Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

éifeacht

craiceann

23 toradh in 14 doiciméad

  1. #294652

    - fianaise ábhartha maidir lena gcuid éifeachtaí tuartha ar an gcraiceann.

    - relevant evidence concerning their predicted effects on the skin.

    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

  2. #2694981

    Rinne éifeacht an placebo an poitéinseal um íogrú craicinn a cheilt.

    The skin sensitisation potential was masked by the effect of the placebo.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/60 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le haigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus ba déiríochta (sealbhóir an údaraithe: BASF SE) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2165317

    Chinn an tÚdarás freisin nach mbaineann aon ábhair imní leis an tsubstaint maidir lena héifeachtaí ar an gcóras riospráide agus ar an gcraiceann ach gur greannaitheoir súl atá inti.

    It also concluded that the substance does not raise concerns regarding the effects on the respiratory system and the skin but is an eye irritant.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2092 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2021 maidir le défhormáit photaisiam a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus le haghaidh bainbh scoite (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #293552

    De ghnáth, bheifí ag súil go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag substaintí den sórt sin ar an gcraiceann.

    Generally, such substances are expected to produce significant effects on the skin.

    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

  5. #293642

    Caithfear creimeadh craicinn féideartha a mheas sula mbreithneofar damáiste/greannú tromchúiseach súile, d'fhonn tástáil le haghaidh éifeachtaí lógánta ar shúile le substaintí atá creimneach don chraiceann a sheachaint.

    Possible skin corrosion has to be evaluated prior to consideration of serious eye damage/eye irritation in order to avoid testing for local effects on eyes with skin corrosive substances.

    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

  6. #2165203

    Cheal staidéar maidir le dé-ocsaíd tíotáiniam, níorbh fhéidir leis an Údarás teacht ar chonclúid i dtaca leis an measúnú ar éifeachtaí an bhreiseáin ar na súile agus ar an gcraiceann.

    In the absence of studies with titanium dioxide, the Authority could not conclude on the assessment of the effects of the additive on eyes and skin.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2090 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 maidir le húdarú dé-ocsaíde tíotáiniam a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #2513386

    Tabharfaidh an tástáil poitéinseal greannachta craicinn an táirge cosanta plandaí lena n-áireofar inaisathraitheacht fhéideartha na n-éifeachtaí a bhreathnaítear.

    The test shall provide the potential of skin irritancy of the plant protection product including the potential reversibility of the effects observed.

    Rialachán (AE) 2022/1440 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach maidir le táirgí cosanta plandaí agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí a bhfuil miocrorgánaigh iontu (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2569845

    Is minic a thugtar le fios gur rud neamhbhuan a bheidh sna fo-iarsmaí, athlasadh mar shampla, ach tuairiscítear éifeachtaí tábhachtacha agus fadtéarmacha freisin, amhail athruithe lí craicinn.

    Side effects are often indicated as transient, for example, inflammations, but important and long-lasting effects are also reported, such as skin pigmentation changes.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2347 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le grúpaí táirgí gníomhacha áirithe nár beartaíodh críoch leighis dóibh a athaicmiú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #3187285

    Chun leibhéal cosanta níos cuimsithí a áirithiú, is gá breithniú a dhéanamh ar chonairí ionsúcháin eile seachas ionanálú i gcás dé-isicianáití, lena n-áirítear éifeachtaí díobhálacha don tsláinte a d’fhéadfadh a bheith ann tar éis nochtadh don chraiceann san ionad oibre, a bhféadfadh éifeachtaí sistéamacha imdhíoneolaíocha a bheith mar thoradh orthu freisin, amhail íogrú na conaire riospráide.

    To ensure a more comprehensive level of protection, it is also necessary to consider absorption pathways other than inhalation for diisocyanates, including possible adverse health effects following skin exposure at the place of work, which can also result in systemic immunological effects such as sensitisation of the respiratory tract.

    Treoir (AE) 2024/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/24/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus le haghaidh dé-isicianáití

  10. #1945885

    Agus an craiceann á ghlanadh leis an bhfearas, déanann sé suathaireacht ar an éadan, suathaireacht arb é atá inti éifeacht bhreise a imríonn bíogadh an fhearais.

