Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

poll

2,078 toradh in 1,199 doiciméad

  1. #1030844

    Is contúirteach an rud é poll, go háirithe poll a bhfuil rud éigin le rá aige.

    Ola gón – Alan Titley

  2. #976291

    poll dubh é an dúpholl níos mó ach poll gorm: poll an phúca, dáiríre, seachas púca poill.

    An poll dubh – Alan Titley

  3. #1003519

    Ba dhóbair dom léim a dhéanamh agus an scolb a pholladh sa díon lasnairde de gheit.

    Mo leithscéal don Nollaig – Alan Titley

  4. #969817

    Tá na mílte corp pollta aige.

    Sa Naomhog Eitilte – An Peann Coitianta/Liam O Muirthile

  5. #1449357

    Bhí an-chur amach aige ar an dúthaigh ina thimpeall féin, agus ar an bPeaideac, agus tá sé sin áirithe ag Bríd Ní Mhóráin roimis sin agus ainmneacha na ngort agus mar sin de, ach bhí na carraigeacha is na cuaiseanna aige mar amhrán, cosúil leis seo: Cuas na Teorann, an Cuas Briste, Tóin an Bháis, Poll an Chaoil, an Iallait, Faill an Chaisleáin, Léim an Bhuachalla, Dún Uí Mhaoileáin, an Bréagaire, Foithín an tSamhaidh, Poll an Mhadra Uisce, Poll an Fhrancaigh, na Beannachaí Rua, an Poll Gorm, an Cuas Glas, an Cuas Beag, an Cuas Mór, Cuas Bun an Chlaí, an Bhróig, Cuas na Muice, Faill na Bó Mhór, Faill na Bó Bheag, Cuaisín na gCaorach, Cuaisín Bhaile Móir, an Scornach, an Bolg, agus Leac Fionntrá.

  6. #399077

    Bhí ábhar conspóide ann do Johnson i ndiaidh dá liathróidh bogadh ar phlásóg an 5ú phoill.

  7. #988644

    Cén poll de phoill na hamaidí as a dtagann an nimh seo?

    Ná géillimis do chiníochas caide in am ar bith – Alan Titley

  8. #1021326

    Bíonn scil faoi leith ag lucht Cancer ar phoill a thochailt sa talamh.

    Na réaltaí – Alan Titley

  9. #1030651

    Sráideanna dorcha lán de phoill.

    An saol faoin Veasúiv – Torlach Mac Con Midhe

  10. #982693

    Cén fáth a mbíonn clúmh i bpoll an imleacáin.

    Crobhinge – Alan Titley

  11. #984362

    Is i bpoll damháin alla a fuarthas Saddam agus féach gur saighdiúir Éireannach a tháinig air.

    Damhan alla – Alan Titley

  12. #1011361

    Iad ag dul síos sa pholl gan trácht, gan radharc.

    Geansai imeartha – Le Alan Titley

  13. #1020830

    In Namia is lofa boladh chúráin ná sneánna pholl na hascaille.

    Namia – Alan Titley

  14. #1119691

    Is timpeall chaisleáin na gCaomhánach a insitear an scéal, ceann díobh i bPoll an Mhóintigh, Co.

  15. #1312522

    Cad ina thaobh clubanna gailf agus an naoú bpoll déag?

    Sa phóca istigh – Alan Titley

  16. #1616902

    Sa chéad pholl a tolladh, fuarthas grád íseal de mhianrú óir i méadar amháin de bhuncharraig  ag  0.5 gram an tonna ó 95.0m thíos sa pholl.

  17. #1635478

    Shocraigh sé léim síos sa pholl.

  18. #1635479

    Shiúil na sealgairí thar an bpoll.

  19. #1635484

    Sa deireadh thit sé ina chodladh sa pholl.

  20. #1668482

    Mhothaigh sé é féin ag titim isteach i bpoll domhain dorcha.

  21. #1720964

    Chaith mé an gunna amach tríd an bpoll san fhuinneog.

  22. #1796585

    Pholl siad an balla tosaigh agus tharraing siad isteach an cábla ón taobh amuigh.

  23. #969166

    Doircheacht an cheo fó-thoinn, an taoide tharraic, an tóin poill.

    An dream fo-thoinn – Gan údar

  24. #986579

    Ní líontar poill mar fhiaclóirí.

    Tiarnas an domhain agus airgead measúil – Pomuiri

  25. #988667

    An leanfaidh Páirtí an Lucht Oibre ag titim go tóin poill?

    Seo anois na foghlaithe mara – Harry Mcgee

  26. #1011375

    Goirme Mhuineacháin ar nós chartreuse lasairfhíonach leamh a gcuirfí uisce poill tríd.

    Geansai imeartha – Le Alan Titley

  27. #1013879

    Bhí an seansionnach i bhfolach i dtóin poill agus cuma Dhaidí Dorcha na Nollag air.

    Bua nua do Bush – Sean O Healai

  28. #1028820

    Gineann dragan dragan, ach ní féidir le sliocht na luiche ach poill bheaga a dhéanamh.

