Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

coinbhinsiún

16 toradh in 16 doiciméad

  1. #274468

    Maidir le Fianna Fáil tugadh le fios tráthnóna nach mbeidh an comhairleoir contae Séamus Ó Domhnaill san iomaíocht le bheith mar iarrthóir ag Fianna Fáil ag coinbhinsiún an pháirtí Dé Domhnaigh.

  2. #276490

    Tá soiléiriú á lorg ag an ngrúpa comhshaoil Coastwatch Europe ar an gCoimisiún Eorpach faoin gcaoi a bhfuil an Roinn Comhshaoil ag láimhseáil iarratais ón gcomhlacht Arramara ar cheadúnas bainte feamainne ar chósta thiar na hÉireann.  Dúirt comhordaitheoir an ghrúpa, an t-éiceolaí cáiliúil Karin Dubsky, go bhfuil siad ag iarraidh a fháil amach an bhfuiltear ag cloí san iarratas seo le Coinbhinsiún Aarhus a síníodh i 1998 agus le dlí na hEorpa.  Dúirt Karin Dubsky le RTÉ Raidió na Gaeltachta gur údar imní do Coastwatch é go bhfuil eolas curtha chuig forais Stáit maidir leis an iarratas seo agus nach bhfuil amharc ar bith faighte ag an ngnáthphobal air.  Dúirt sí nach mbeadh ach 28 lá ag an bpobal lena dtuairimí a thabhairt ar an iarratas, ach go bhfuil cead ag forais Stáit é á scrúdú nó go mbeidh sé curtha faoi bhráid na Roinne Comhshaoil go hoifigiúil.

  3. #1752828

    Bhí an méid seo le rá ag an chriticeoir Tadhg Ó Dúshláine i léirmheas a scríobh ar an chnuasach *Corcach agus Dánta Eile *i 1999: Ceann de mhórbhuanna an fhile seo é go dtumann sé go croí an ábhair láithreach agus nach mbadrálann é féin ná an léitheoir le coinbhinsiúin ná foirmlí seanchaite maidir le suíomh ná cruthú atmaisféir ar an modh traidisiúnta, cé go mbíonn a chuid dánta ar maos leis an mblas, an dath agus an fhuaim áitiúil.

  4. #1033194

    Ní páirtí í tír Qaddafi sa Choinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe, 1950 agus ní aon rún an drochtheist atá uirthi maidir le cearta daonna.

    An Mheánmhuir - reilig gan leaca uaighe d'imircigh – Alan Desmond

  5. #1696570

    Dhiúltaigh an Astráil glacadh feasta leis an gCúirt Idirnáisiúnta Bhreithiúnais agus an Binse Idirnáisiúnta ar an gCoinbhinsiún maidir le Dlí na Mara dhá mhí sular bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach.

  6. #1308749

    Thug sé le fios ar an gclár Adhmhaidin níos túisce, nár raibh aon tsúil aige le fógra an tSeanadóra Uí Chlochartaigh, mar go bhfuil an t-uafás oibre déanta aige ó toghadh é roinnt blianta siar.  Duirt an Comhairleoir Cathrach, nach mbeadh iontas nach seasfadh Ó Clochartaigh don pháirtí mar gheall, bhí soiléar nach bhfaighfeadh sé ainmniúchán ag an gcoinbhinsiún Dé Domhnaigh.  Tá agus bhí Cathal Ó Conchúir ar an eolas faoina líomhaintí a bhí déanta agus go raibh fiosrúchán ar bun maidir leis seo.  Léirigh an Comhairleoir Cathrach Ó Conchúir a thacaíocht do pháirtí Shinn Féin ar maidin agus síleann sé nach mbeidh ag dul chun cinn ach iarrthóir amháin ag an gcoinbhinsiún roghnúcháin Dé Domhnaigh, sin í an Comhairleoir Cathrach Mairéad Farrell as Gaillimh.  - Iontas ar Mhairéad Farrell faoi éirí as Uí Chlochartaigh Dúirt an Comhairleoir Cathrach do Ghaillimh le Sinn Féin, Mairéad Farrell, ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go raibh  iontas agus díomá uirthi féin gur éirigh Trevor ó Clochartaigh as an bpáirtí inné.  Thug sí le fios go raibh súil aici go mbeadh an Seanadóir a cur a ainm chun cinn ag an gcoinbhinsiún Dé Domhnaigh.  Ach deir an Comhairleoir Farrell, nach bhfuil aon bhunús leis an  gcaint atá déanadh inné gur cuireadh méadú súntasach ar bhallraíocht an pháirtí in achar gairid.

  7. #1397015

    Cur Chuige don Aistriúchán, Anailís ar an mBuntéacs & Teoiric an Aistriúcháin Maíonn Antain Mac Lochlainn (2000: 26) go bhfuil dhá mheon i gceist maidir le cur chuige an aistritheora, iad siúd ‘a mhaíonn gur dual don aistritheoir a bheith dílis don bhuntéacs – idir chiall agus fhriotal’ agus iad siúd ‘a mhaíonn gur ar an léitheoir ba chóir don aistritheoir a aird a dhíriú agus aistriúchán a sholáthar de réir choinbhinsiúin teanga agus chultúir an léitheora, fiú más gá gnéithe den bhuntéacs a íobairt chuige sin.’ Tá cumhacht an aistritheora soiléir ón méid atá le rá ag Mac Lochlainn ach caithfidh an t-aistritheoir aird a thabhairt ar an dualgas atá air mar a mhaíonn Ó Ruairc (1997: 47): Is é príomhchuspóir an aistriúcháin téacs an údair sa bhunteanga a chur ar fáil don léitheoir sa sprioctheanga ionas nach gá dó an buntéacs féin a léamh ach go bhfuil teachtaireacht an údair faighte aige amhail is dá mbeadh sé léite aige sa bhunteanga féin.

  8. #278596

    Tá cead anois ag Cumann Lúthchleas Gael stádas speisialta don iománaíocht a iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe ó tá coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le cúrsaí oidhreachta curtha i bhfeidhm ag an Rialtas, a d'fhógair an tAire Heather Humphreys.  Tá cead ag an gCumann aighneacht a chur faoi bhráid na Náisiún Aontaithe idir seo agus deireadh an Mhárta agus gradam oidhreachta domhanda a lorg don iománaíocht.

  9. #1283517

    Cinneadh i ndiaidh fiosrúcháin go raibh na maruithe ‘dleathach’, ach i 1995 chinn an Chúirt Eorpach Um Chearta an Duine nach raibh aon ghá an triúr a mharú agus gur sáraíodh san eachtra coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le fórsa iomarcach.

  10. #1469368

    Táim ag obair sa Roinn Acmhainní Daonna i gColaiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus caithfidh mé léacht a thabhairt ar an ábhar i siompóisiam a bheidh ar siúl i Heilsincí ag Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le gníomhaíocht in aghaidh Gháinneáil ar Dhaoine i mí na Samhna.”

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.