    When cleansing the skin, a facial massage occurs as an additional effect due to the pulsations.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/530 ón gCoimisiún an 22 Márta 2021 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

  11. #2908060

    Gan aon éifeacht bitheolaíoch ábhartha sna staidéir a rinneadh maidir le cíteatocsaineacht, pirigineacht, íogrú, greannú craicinn agus ionchlannú (90 lá) mar a léirítear in ISO 10993.

    No relevant biological effects in the studies performed for cytotoxicity, pyrogenicity, sensitization, dermal irritation and implantation (90 days) as indicated by ISO 10993.

    Cinneadh (AE) 2023/1809 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais agus cuacháin mhíosta in–athúsáidte (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6024) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  12. #293548

    Tosóidh an anailís le taithí reatha an duine agus sonraí reatha ainmhithe, maidir le haon-nochtadh nó le hilnochtadh, toisc go dtugann siad faisnéis a bhaineann go díreach le héifeachtaí ar an gcraiceann.

    Existing human experience and animal data from single or repeated exposure shall be the first line of analysis, as they give information directly relevant to effects on the skin.

    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

  13. #293687

    Uaireanta eile, nuair a mheastar nach mbeidh guaiseacha comhábhair maidir le greannú/creimeadh craicinn nó na héifeachtaí inchúlaithe/dochúlaithe súile a bhíonn ag comhábhar follasach ar an gcomhábhar sin a bheith i láthair ar leibhéal os cionn na dteorainneacha cineálacha tiúchana a luaitear i dTábla 3.3.3 agus i dTábla 3.3.4, breithneofar tástáil a dhéanamh ar an meascán.

    On other occasions, when it is expected that the skin corrosion/irritation hazards or the reversible/irreversible eye effects of an ingredient will not be evident when present at a level above the generic concentration limits mentioned in Tables 3.3.3 and 3.3.4, testing of the mixture shall be considered.

    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

  14. #293691

    Teorainneacha tiúchana cineálacha chomhábhair meascáin arna aicmiú mar chreimneach don chraiceann de Chatagóir 1 agus/nó mar Chatagóir 1 nó 2 le haghaidh éifeachtaí ar an tsúil a chuireann faoi deara aicmiú an mheascáin maidir le héifeachtaí ar an tsúil (Catagóir 1 nó 2)

    Generic concentration limits of ingredients of a mixture classified as Skin corrosive Category 1 and/or eye Category 1 or 2 for effects on the eye that trigger classification of the mixture for effects on the eye (Category 1 or 2)

    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

  15. #517387

    má tá go leor sonraí bailí ar fáil maidir le gach ceann de na comhdhúile sa mheascán chun go bhféadfar an meascán a aicmiú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 1999/45/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (CPL) agus nach bhfuil súil le héifeachtaí sineirgisteacha idir aon cheann de na comhdhúile;má thugtar le fios san fhaisnéis atá ar fáil gur cheart an táirge a aicmiú mar tháirge a íograíonn nó a chreimeann an craiceann;

    there are valid data available on each of the components in the mixture to allow classification of the mixture according to the rules laid down in Directive 1999/45/EC and Regulation (EC) No 1272/2008 (CLP), and synergistic effects between any of the components are not expectedthe available information indicates that the product should be classified for skin sensitisation or corrosivity;

    Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  16. #517739

    30. Maidir le híogrú craicinn agus le híogrú riospráide, sa mhéid is nach bhfuiltear ar aon fhocal maidir le cé acu is féidir nó nach féidir dáileog/tiúchan a shainaithint nach dóigh go dtarlóidh faoina bhun éifeachtaí dochracha, go háirithe i suibiacht atá íograithe cheana féin do shubstaint áirithe, is leor a mheas cé acu atá nó nach bhfuil sé de chumas intreach ag an substaint ghníomhach nó ag an substaint ar údar imní í na héifeachtaí sin a chruthú mar thoradh ar úsáid an táirge bithicídeach.