    Seomraí – Alan Titley

  29. #1207626

    Bhí éadaí a dhearthár aige – agus más rud é go raibh poill sna glúine, cén difear mar go gcuirfeadh sé féin poill iontu gan mhoill ar scor ar bith?

  30. #1737107

    Is féidir na poill a d’fhág na pléascáin a fheiscint go soiléir.

  31. #1739377

    In aice leis an dún seo tá na poill séidte.

  32. #1739378

    Is séard atá iontu seo ná poill sa talamh timpeall céad méadar ó bharr na haille.

  33. #1752637

    Tá mearbhall air le mí anuas agus an oiread sin long ag dul go tóin poill.

  34. #969167

    Poll doimhin idir na hoileáin a bhí roghnaithe acu don tumadh, Caolas na mBarc.

    An dream fo-thoinn – Gan údar

  35. #976298

    Bádóirí san Aigéan Ciúin arb é Poll a nDia, báthadh go leor díobh.

    An poll dubh – Alan Titley

  36. #984516

    Pota óir i ndeireadh an aistir, nó neachtar acu, poll i bhfoirceann imeachta.

    Timpeall a lan – Alan Titley

  37. #988613

    Níor imir sé riamh cluiche faoi 14 bliain le Móinín Searbh ná le Poll na Seanghlúine.

    Bladar – Alan Titley

  38. #998195

    Is í is modheolaíocht ann poll folaigh deireanach an aineolaigh.

    Deireadh le léann an eolais – Alan Titley

  39. #1013285

    Poll dubh siar amach go baic an mhuiníl.

    Blath fola – Alan Titley

  40. #1013286

    Poll dubh ar nós croí an phoipín istigh.

    Blath fola – Alan Titley

  41. #1027581

    Mar i lár an bhladair mhóir tá poll mór ciúnais.

    Saint – Alan Titley

  42. #1029675

    Síos an poll!

    Bás tíogair – Alan Titley

  43. #1030846

    poll Eyjafjallajokull ag glacadh sosa faoi láthair, agus tá bolcán Katla ag prapáil chun gnímh.

    Ola gón – Alan Titley

  44. #1032113

    Aithnímid poll tí liabáin thíos fúinn agus feicimid sinn féin ann.

    Bliain na hainnise – Alan Titley

  45. #1311631

    poll sa bhonn.

    Aip aineolach na haimsire – Pól Ó Muirí

  46. #1679561

    Amach as gach poll sa tír a tháinig siad, ina scaiftí líonmhara, ina sluaite iomadúla.

  47. #1679837

    **Balor: John, gabh go Poll Tí Labáin!**

  48. #1680497

    Osclaíodh poll beag agus fiafraíodh díom an raibh a fhios agam an pasfhocal.

  49. #1794991

    Osclaíodh poll beag agus fiafraíodh dínn an raibh a fhios againn an pasfhocal.

  50. #1796171

    Bhí iongan a ordóige ag gearradh a poll slogaidh.

  51. #1797218

    "Beidh poll maith sa chuntas creidmheasa sula mbeidh an lá inniu amuigh," arsa Louis.

  52. #1800729

    -Marbh, a deir sí, cuireadh poll ann, cúpla poll, chonaic mé os cionn cláir é, ba dhóigh leat air gur ina chodladh a bhí sé.

    Thiar

  53. #1002533

    Ní bhainfidh seo aon tornapaí dúinn, agus is lú ná sin a phollfaidh sé an cloigeann dophollta.

    Gan fáilte don aingeal – Alan Titley

  54. #353299

    “Tá péire nua bróga tairní á dtabhairt chugam as an gClochán Liath,” a dúirt sé, “agus tá culaith bhréidín phollta agus boladh láidir Gaeltachta uaithi ag teacht aniar as Carna chugam”.

  55. #1016579

    Is é an rud eile sin sa bhreis, i leataoibh ón eacnamaíocht, pé é féin féinig féineach, a phollann an lamhnán.

    Ar scaradh Gall – Alan Titley

  56. #976299

    "An tusa a pholl mo pholl, a pholltóir?" adeirtí le daoine sna mianaigh, nuair a thochlaíodh duine thar a chuid, agus ba phoill dhubha iad sin thar aon agó.

    An poll dubh – Alan Titley

  57. #1154366

    …Do tagtí ar ball agus do tógtí an chuid acu ná bíodh aon chor acu á chur díobh, agus do curtí isteach i dtrucailibh iad agus do beirtí suas iad go háit in aice Charraig an Staighre, mar a raibh poll mor leathan doimhin ar oscailt dóibh, agus do curtí síos sa pholl san i dteannta ’chéile iad.’ Níorbh fhada go raibh Síle agus Diarmuidín i measc na ndaoine a cailleadh agus ba sa pholl céanna a cuireadh iad.

