Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

bonn

7,630 toradh in 4,793 doiciméad

  1. #271960

    D'éirigh leis an 88 lúthchleasaí 82 bonn ar fad a thabhairt abhaile leo as Los Angeles sna Stáit Aontaithe, 26 bonn óir, 28 bonn airgid agus 28 bonn cré umha.

  2. #978264

    D'athraigh an cogadh é - ar bhonn fisiciúil agus ar bhonn intleachtúil fosta.

    Ta muid ar an droichead uair amhain eile – Eagarthoir Gaeilge: Pol O Muiri

  3. #1526188

    “Na boinn atá buaite agam leis an nGaeltacht, bhaineas níos mó sásaimh as na boinn sin ná mar a bhaineas as na boinn a bhuaigh mé le Ciarraí.

  4. #1659912

    Déantar bua gach buaiteora a cheiliúradh, ar ndóigh, go háirithe i gcás An Bhoinn Óir.

  5. #1672351

    8,000 píosa airgid a bhí ann, idir bhoinn, sheodra agus bharraí.

  6. #1740149

    Tá tuiscint cheart ar choincheap na hoidhreachta ina cloch bhoinn do theacht slán na teanga.

  7. #1740209

    Tá tuiscint cheart ar choincheap na hoidhreachta ina cloch bhoinn do theacht slán na teanga.

  8. #1759697

    Feictear í ar stampaí La Poste agus ar roinnt de bhoinn airgid euro na tíre.

  9. #1310509

    Ba bhreá leo go n-imreofaí an cluiche ar bhonn eacnamaíochta, ar bhonn neamhchúblála airgid, ar bhonn macántachta sa rialtas.

    An seanscéal riamh – Alan Titley

  10. #283104

    Deich gcraobh Éireann buaite faoi stiúir Cody agus deich mbonn ag Shefflin.

  11. #322629

    Tá láncheart ar bhonn stairiúil, ar bhonn cothromaíochta, ar bhonn ionadaíochta agus ar bhonn forbartha, ag foireann Nua Eabhrac bheith rannpháirteach i gcraobh Chonnacht ach tar éis an Domhnaigh, díreoidh an chaint thall ar cé na himreoirí a bheidh ag teacht anall do shamhradh na bliana seo, ar cé na foirne a bhfuil póca teann acu chun na himreoirí céanna a mhealladh agus ar cén sórt feachtais a bheidh i mbliana ag an nGaillimh.

  12. #966065

    Réabhlóidí ab ea Cíosóg a thuig go gcaifí an náisiún a atógáil ón mbonn aníos.

    'What use are camáns?' – Róisín Ní Ghairbhí

  13. #971605

    Meáchan aerach an chailín á thabhairt do na boinn chuig rincí.

    Meachan rudai – Gan údar

  14. #987378

    Is í easpa na gcloch mbonn seo laige mhór na polaitíochta.

    Leasú an tsamhraidh; laige an phrionsabail – Pomuiri

  15. #1007532

    Foireann amháin a bhaileoidh na boinn agus an corn i bPairc an Chrócaigh i Meán Fómhair.

    Lúnasa agus baint an fhómhair – Cathal De Paor

  16. #1013502

    Bualadh boinn speisialta airgid ina chuimhne.

    Ca raibh tu? – Alan Titley

  17. #1032026

    Bhronn arm SAM boinn onóra ar scór saighdiúir.

    Wounded Knee - cneá a bhfuil cuimhne uirthi fós – Seán Ó Riain

  18. #1121768

    Bhuaigh sé boinn óir le Baile Átha Cliath san iomáint i gcraobhchluichí 1917 agus 1920 agus bhuaigh boinn óir sa pheil le Baile Átha Cliath 1921, 1922 agus 1923.

  19. #1311110

    Tugann tú suntas do na daoine óga in áit na mbonn.

