Gaois

Eolas mar gheall ar shonraí a roinnt

Thosaigh grúpa taighde Gaois ag bailiú téacsanna do Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha sa bhliain 2015. Roinn foilsitheoirí éagsúla téacsanna Gaeilge le foireann taighde Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU ar mhaithe leis an gcorpas seo a thiomsú agus le taighde a dhéanamh ar an nGaeilge chomhaimseartha.

Aontaíodh an tráth sin go mbeadh cead ag Gaois rochtain a thabhairt don phobal ar ábhar na dtéacsanna, ach nach sáródh an rochtain sin 100 focal leanúnacha, agus is mar sin atá an corpas leagtha amach.

Leis seo, is iad na húdair nó na foilsitheoirí an sealbhóir cóipchirt i gcás gach téacs i gCorpas Comhaimseartha na Gaeilge. Níl sé de chead ag Gaois ceann ar bith a roinnt ina iomláine le duine ná le páirtí eile.

Beidh tacair éagsúla sonraí a cruthaíodh leis an gcorpas (e.g. liostaí minicíochta, samhlacha teanga etc.) ar fáil trí shuíomh gaois.ie amach anseo. Is táirgí nua iad seo nach ionann agus na buntéacsanna iad, a ndearna Gaois obair shuntasach orthu. Is ar an mbonn seo, gur táirgí nua-chumtha iad a chruthaigh Gaois, a bhfuil cead ag foireann Gaois iad a roinnt leis an bpobal.

Beidh ceadúnas CC BY 4.0 le gach tacair sonraí a roinnfidh Gaois leis an bpobal. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar choinníollacha an cheadúnais seo ar fáil anseo.