  58. #174944

    D'éirigh sé chun gloine uisce a ól agus mhothaigh sé pian aisteach ina ucht agus ina ghéaga, mar a bheadh na mílte snáthaidí beaga ag polladh a chraicinn.

  59. #272544

    Maidir leis an gcuardach inniu tá meaisín ar an láthair agus tomadóirí ó aonad fo-uisce na nGardaí ag cuardach i bpoill portaigh.

  60. #775254

    Tá a oiread finscéalta ann – ina measc sin an saighdiúr a chaill poill a shróine nuair a chuir sé boladh bláthanna i bPáirc na bhFál – go mbíonn cumhacht ar leith ag comharthaí intadhaill na coimhlinte: ‘…poill philéar úra sna brící meirgrua/ inar shleamhnaigh muid méara faiteacha,/ mar a dhéanfaí ar thaisí naofa/ as a dtiocfadh ádh is dea-rudaí dúinn’ (ST: 32).

  61. #870772

    Nuair a léim scéal le Seán Mac Mathúna is minic go ligim liú péine asam agus ‘cén fáth nár chuimhníos air sin!’ dom pholladh.

  62. #975440

    Bíonn discréid de dhíth ar choistí - rud nach ionann agus a rá nach ndéanann iriseoirí a ndícheall an discréid sin a pholladh agus scéal a lorg.

    Coiste Comhairleach le teacht le chéile ar ball – Gan údar

  63. #981208

    Rud a chuir samhnas ar go leor gur thóg sé díospóireacht dhoiléir faoi shuth reoite, sea “embryo”, leis na fíréin a tharraingt amach as a bpoill arís.

    Theip ar an Phoblacht a pobal a chosaint – Seán Ó Héalaí

  64. #982213

    Rud a chuir samhnas ar go leor gur thóg sé díospóireacht dhoiléir faoi shuth reoite, sea “embryo”, leis na fíréin a tharraingt amach as a bpoill arís.

    Theip ar an Phoblacht a pobal a chosaint – Seán Ó Héalaí

  65. #1015842

    An bhliain áirithe seo, áfach, bhí na Déise tar éis an claí a pholladh agus tuirlingt ar chluiche na craoibhe.

    An tsailchnis – Alan Titley

  66. #1106306

    A luaithe is a bhraith mé an polladh ar mo chraiceann, bhuaileas flíp trom air a dhein brúitín den chréatúr a bhí ag iarraidh braon de mo chuid fola a ól.

  67. #1563390

    Tá cead pleanála faighte ag lucht Chumann Lúthchleas Gael i gCo Mhuineacháin áiseanna nua a thogáil, cé gur aimsíodh poill shlogaide ar pháirceanna imeartha an chumainn anuraidh.  B'éigean páirc imeartha Mhistéalaigh Mhachaire Cluana a dhúnadh nuair a aimsíodh na poill shlogaide i mí Mheán Fómhair anuraidh ach tá cead acu anois dhá pháirc shealadacha a thógáil.

  68. #1687320

    Maíonn sé gur fá bhúir asail d'Oileán Mhanainn a bhí seisean ag an am ar polladh an Cabin Fever.

  69. #1716312

    Bhíothas in ann ola a fháil i bpoill nach raibh ní ba mhó na 100 troigh ar doimhne.

  70. #1800732

    -B'in é a thuairimsean, a deir sí, bhí sé i dul i bpoill agus i bprochóga uathu agus tháinig siad suas leis.

    Thiar

  71. #290471

    Deir an comhlacht, a rinne brabús de €653.5 mhilliún  anuraidh, nach bhfuil déanta acu ach an brú sna píopaí a laghdú d’fhonn caillteanas uisce trí phíopaí pollta agus póiriúla a chosc.

  72. #668822

    Chuaigh sé i dteangmháil leis ar an raidió agus fuair amach go raibh roth aige pollta agus nach raibh seac sa charr.

  73. #988876

    Ach, díobh siúd atá fós ina seasamh, níl sna foirgnimh anois ach creatlacha loma, iad pollta ag diúracáin, piléir agus pléascáin.

    Insint ealaíonta ar bhealach eile iriseoireachta – Éanna Ó Caollaí

  74. #1019025

    Tá Fianna Fáil chomh pollta sin nach bhfuil ach an cheathrú cuid de fágtha ar dhromchla na farraige.

    Fabhalscéal d'Fhianna Fáil – Seán Ó Héalaí

  75. #1238074

    Ní raibh a fhios aige cé as a tháinig an focal ‘pollta’ nó cé as a tháinig an smaoineamh bior an ráipéir a bhogadh suas cúpla orlach go dtímuinéal an fhir shínte.

  76. #1804981

    Tigíní beaga i mullach a chéile i gcathair ghríobháin de bhóithríní pollta agus cosáin chúnga – tá Sussuarana cosúil le gach bruachbhaile bocht eile in Salvador.