    Ealaíontóirí óga agus seanmháistrí – Pól Ó Muirí

  20. #1507657

    Chun fáil amach an raibh buntáiste ag baint le boinn ladhracha mhóra, chuir na taighdeoirí laghairteanna le boinn ladhracha mhóra agus laghairteanna le boinn ladhracha bheaga i dtollán gaoithe. Rinneadh tomhas ar an luas gaoithe a ghlac sé chun iad a scuabadh de ghéag.

  21. #1656728

    Dhear sé cártaí, taipéisí, boinn agus plaiceanna, agus gréasa Ceilteacha orthu uilig.

  22. #1659654

    Is féidir leis an 159 a bheith trom ar na boinn chun tosaigh.

  23. #1664886

    Fiafraigh díobh chomh maith faoin dóigh a bhfuil na boinn.

  24. #1664887

    Más gá, tiomáin thart chuig chomhlacht a dhíolas boinn.

  25. #1689391

    Ar an mbonn sin, tá oideachas á gcur ar 6,000 póilíní sa Bhreatain ar an ábhar.

  26. #1702448

    Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.

  27. #1729613

    Ach íomhánna Joysúla (aidiacht Uí Chadhain é sin) na boinn sin a luann Wallace, boinn an tsolais.

  28. #1752020

    Mé thall i mBonn d’Fhéile Cheoil d’Ógánaigh na hEorpa.

  29. #1752907

    Is ar an mbonn sin a rinneadh an scannán.

  30. #1767123

    Cúis aifeála a bhí ann gur thosaigh bliain na Cathrach Cultúrtha amach ar an mbonn mícheart.

  31. #1776364

    Tógfaidh seacht mbancnóta, ó €5 go €500, agus ocht mbonn áit na bpuntaí agus na mbonn Éireannach inár bpócaí.

  32. #1776366

    Tá ocht mbonn éagsúla ann maidir le dearadh, dath agus toirt.

  33. #1776368

    Dar ndóigh, beidh sé níos deacra na boinn nua a láimhseáil.

  34. #1776387

    Tar éis 9 Feabhra, bancnótaí agus boinn euro amháin a bheas inghlactha in Éirinn.

  35. #1787365

    Ní dóigh liom go bhfuil agus is ar an mbonn sin a chaillfear an reifreann.

  36. #1802330

    Tugtar loonie ar an mbonn dollar tar éis an éin uisce comónta, an ‘Loon’ agus mar gheall ar an ainm seo, tugtar ‘toonie’ ar an mbonn dhá dollar.

  37. #293168

    Naoi réalt Uile Éireann i ndiaidh a chéile agus an méid céanna bonn Sinsear.

  38. #294288

    Idir an seisear sin, tá 27 Bonn Uile-Éirinn buaite san iomlán acu.

  39. #324611

    Áitíonn Pól go mbainfeadh an leasú molta an bonn d’Airteagal 41 den Bhunreacht.

  40. #835742

    Caitheadh bonn san aer agus roghnaíodh Páirc an Chrócaigh.

  41. #896973

    In aon spórt ar fud an domhain ní bhíonn ach dornán beag imreoirí go mbíonn an bonn is uachtaraí sa spórt sin acu – bonn Uile-Éireann sa chaid nó sna camáin nó bonn shraith na seaimpíní sa sacar, cuirim i gcás – agus is amhlaidh a bheidh go deo.

  42. #918141

    Táim Gaelach ó mo bhaithis go bonn mo choise – Gaelach thoir, thiar, thuas agus thíos.

  43. #966875

    Bonn 20 seancentimes (nó dhá cent) a fágadh ar an tábla don fhear bocht.

    Euros Annee – Gan údar

  44. #969759

    Bhí seanleads ag imirt cártaí ina ngrúpaí ar thaobh sráide, ach ní raibh bonn le feiceáil.

    Ag taisteal soir ar an bhealach fada chun na Sine – By Sean O Duill

  45. #970676

    Áthas gur stop duine chun cainte leo, chun comhartha measa seachas bonn airgid a bhronnadh orthu.

