de phobal na gcreideamh Afra-Bhrasaíleach; b'fhéidir de bhrí go samhlaítear le Naomh Muire na gCaitliceach í. Inniu tá na sluaite tagtha go Rio Vermelho chun ómós agus bronntanais a thabhairt di.

  34. #175330

    Ní bheadh forlámhas na soiscéalaíoch ar sciar suntasach de mheáin chumarsáide na Brasaíle leath chomh dona murach na tuairimí fíordhiúltacha atá ag roinnt mhaith de na heaglaisí soiscéalaíocha faoi ghrúpaí áirithe sa tsochaí: lucht leanta na gcreideamh Afra-Bhrasaíleach agus daoine aeracha, gan ach dhá shampla a lua.

  35. #175332

    Le linn mo thréimhse in Tancredo Neves níl aon ionsaí díreach ar dhaoine aeracha, ar lucht leanta na gcreideamh Afra-Bhrasaíleach nó ar mhionlach eile nach dtaitníonn leis an ngluaiseacht soiscéalaíoch cloiste agamsa ar A Voz do Alto.

  36. #812889

    Feidhmeoidh an saothar liteartha mar dhearbhú ar thábhacht a sheasaimh chultúrtha, mar mhodh cruthaitheach le déileáil leis an tarcaisne a bheidh i ndán dó mar bhall de chultúr mionlaigh, ar an gcaoi chéanna ar fheidhmigh saothar an údair Afra–Mheiriceánaigh Richard Wright mar mhalairt saoil, mar straitéis le cur i gcoinne dhiúltú díobhálach an chiníochais.

  37. #1665131

    Go deimhin is sna ceantair sin is mó a fhaightear Afra-Mheiriceánaigh go fóill i gcorrán mór leathan a shíneann ó oirthear Texas soir go Georgia agus ó thuaidh as sin go Virginia.

  38. #1734286

    Tharraingeodh siad aird, ar an chéad dul síos, ar an dóigh a mbíonn formhór na daoine sa tsochaí bhéasach an-cháiréiseach agus iad ag plé, cuir i gcás, Afra-Mheiriceánaigh nó Giúdaigh Mheiriceánacha, ach go mbíonn ealaíontóirí gríosaitheacha, scríbhneoirí na conspóidíochta agus lucht an ghrinn gháirsiúil den bharúil gur féidir tabhairt faoi Chaitlicigh.

  39. #1750163

    B'inimirceach as Corcaigh máthair Wilkins, agus thóg sí Wilkins mar aon lena thriúr deartháireacha agus deirfiúracha ina haonar, tar éis dá fear céile Afra-Mheiriceánach bás a fháil nuair nach raibh Lenny ach cúig bliana d'aois.

  40. #1773997

    Measann údar amháin nach ann ach do 2000 Afra-Pharaguach i gCambacuá sa lá atá inniu ann, ach is deacair a bheith cinnte ós rud é nach n-áirítear iad mar ghrúpa ar leith sa daonáireamh.

  41. #1774034

    (http://adm4840.softcha.com/kambakua/index.htm) Léiríonn imeachtaí Fhéile Naomh Baltazar an mórtas atá ar Afra-Pharaguaigh Chambacuá as a bhféiniúlacht, in ainneoin an chiníochais atá fós á fhulaingt acu.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.