  77. #272902

    Fad agus bhíodar ag fanacht ag stad an bhuis, d'oscail poll sa chosán fútha agus shloig go baithis iad.  De réir tuairiscí áitiúla, níor gortaíodh éinne agus thaispeáin fís cctv siopadóirí ag tabhairt lámh cúnta dóibh.  Thuairiscigh meáin go raibh an poll 2 mhéadar doimhin agus go bhfuil na húdaráis áitiúla i mbun fiosraithe faoi chúis an phoill.

  78. #869890

    Bhí poll in áit a raibh do bhéal a bhí chomh mór le poll an adharta agus bhí do shrón soir-siar ar d’aghaidh agus ní fhéadfaí é dhéanamh amach ar ao’ chor, olc ná maith.’ Ó my, bhíos i mo sheasamh ansan ar nós scaoinse.

  79. #1012665

    Déarfaidh siad go bhfuil siad ag fáil bháis, agus déarfaimid leo 'voil, sin í an bheatha dhuit!' Déarfaidh siad go bhfuil poll ina mbolg, agus déarfaimid gur measa go mór an poll spioradálta.

    Banc dramhail – Alan Titley

  80. #1030845

    Lastuas dínn tá poll sa chiseal ózóin ag ligean do ghathanna na gréine ag gabháil steallaidh orainn agus cead raide acu; laistíos dínn tá poll in urlár an domhain ag caitheamh a bhfuil ina bholg aníos orainn.

    Ola gón – Alan Titley

  81. #1030862

    Dúirt poll Eyjafjalakokull linn go gcaithfimis smaoineamh ar bhóithre eile a shiúl seachas bóithre an aeir; dúirt poll na hola linn gur láidre agus gur marthanaí na déithe faoi thalamh ná déithe an uabhair agus na sainte a dtugaimid adhradh dóibh.

    Ola gón – Alan Titley

  82. #1233261

    I nDomhnach, a deir sé, ní thuigim é sin a mháistir, óir chualas-sa caint ar aon philéar amháin ó ghunna mór a tholl poll i mballa caisleáin, a bhasc cosa is lámha is cloigne, a bhris poll eile sa mballa ar a bhealach amach agus a cuireadh seacht dtroigh i dtalamh ar an taobh thall den chaisleán.

  83. #1687308

    Tá a fhios ag an saol mór go dtéann cuid rútaí Bhalor siar i bhfad isteach i gceo na staire agus síos go domhain isteach i gcréafóg Thoraí, níos doimhne ná Poll na Raithní ann agus níos doimhne fiú ná roinnt poll clúiteach eile ar an oileán ársa.

  84. #1711473

    "Bheinnse sásta, ar nós Mháirtín Mhic Oideachais, cúpla crann tabhaill agus mirlíní a thabhairt suas fosta." Is cuma sa tsioc le Tomóg Mheiriceá cad é atá ag gabháil anseo, nó tá seisean róghafa le cúrsaí bioráin agus léarscáile: poll beag thall, poll beag abhus, agus é ag stiúradh na ndiúracán isteach san Afganastáin, ag iarraidh teacht ar Osama Ó Loideáin.

  85. #101021

    Chaith Rory éadaí nach mbeadh de mhisneach ag mórán daoine a chaitheamh: jeans dearga déanta as pvc, t-léinte geala a bhí chomh teann sin go mbeadh eagla ort go bpollfadh a dhidíní iad, bróga déanta as craiceann nathrach, seaicéad tiubh ar dhath an airgid a shamhlófá ar amhránaí hiphop as an mBronx seachas ar fhear as Gleann Gheis.

  86. #186289

    Níl an tranglam tráchta tosaithe go fóill – is féidir le Reinaldo an chathaoir rothaí a bhrú ar an tarmac in ionad ar an gcosán atá lán de phoill.

  87. #204916

    Botháin bláithléige ar chuma fódanna móna lán de phoill, na clocha gan aon mheáchan iontu ach mar a shnámhfaidís in uisce nó a d’ardófaí iad gan dua i dtaibhreamh.

  88. #285403

    Nuair a bhain siad amach bruach an Phoill – leag Murchadha uaidh an mullán, scaoil sé anuas an dorú den ghlionda agus rinne sé corna deas cóiriúil dhó ar an mbruach.

  89. #752424

    Maraíodh fear sna fichidí i gCo Chill Chainnigh go moch ar maidin ach ar bhuail dhá ghluaisteán faoina chéile ar bhóthar an N24 in aice Bhaile an Phoill i ndeisceart an chontae.

  90. #970862

    Eolas a chur ar phoill snámha áitiúla, ar na taoidí, seachas a bheith ag rás anseo ná ansiúd.

    Saoiri samhraidh – Gan údar

  91. #981622

    Raghainn chomh fada agus a rá go gcuirfeadh sciuirdeanna rialta thar n-ais ar phoill agus ar phrochóga do shaoil phríobháidigh as do mheabhair ar fad thú luath nó mall.