    Bothar an tSamhraidh – Gan údar

  46. #970787

    Áthas gur stop duine chun cainte leo, chun comhartha measa seachas bonn airgid a bhronnadh orthu.

    Bothar an tSamhraidh – Gan údar

  47. #971941

    Is é mo dhícheall é coimeád bonn ar bhonn leis.

    Log na Coille – Gan údar

  48. #974243

    Ba shine agus b'údarásaí eisean ná mise agus mar sin ní bhfuair sí an bonn.

    Caint na ndaoine – Eadhmonn Mac Suibhne

  49. #976936

    Éirithe róbhog atáimid lenár gcuid bonn san dornáil.

    Isliu chun bua – Alan Titley

  50. #977762

    Ní móide gurbh é an cáineadh seo a bhain an bonn de pháirtí Rop .

    An modh Eorpach – Gan údar

  51. #978767

    Ach má bhaineann "Orlengate" an bonn de, d'fhéadfadh deireadh bheith lena réim féin.

    Scannal mor sa Pholainn – Beocheist /Alan Desmond

  52. #985670

    Cruthaíodh bonn don phróiseas síochána agus an socrú atá ann faoi láthair.

    Bean an Iarainn ar iarraidh – Pomuiri

  53. #995622

    Ach tá bonn uile-Éireann aige.

    Cathanna sa Hyde – Máire Treasa Ní Cheallaigh

  54. #1001455

    Nárbh fhearr go mbronnfaí duais nó bonn na sárfhear air, áfach?

    Misneach mór – Alan Titley

  55. #1007581

    Tá de bhuntáiste againne nach mbíonn dóchas againn na céadta bonn a ghnóthú go hilmhinic.

    Fós féin, in ainneoin... – Alan Titley

  56. #1018701

    Níor bhuaigh sé riamh bonn uile-Éireann ach an oiread.

    Bimis curamach faoin bhfeachtas faiseanta – Gan údar

  57. #1024017

    Ní láithreach bonn baill ach tá an fód ar crith.

    Scotti stuacacha – Alan Titley

  58. #1026880

    agus láithreach bonn baill tá an saol ina cheart!

    Útamáil – Alan Titley

  59. #1037481

    Leoithní is spraisteacha seo dheireadh an tsamhraidh, cén bonn atá leo?

    Cúrsaí a bhfuil tábhacht leo, seans . . . – Gabriel Rosenstock

  60. #1037485

    Níl bonn faoi aon ní ach an réaltacht atá anseo, Anois, faoi láthair.

    Cúrsaí a bhfuil tábhacht leo, seans . . . – Gabriel Rosenstock

  61. #1038948

    "Láithreach bonn!" arsa Vishnú.

    Na huibheacha a bhí ag Pia – Gan údar

  62. #1123545

    Le linn dó a bheith i Mungairit bhuaigh sé bonn óir ar scéalaíocht i nGaeilge.

  63. #1125278

    Bhí sé ina cheannaire ar an LSF ina cheantar féin i rith 1939-45 agus fuair Bonn Chogadh na Saoirse agus Bonn Sheirbhís na Práinne.

  64. #1133811

    Ag pointe éigin tar éis a pósta thosaigh sí ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Bonn.

  65. #1136819

    Chaith sé blianta na fochéime (1956–1960) in ollscoileanna Bonn, Beirlín (Freie Universität), München, agus Bonn arís.

  66. #1192395

    Ní bhíonn an cluiche thart go mbíonn an cluiche thart agus ansin tig leat siúl amach, na ballaí bána agus an tsíleáil lán soilse a fhágáil i do dhiaidh, lámh a chroitheadh leis an imreoir eile, comhbhá a dhéanamh leis, é a mholadh as a bheith cróga agus ansin éisteacht leis an bhualadh bos ina chluasa agus an bonn a shocrú faoina mhuineál agus amharc ar a phictiúr sa pháipéar áitiúil agus ligean dá mhuintir a mhór a dhéanamh de agus ligean dá mhúinteoirí é a mholadh agus an bonn sin a thaispeáint dá chomrádaithe scoile, an bonn geal álainn uile-Éireann sin… Ná bac leis na brionglóidí!