    Ceird na dialainne, ceird an diabhail? – Mícheál Ó Ruairc

  92. #982773

    Raghainn chomh fada agus a rá go gcuirfeadh sciuirdeanna rialta thar n-ais ar phoill agus ar phrochóga do shaoil phríobháidigh as do mheabhair ar fad thú luath nó mall.

    Ceird na dialainne, ceird an diabhail? – Mícheál Ó Ruairc

  93. #983611

    Is laistigh de noimead a scaoilfear an smuga o phoill do shroine agus tu istigh on bhfuacht.

    Saraithe ag an sneachta i Lublin – Alan Desmond

  94. #983690

    Is laistigh de noimead a scaoilfear an smuga o phoill do shroine agus tu istigh on bhfuacht.

    Saraithe ag an sneachta i Lublin – Alan Desmond

  95. #991368

    Go tobann, chuala mé ó thóin an phoill “Caith anuas an buicéad sin” i nGaeilge ghlan dhúchasach Chonamara.

    Oileán agus oileán eile – Seán Ó Héalaí

  96. #1016955

    Tharla uair nó dhó gur tháinig freastalaí amach as an réamhchistin agus rollóga deataigh á séideadh as a phoill sróine.

    Bealdath ar an gcupan – Alan Desmond

  97. #1034078

    Tuigeann an chuid is mó den bpobal doimhneacht an phoill ina bhfuilimid agus tá siad réidh don ualach breise airgeadais a chuirfear orthu má roinntear go cothrom é.

    Iomramh achrannach Bhrian – Seán Ó Héalaí

  98. #1135453

    Ba iad Conn Ó Néill, Lios Ruanach, agus a bhean Mai Leonie Ní Chuirc ó Bhaile an Phoill, Cill Chainnigh, a thuismitheoirí.

  99. #1711547

    Tá buntáistí an ilteangachais chomh tábhachtach ag páistí i Learpholl Shasana is atá ag páistí i mBaile an Phoill in Éirinn.

  100. #184687

    Níl aon fhuinneoga ann ar mhaithe le príobháideachas, ach d’fhág mé dhá pholl sna ballaí, díreach faoi bhun na síleála, mar bhealaí aeir.

  101. #272362

    Bhásaigh an fear 33 bliain d'aois nuair a bhuail dhá ghluaisrothar agus jíp faoina chéile i bPoll an Phúca in aice Bhaile Coimín go gairid tar éis 9 a chlog.

  102. #292116

    In ionad titim isteach i bpoll coinín nó dul tríd an scáthán, baintear leas as prios éadaigh sa chás áirithe seo chun bealach éalaithe ón domhan réadúil a aimsiú.

  103. #320134

    “Níl a fhios acu chun úsáid a dhéanamh den rud atá acu,” a deir sé, agus shín sé a mhéar anonn chuig carnán mór aoiligh a bhí os comhair dorais tí amach, agus as sin shín sé an mhéar chéanna anonn chuig doire beag coille a bhí i gceart lár páirce – “Cailleann siad níos mó ná leath maitheasa an leasuithe ceal nach mbíonn an carn aoiligh déanta i bpoll acu, agus maidir le cúrsaí crann níl a fhios acu beag ná mór faoi sin.” An Cros Iarainn I bpoll cnaipe ar bhileog a chóta bhí ribín dubh agus dá stríoca bána ina lár.

  104. #320336

    In ainneoin dhorchadas a shaoil féin agus na ngeábhanna a thugadh sé ar pholl an duibheagáin, thuig an scríbhneoir iomráiteach, Máirtín Ó Cadhain, an méid seo go rímhaith.

  105. #789805

    Thosaigh aghaidheanna dorcha, aduaine mhuintir an bhaile mhóir ag guairdeall ina thimpeall; gan mhoill, bhí sé á shú isteach i bpoll dubh gan deireadh.

  106. #797537

    Pat amuigh sa Neidín seachtain roimhe sin, ag casadh le duine acu chun cúrsaí gnó a phlé, agus é ina luí i bpoll carraige an oíche roimhe, ag feitheamh lena gcúnamh.

  107. #974272

    Rinne na Seapánaigh féin gabháltas ar a mbundúchasaigh féin, an Anu, atá anois ar ghruagharbh thuaisceart na tíre i bpoll dá gcuid féin.

    Eiri na greine – Alan Titley

  108. #976296

    Tá ciníocha in Papua-An GhinéNua ann, a bhfuil seacht bhfocal fichid acu ar pholl, ach nár chuala riamh faoin mbanphrionsa Diana.

    An poll dubh – Alan Titley

  109. #987692

    Maidir le réiteach ar cheist na Siria, tá gach seans ann go mbrisfear an tír ina dhá cuid ar a laghad, ach go bhfanfaidh Basher i gcumhacht sa pholl ina bhfuil sé.

    An bháisteach throm; an fhuil dhearg – Alan Titley

  110. #989966

    Bíonn sé furasta go leor plean a chur le chéile ach muna bhfuil an neart tola ionat, bíonn sé ró-éasca titim ar ais i bpoll na drochshláinte.