  67. #1263023

    Tá súil againn aontú faoi go leor gníomhartha ann agus feidhmiú orthu láithreach bonn.

  68. #1612473

    “Bronnfar a gcéad bhonn ‘Seosamh Mhic Dhonncha’ ar 26 club faoin scéim agus a ndara bonn ar chlubanna eile a fuair bonn anuraidh ach atá i ndiaidh dul chun cinn suntasach a dhéanamh, rud a fhágann go bhfuil leibhéal bonn airgid nó óir bainte amach acu i mbliana.” Dhá chumann atá tar éis an dul chun cinn sin a dhéanamh, CLG na Rinne (Port Láirge) agus Na Fianna (Baile Átha Cliath).

  69. #1614167

    Aontas na Sóivéide, mar a bhí, ba mhó a thug boinn abhaile leo i 1964, iad i bhfoisceacht ceithre cinn den chéad – 30 bonn óir, 31 bonn airgid agus 35 bonn cré-umha, ní bheidh aon ionadaíocht i dTóiceo ag an tír is mó atá fanta den Aontas sin – tá fionraíocht ceithre bliana le cur isteach ag an Rúis sula scaoilfear i mbun iomaíochta arís í in aon mhórchomórtas spóirt siocair nár chloígh siad le rialacha a bhain le dópáil.

  70. #1652605

    Sháigh mé crúb sa dara póca agus d’aimsigh bonn 500 florin go huaigneach thíos ann.

  71. #1659907

    Tá dhá chéad comórtas ann ar fad agus is é An Bonn Óir buaic na glóire.

  72. #1669918

    Bhí cailíní ins na déaga ansin agus iad clúdaithe go bonn na gcos le gúnaí bána.

  73. #1671352

    Bhí an cleachtadh oibre céanna ar bonn le fiche bliain.

  74. #1691332

    An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta?

  75. #1708120

    Ligeadh do réimse na foirgníochta imeacht as smacht agus cuireadh an córas cánach ar bonn dosheasmhach.

  76. #1710492

    Níos deireanaí an bhliain chéanna ag na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Mheicsiceo, bhuaigh Tommie Smith agus John Carlos bonn óir agus bonn cré-umha ar son Mheiriceá sa rás 200 méadar.

  77. #1721431

    Ní gan dua a bhuaitear bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha.

  78. #1721438

    Ghnóthaigh sí an bonn óir ar 9 Lúnasa 2012.

  79. #1722145

    Thug bean amháin, atá an-chráifeach, bonn naofa domh le cur sa charr.

  80. #1732038

    Ó bhaithis go bonn.

  81. #1732988

    Bonn láidir gnó a bheith faoinár gcuid fiontar.

  82. #1736787

    Tá muid uilig bródúil as an teanga ársa Cheilteach seo agus tuigeann muid an tábhacht a bhaineann léi, chan amháin ar bonn pearsanta don té a labhras í, ach ar bonn áitiúil go sóisialta chomh maith, agus go fiú, ar bonn náisiúnta.

  83. #1741466

    Is iad an bonn faoin saothar léitheoireachta iad; múnlaíonn siad ionchas an léitheora ó thús.

  84. #1785522

    Nuair a smaoinítear ar an mbratach a athrú, tagann ceist nó dhó chun cinn láithreach bonn.

  85. #1797849

    Bhain sí bonn euro as an sparán agus sháigh sí ina póca é.

  86. #261236

    Fógróidh an tAire Oideachais Ruairí Quinn athrú ó bhonn ar an Teastas Sóisearach níos moille.