    Mise Éadrom – Louise Mccreesh

  111. #990092

    Dem ainneoin, áfach, agus dem dheargreibiliúnach ainneoin, táthar dom shlogadh isteach diaidh ar ndiaidh i bpoll slogaide na Sé Náisiún agus an Choirn Heineken.

    BODge agus ROGdge – Alan Titley

  112. #991367

    Bhí fear amháin ar an mbruach cré in aice leis an bpoll agus é ag labhairt le fear éigin eile a bhí chomh domhain sin ann nach raibh a chloigeann le feiceáil.

    Oileán agus oileán eile – Seán Ó Héalaí

  113. #993326

    Bhí daoine in ann nithe a bhreacadh ar chraiceann ghamhna marbha agus n-iompar, seachas iad a ghreanadh ar chloich agus a fhágaint i bpoll sa pháirc.

    Aibitír thiar agus aibitír eile thoir – Alan Titley

  114. #999141

    Go deimhin, ní raibh ach an darna pointe seiceála sroichte againn agus bhí sé pholl eile le cur ar ár gcártaí siúil sula mbainfí ceann scríbe amach.

    Dúshlán na sléibhte – Breandán Delap

  115. #1003044

    Is leor aon pholl beag amháin in eangach leathan na slándála chun gach seift a chur ó rath.

    Amach romhainn – Alan Titley

  116. #1004457

    An gcuirfeadh sé borradh faoi reifreann eile in Albain ar son neamhspleáchais agus cos i bpoll sa Ríocht Aontaithe sa deireadh?

    An cárta Brexit – Pól Ó Muirí

  117. #1009647

    - Ní mé an ar Áit an Phuint nó na Cúig Déag atá mé curtha.- Faoi thalamh atá tú ar aon chaoi.- Faoi thalamh?- Chaith siad isteach i bpoll thú.

    An leagan Iaracach de chre na cille a scriobh – Gan údar

  118. #1010599

    Shrac sé an meon as a chéile, dhein míreanna beaga de agus chuir i bpoll proibhí é go brách.

    Taoille tailli – Le Alan Titley

  119. #1013297

    Ní iardhearcadh é seo; b'é tuiscint aon duine a raibh smearadh beag de chúilfhéith i bpoll tí liabáin a chloiginn é ag an am.

    Blath fola – Alan Titley

  120. #1019925

    Thiocfadh dó go n-amharcfadh siad ar TG4 agus ar chláir Ghaeilge mar pholl mór dubh atá ag blí airgid ó chiste an cheadúnas teilifíse.

    Molann RTE fograiocht a bhaint de TG4 – Pol O Muiri

  121. #1023110

    Tá an slua brúite in aghaidh a chéile agus ag bogadh i dtreo an stáitse mar a bheadh báire éisc ag triail éalú trí pholl beag eangaí.

    Beo bodhar tar éis oíche le hAnthrax – Éanna Ó Caollaí

  122. #1023369

    Ag druidim le lár an 19ú haois thit siad isteach i bpoll fiacha agus d’fhág san nach raibh ionú acu ach CastleHyde a dhíol.

    Beirt fhilí agus rinceoir – Mícheál W. Ó Murchú

  123. #1030307

    B’í teoiric an nualiobrálachais chaipitlígh a lot go héag sinn, mar is sólás é an saol a fheiscint trí aon pholl amháin.

    Dorn focal úr – Alan Titley

  124. #1034073

    Chuir an tAire Airgeadais cúpla fód i bpoll sa mbruach agus dúirt go bhfanfadh sé go mí na Nollag chun iomlán na péine a fhógairt.

    Iomramh achrannach Bhrian – Seán Ó Héalaí

  125. #1063945

    Níorbh fholáir don fhear píce a bheith airdeallach nach dtitfeadh aon fhód isteach sa pholl uisce, rud a fhliuchadh an fear thíos agus a tharraingeodh caint ghéar ar an bhfear píce.

  126. #1183147

    Nuair a bhíodh allas ag rith as tamall, fiche bomaite abair, agus go leoir allais as, léimeadh siad isteach i bpoll uisce le allas a nighe díofa agus bhíodh siad leigheasta.

  127. #1280708

    Cuirtear ar shúile an léitheora gur gnáthchuid den saol í an chollaíocht: téann bod nó teanga isteach i bpoll éigin agus sin a bhfuil faoi.

  128. #1291524

    Bhí siad i bpoll sa gcluiche comhscóir sin freisin – 7 gcúilín le fána isteach sa dara leath, ach níor cheadaigh siad ach 3 scór eile do Nemo sna 30 nóiméad dheireanacha.

  129. #1309475

    I bpoll dearglaoich sa sliabh ba ghnách an trealamh poitín a chur nuair nach mbítí á úsáid, arae ba shábháilte ansin é agus dheamhan a dtáinig aon mheirg air.