  87. #289474

    Rinne agus bhuaigh trí bhonn craoibhe eile agus trí All Star.

  88. #294376

    Caithfidh siad dul chun cinn leis an athrú ó bhonn atá molta ar fhéilire na gcluichí.

  89. #296637

    Ach ba chumhachtaí ann féin, b’fhéidir, a chinneadh éirí as a phost ar bhonn prionsabail.

  90. #307608

    Bíonn scéal na haimsire fud fad na tíre á scaipeadh ar an gcuntas ar bhonn rialta.

  91. #328777

    Bí ag súil leis an méid sin más ea agus scagadh ar na ceisteanna polaitíochta agus nuachta is mó atá i mbéal an phobail ar bhonn áitiúil agus ar bhonn náisiúnta.

  92. #664404

    Fuair sé cnap shuim £500 mar bhonn iocaíocht ó na Sasanaigh.

  93. #728508

    Ní cheannaítear earraí áirithe a thuilleadh ar bhonn pragmatach nó ar bhonn fóntaíoch – “beidh Johnny sona sásta leis an Nintendo seo don Nollaig nó déanfaidh sin an cúram do Mháire”, mar shampla.

  94. #738257

    Cinneadh cróga, cinneadh stuama ar bhonn eacnamaíochta agus ar bhonn rannpháirtíochta fiú ab ea é ag cliarlathas CLG na cearta a thabhairt ar láimh do SKY, ach is deacair dóibh siúd atá go láidir ar son an bheartais fiú amháin gan géilleadh go bhfuil teipthe anois ar an iontaoibh a bhíodh eatarthu siúd a chuireann aidhmeanna na heagraíochta chun cinn ar bhonn deonach agus an buíon beag daoine sna túir éabhair a dhein a gcúram go ciúin agus go slim le lucht ceannaithe na gceart teilifíse.

  95. #963487

    Bheadh tuairim is €300,000 de dhíth leis an iris a chur ar fáil ar bhonn coicíse.

    Cuig bliana Beo! beathach ar an Idirlion – Pol O Muiri - Eagarthoir Gaeilge

  96. #963609

    "Aithníonn Foras na Gaeilge an obair atá á déanamh ag múinteoirí bunscoile ar bhonn laethúil.

    Straitéis nua turasóireachta ag an Údarás – Gan údar

  97. #969776

    Tithe aon stór ar bhonn dronuilleogach, tógtha timpeall ar ghairdín beag.

    Ag taisteal soir ar an bhealach fada chun na Sine – By Sean O Duill

  98. #969942

    Is ceist imeallach í an teanga ar bhonn náisiúnta.

    Athnuachan an chultuir le fail i gcursai na n-inimirceach – Gan údar

  99. #969947

    Cinnte, déanann lucht na teanga iarracht í a chur chun tosaigh ar bhonn Eorpach, mar shampla.

    Athnuachan an chultuir le fail i gcursai na n-inimirceach – Gan údar

  100. #972000

    Is gá, gan amhras, tógáil ón bhonn aníos.

    Gniomhu Gaeltachta molta ach an bhfuil aon phlean ann? – Gan údar

  101. #972104

    Is masachas ó bhonn é a bheith ag plé leis an ngníomh céanna Béarla Gaeilge.

    Na focail a bhi – Gan údar

  102. #973639

    Leoga, thacaigh, ar bhonn pearsanta, cathaoirleach an Fhóraim, an Seanadóir Maurice Hayes, leis an éileamh.

    Borradh eile faoi fheachtas an Chonartha – Pol O Muiri, Eagarthoir Gaeilge

  103. #973875

    Mura n-éiríonn leis an fheachtas, beidh impleachtaí ann d'fhorbairt na Gaeilge ar bhonn náisiúnta.

    'Mireaduil' – Gan údar

  104. #975771

    Tá foclóirí, corpais agus acmhainní leictreonacha le forbairt ar bhonn leanúnach.