    Bainne glas na heasóige – Pádraic Breathnach

  130. #1310086

    Iad leata ar fud na nuachtán ionas go bhféadfadh gach duine a bheith ag gliúcaíocht orthu mar dhéanfaí trí pholl na heochrach i ndrúthlainn.

    Fios gach feasa sna figiúir – Alan Titley

  131. #1339913

    ‘Le fírinne, agus mé  ag feistiú do Par 3,  ní thagann sé i mo chloigeann riamh go bhfuilim ag iarraidh an liathróid a chur sa bpoll,’ a deir an tÓgánach.

  132. #1339928

    Ar an 4ú poll (Par 3, 100 slat) thug Elsie cnag den mhaide mór don liathróid a d’imigh síos le fána agus nár chónaigh go ndearna sí ‘plap’ síos sa bpoll.

  133. #1358947

    Faoin  talamh a bhí an t-iontas agus bhí ort bata iarann a shá síos i bpoll sa bportach le go gcloisfeá é ag bualadh faoin gcloch.

  134. #1616901

    Deir Conroy Gold and Natural Resources go bhfuil ceantar nua óir aimsithe acu ar Shliabh gCleath i ndiaidh dhá pholl tástála chomh domhain le 308 méadar.

  135. #1653452

    Tá sé féin agus Bertie an (blíp-ing) bodach chomh folláin le breac i bpoll brandaí agus is cuma sa tsioc leis na (blíp-ing) clabhstair fúmsa bocht breoite.

  136. #1667156

    Lá amháin, i ndiaidh argóna, pholl sí a fear céile, a bhí seachtó bliain d'aois, le scian chistine agus é ag déanamh aclaíochta ar urlár an tseomra suí.

  137. #1669989

    Is leis an traidisiún céanna a bhaineann "Waltzing Matilda", an t-amhrán náisiúnta neamhoifigiúil faoi ghadaí caorach a bháigh é féin i bpoll uisce nuair a bhí na póilíní sa tóir air.

  138. #1676281

    Is beag nach ag cogarnach a bhíonn Peter Allis an BBC nuair a bhíonn galfaire ag díriú ar an liathróid a chur sa pholl.

  139. #1686023

    Caithfidh tú plean agus sprioc a bheith agat – sin a bheith amhlaidh ó do chuid iompair agus cosa i bpoll a chur le haon duine a thagann isteach i do chasann.

  140. #1688838

    Dhruid sí leis an gcúldoras agus rug sí greim ar an eochair a bhí suite go teann i bpoll an ghlasa.

  141. #1689606

    Thug siad 'river rat' air mar gur chaith sé blianta deireanacha a shaoil ag ól cois na habhann ar an Pholl Ghlas.

  142. #1690814

    Is iomaí uair arbh éigean dó glacadh le cailliúint agus ba mhinic an bua scioptha uaidh ar an lá deiridh nó ag an bpoll deiridh.

  143. #1690821

    B'fhéidir gur chabhraigh taithí Phádraig ar pheil agus iomáint leis, ach ar chaoi ar bith thiomáin sé an liathróid sa pholl gan stró.

  144. #1691064

    “Gach greim a chócaráil an bhean bhocht sin riamh, is i bpanna mór dubh os cionn tine i bpoll urláir a rinne sí é.

  145. #1693967

    Bhí triúr san iomaíocht ag pointe amháin sa naoi bpoll ag an deireadh - Harrington, Garcia agus Romero.

  146. #1693984

    Dá gcuirfeadh Garcia sa pholl é, agus dá dteipfeadh ar Harrington, bheadh breisimirt i gceist go dtí go mbeadh toradh níb fhearr ag imreoir amháin ag poll amháin.

  147. #1702041

    Ghortaigh buama Gearmánach cosa Jack agus ní léir go mbeidh sé in ann dreapadh aníos as an bpoll.

  148. #1709137

    Agus suí in óstán dhá réalt go mbualfadh an cloigín mallaithe i bpoll na cluaise agus gan déanta agam ach dhá néal codlata.

  149. #1710943

    Ní bhíonn sé le feiceáil ar do chuid ráiteas a thagann as an "pholl sa bhalla" – mar sin, imíonn sé as do chuimhne.

  150. #1718763

    Dá dtabharfaí níos mó aird ar fhealsúnacht Phallaidigh sa tír seo, b’fhéidir nach mbeadh muid sa bpoll portaigh ina bhfuil muid faoi láthair.

  151. #1737678

    An rud a dhéanann siadsan ná poll a thochailt sa talamh, ubh amháin a bhreith taobh istigh, ansin an bealach isteach sa pholl a chosaint.

  152. #1737751

    An rud a dhéanann siadsan ná poll a thochailt sa talamh, ubh amháin a bhreith taobh istigh, ansin an bealach isteach sa pholl a chosaint.

  153. #1780355

    Tá cinnireacht nua ag teastáil le stráitéis nua a chur le chéile agus le muid a threorú as an bpoll doimhin dorcha ina bhfuil muid sáinnithe faoi láthair.