    Ní mór R+D na teanga a fhorbairt láithreach – Caoilfhionn Nic Pháidín

  105. #977704

    Fostaíonn na comhlachtaí Gaeltachta tuairim is 220 duine ar bhonn lánaimseartha agus tuairim is 180 ar bhonn séasúrach.

    ?44m de dhith ar TG4 anois - tuairisc teilifise – Gan údar

  106. #977809

    Ba bhuntáiste é sin nó chuideodh sé leis an earnáil neamhspleách teilifíse "forbairt ar bhonn orgánach".

    'Laghdu' ar chiste craoltoireachta cainte – Pol O Muiri

  107. #978505

    Ar an dóigh sin amháin a dhéanfar athmhachnamh ó bhonn ar spriocanna comhaimseartha.

    Caithfidh teanga agus forbairt siul le cheile – Eagarthoir Gaeilge: Pol O Muiri

  108. #978746

    Ghabh póilíní Modrzejewski ar chúiseamh camastaíola nach raibh aon bhonn leis.

    Scannal mor sa Pholainn – Beocheist /Alan Desmond

  109. #981136

    Bhí 8,193 duine fostaithe i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis ar bhonn lánaimseartha agus páirtaimseartha.

    'Bliain dhúshlánach' roimh Údarás na Gaeltachta – Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge

  110. #983370

    Déantar fadhb theicniúil de fhadhb chultúir, agus moltar réiteach teicniúil ar ghnó atá neamhtheicniúil ó bhonn.

    Taighde baoth – Alan Titley

  111. #985599

    Caithfear tabhairt faoin bhforéigean sin ar bhonn slándála, le póilíneacht agus sna cúirteanna.

    Forbairt pholaitiúil de dhíth – Pomuiri

  112. #987745

    Caitheadh blianta ag iarraidh a dhul i ngleic le hidirdhealú nó leithcheal i gcúrsaí fostaíochta ar bhonn deonach ach is nuair a cuireadh an obair ar bhonn reachtúil ab éifeachtaí a bhí.

    Riail an dlí an freagra is fearr ar chonspóidí faoi bhratacha agus faoi mhórshiúlta – Póilín Ní Chiaráin

  113. #997216

    Tá rudaí athraithe ó bhonn in amharclann na hintinne.

    Ar Chríoch na Gualainne Crua – Sorcha De Brún

  114. #1000388

    Tá básanna eile ag tarlú in aghaidh an lae agus ar bhonn domhanda.

    Neart fuaime; beagán céille – Mícheál Ó Haodha

  115. #1004106

    Mar sin féin, ní fhaigheann an tionscal seo aon aitheantas ar bhonn náisiúnta.

    Draíocht na Meán Ceilteach le feiceáil sna Déise – Catherine Foley

  116. #1004617

    Ar éigean go vótáileann aon duine ar bhonn polasaithe atá léite go mion.

    Ar deireadh! – Alan Titley

  117. #1008287

    Nuair a luaitear ‘cothroime’ arís, déantar é a scagadh ó bhonn, nó ligtear do sheanracht gáire.

    Cothrom na Féinne, mar dhea – Alan Titley

  118. #1008560

    Beidhsé freagrach as seirbhísí oideachais ar bhonn uile-Éireann.

    Ferdie an Fhorais – Gan údar

  119. #1010949

    Mairfidh siad ar feadh dhá bhliain ar bhonn lánaimseartha ó Mheán Fómhair na bliana seo.

    An bua e €1.6m a thabhairt don Fhoras? – Gan údar

  120. #1013862

    Chuir Bord na Leabhar Gaeilge tús leis an scéim seo ar bhonn triaileach bliain ó shin.

    Leigh Leat! – Gan údar

  121. #1014255

    Bhí gá ann go minic "an margadh sin a thógaint ó bhonn i dtosach" .

    Bord ur ar ball – Gan údar

  122. #1016285

    Is duine mise a thaitíonn cuid de na scrínte seo ar bhonn rialta i gcónaí.

    Tá cealú toilteanach an díchreidimh faoi bhagairt mhór – Mícheál Ó Ruairc

  123. #1016300

    Théinn go dtí an leabharlann ar bhonn rialta chun léamh agus scríobh go dtí le gairid.

    Tá cealú toilteanach an díchreidimh faoi bhagairt mhór – Mícheál Ó Ruairc

  124. #1016745

    Is dóichíde gurbh ar bhonn braistinte agus mothúchán a dhiúltaigh siad dó.

    Luchoga mora – Alan Titley

  125. #1018404

    Ba chóir dóibh, ar bhonn prionsabail, leagan nua ceart a chur i gcló".

    'Tarraing an t-eolaire siar anois' – Pól Ó Muirí

  126. #1019460

    FrithChaitlicigh iad is ea na Protastúnaigh ó bhonn.

    Stol tri gcos – Alan Titley

  127. #1020933

    Ach is bréag atá mar bhonn lena mhisean.

    Domhan drithleach is gan aon mhíniú ar an drithle aige – Mícheál Ó Haodha

  128. #1021343

    Bainfidh tú an barr amach agus satalóidh tú ar mhórán daoine faoi bhonn do chosa.

    Na réaltaí – Alan Titley

  129. #1021975

    Ní féidir cáiliú di ach ar bhonn do chuid torthaí.

    Cúig chiorcal na gcluichí – Mícheál Ó Huachacháin

  130. #1025190

    Bunaíodh WP ar bhonn phíolóta in Éirinn i bhfómhar na bliana seo caite.

    Ag fóirithint ar fhórsaí na banríona – Seán Ó Riain

  131. #1027238

    Bíonn Jensen i dteagmháil le pobail dhúchasacha Mheiriceá ar bhonn rialta.

    Ag éisteacht go cruinn agus go humhal leis an gcruinne – Gabriel Rosenstock

  132. #1030618

    Pé rud é athrú ó bhonn tá eagla dul ina aice.

    An leas poiblí – Alan Titley

  133. #1031918

    Lena chois sin, leanfaidh Foras na Gaeilge ar aghaidh ar an bhonn céanna agus beidh na freagrachtaí céanna tacaíochta agus maoinithe ar an eagras sin ar bhonn uile-oileáin.

    Seolann an Rialtas straitéis 20 bliain don Ghaeilge – Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge

  134. #1032892

    Dúirt ceannasaí an chiste, Áine Walsh, go raibh siad ag iarraidh “ábhar físiúil ar bhonn laethúil”.

    Borradh faoi fhoghlaim na Gaeilge thar sáile – Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge

  135. #1066168

    Thosaigh Éamonn Mac Giolla Iasachta ag cur ar son na Gaeilge ar bhonn praiticiúil thart ar an mbliain 1912 agus ar bhonn polaitiúil ina dhiaidh sin (lch 65).

  136. #1193587

    Dar leisean nár chóir na cosantóirí a chiontú ar bhonn samhlaíocht aislingeach Mary Dunbar.

  137. #1310018

    Bhuaigh sé trí bhonn óir Oilimpeacha.

    Fidel – idir na goodies agus na baddies – Alan Titley

  138. #1311631

    Tá poll sa bhonn.

    Aip aineolach na haimsire – Pól Ó Muirí

  139. #1312224

    Tá an saol athraithe agus caithfidh an chéad ghlúin eile tabhairt faoi ar bhonn nua.

    Eachtraí oilithreachta agus oideachais – Cathal De Paor

  140. #1313561

    Ar bhonn ginearálta, is léir gur níos mó den Eoraip seachas níos lú atá mar bhonn leis an bhfís uaidh.

    Gafa le mata agus an cruth ina bhfuilimid – Cathal De Paor

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.