  154. #1792224

    Agus naimhde sa tóir air, is é nádúr an duine é féin a chaitheamh i bpoll nó teitheadh suas crann ard go n-imí an chontúirt.

  155. #1797655

    Bhí fáinne beag a raibh cloch dhearg crochta as ag caochadh i bpoll an imleacáin agus nuair a shiúil sí thart leis, bhí tatú ar chaol a droma fosta.

  156. #1800763

    Fán am a nocht ball bán an lae, bhí an chéad mhullach sroichte agus an chéad pholl sa chárta.

  157. #1800795

    Ní raibh ach dhá pholl eile le cur sa chárta ach bhí aistear fada romhainn go fóill agus muid báite go craiceann.

  158. #1805543

    Bhraith sé aisteach, mar sin féin, ag sleamhnú amach ón mbruach ar an bpoll domhain is gan cuairteoir ar bith thart.

  159. #156151

    Muide amháin a luíonn le chéile, muide amháin a cheansaíonn gach cíocras, a ólann drúcht na maidine, a phógann croí na gréine, a phollann tóin na mara go bhfágtar na tonnta spíonta mar allas na suirí orainn.

  160. #1122373

    In An tÚrscéal Gaeilge (1991) deir Alan Titley faoi Schnitzer Ó Sé: ‘Saol liteartha pearsana poiblí agus bréige na héigse is ea a phollann sé go hálainn i gcruth is go bhfuil sé chomh hoiriúnach mar chlabhsúr ar thréimhse áirithe is a bhí An béal bocht roimhe nach mór’​.

  161. #156124

    ‘Sciorr mé mar seo,’ arsa Darach agus é ag sciorradh mar dhea ar an urlár idir na leapacha, rug greim ar bhun leapa á rá gurbh ionann sin agus taobh na sráide ach féach mar a bhí leathchos leis fós sa tsráid is go ndeachaigh an leathchos chéanna faoi roth na cairte, rud a bhí chomh pianmhar dar leis gur scaoil sé leis an bpolla adhmaid a raibh sé i ngreim air mar a bhí anois i ngreim ar bhun na leapa is gur bhuail sé a cheann dá bharr sin i gcoinne taobh na sráide díreach mar atá sé anois á bhualadh mar dhea i gcoinne urlár an bharda.

  162. #173780

    Chuaigh cuid de na plandálacha bealach na tionsclaíochta, chuaigh cuid eile i muinín inimirceach geala ó dheisceart na hEorpa, chuaigh cuid eile arís go tóin poill.

  163. #259821

    Tá iarrachtaí tarrthála ar bun san Indinéis tar éis go ndéacha bád a raibh na céadta teifeach ar bord uirthi go tóin poill gar d'Oileán Java.

  164. #266732

    Bhí an bheirt bhan ar bord an Lusitania, ag filleadh ó Mheiriceá nuair a chuir fo-mhuireán Gearmánach go tóin poill í i mBealtaine 1915.

  165. #269661

    Bhí an bád "The Eastern Star" ar a bhealach ó Nanjing go Chonging ach chuaigh sé go tóin poill de dheasca na drochaimsire thart ar a 9.30.

  166. #295022

    Insíonn sé dóibh faoi Ú-Bhád Gearmánach a chuaigh go tóin poill sa Mhuir Dhubh i rith an Dara Cogadh Domhanda.

  167. #297920

    Bhásaigh na céadta dalta scoile sa Choiré Theas níos luaithe i mbliana, i mí Aibreáin, nuair a chuaigh bád farantóireachta ar a rabhadar ag taisteal go tóin poill.

  168. #299720

    Braitheann gur feall ar ainmhí a cuid bainne a thógaint agus glugar a dhéanamh as, go háirithe an saghas a mbíonn péisteanna ag sníomh tríd agus poill go deireadh ann.

  169. #310950

    Riamh i mo shaol níor chas aon duine dom a mba é an port a bhí aige nó aici : “Sa dara háit a chríochnaigh an ceann a raibh mo gheall air sa rása sin, ach tá mé chomh sásta céanna os rud é go mba chapall Éireannach a bhuaigh air!” Bí cinnte mar sin féin go mbeidh an bhratach trídhathach ar foluain an tseachtain seo i bhfáinne na mbuaiteoirí agus each de chuid na tíre seo ag déanamh ar an bpolla a bhfuil “1st” greannta ar a bharr.

  170. #364713

    Chuir botúin chlúmhillte Mission to Prey Prime Time Investigates go tóin poill agus piardaí nuachta sinsearacha de dhroim seoil in 2011.

  171. #369526

    Soitheach a chuaigh go tóin poill, lastas luachmhar ar iarraidh, tumadóireacht agus gábh farraige bunsraith na scéalaíochta a ropann go sciobtha ó eachtra go heachtra.

  172. #513271

    Le George North agus Toby Faletau ag déanamh poill i líne chosánta na hÉireann bhí Alex Cuthbert ábalta briseadh fríd leis an bhearna a laghdú chuig fíche pointe arís.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.