    30. With respect to skin sensitisation and respiratory sensitisation, in so far as there is no consensus on the possibility of identifying a dose/concentration below which adverse effects are unlikely to occur, particularly in a subject already sensitised to a given substance, it shall be sufficient to evaluate whether the active substance or substance of concern has an inherent capacity to cause such effects as a result of the use of the biocidal product.

    Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  17. #1759361

    (4)De réir mholtaí an Choiste, bunaítear, nuair atá fáil orthu, nodaireachtaí craicinn agus/nó teorainnluachanna do bhealach ionanálaithe an nochta maidir le tréimhse thagartha ocht nuaire mar mheán ualaithe thar thréimhse ama (teorainnluachanna nochta fhadtéarmaigh) agus, i gcás carcanaiginí agus só-ghineacha áirithe maidir le tréimhsí tagartha níos giorra, cúig nóiméad déag mar mheán ualaithe thar thréimhse ama i gcoitinne (teorainnluachanna nochta ghearrthéarmaigh), chun na héifeachtaí a eascraíonn as nochtadh gearrthéarmach a chur san áireamh.

    (4)In accordance with the recommendations of the Committee, where available, skin notations and/or limit values for the inhalation route of exposure are established in relation to a reference period of eight-hours time-weighted average (long-term exposure limit values) and, for certain carcinogens or mutagens, to shorter reference periods, in general fifteen minutes time-weighted average (short-term exposure limit values), to take account of the effects arising from short-term exposure.

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2004/37/CE ar chosaint oibrithe ó na priacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

  18. #292505

    (b) i dtiúchan aonair de ≥ 0,1 % meáchain do mheascáin neamhghásacha, substaint amháin ar a laghad ar carcanaigineach de chatagóir 2 í nó ar tocsaineach don atáirgeadh í de chatagóir 1A, 1B agus 2, ar íogróir craicinn de chatagóir 1 í, ar íogróir riospráide de chatagóir 1 í, nó a mbíonn éifeachtaí aici ar lachtadh nó trí lachtadh nó atá seasmhach, bithcharnach agus tocsaineach (PBT) i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII nó atá an-seasmhach agus an-bhithcharnach (vPvB) i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII nó a áiríodh ar chúiseanna seachas na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a) den liosta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 59(1);

    (b) in an individual concentration of ≥ 0,1 % by weight for non-gaseous mixtures at least one substance that is carcinogenic category 2 or toxic to reproduction category 1A, 1B and 2, skin sensitiser category 1, respiratory sensitiser category 1, or has effects on or via lactation or is persistent, bioaccumulative and toxic (PBT) in accordance with the criteria set out in Annex XIII or very persistent and very bioaccumulative (vPvB) in accordance with the criteria set out in Annex XIII or has been included for reasons other than those referred to in point (a) in the list established in accordance with Article 59(1);

    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

  19. #293551

    3.2.2.2. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh foircinn pH cosúil le ≤ 2 agus ≥ 11,5 a léiriú go bhféadfadh sé go mbeadh éifeachtaí craicinn mar thoradh air, go háirithe nuair is eol gur ann d'acmhainneacht mhaolánaithe, cé nach bhfuil an chomhghaolmhaireacht foirfe.

    3.2.2.2. Likewise, pH extremes like ≤ 2 and ≥ 11,5 may indicate the potential to cause skin effects, especially when buffering capacity is known, although the correlation is not perfect.

    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

  20. #1942731

    Chinn sé freisin nach bhfuil an breiseán ina ghreannaitheoir don chraicinn ná do na súile agus nach bhfuil sé ina íogróir craicinn ach go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le fóta-íogrú agus in éagmais staidéar maidir le tocsaineacht ionanálaithe, ní fhéadfaí éifeachtaí díobhálacha sa chonair riospráide a eisiamh go hiomlán.

    It also concluded that the additive is non-irritant to skin and eyes and is not a skin sensitiser but it may cause photosensitisation and in the absence of inhalation toxicity studies, adverse effects in the respiratory tract could not be fully excluded.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/507 ón gCoimisiún an 23 Márta 2021 maidir le húdarú hidreaclóiríde pireadocsaín (vitimín B6) mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 515/2011 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  21. #2552639

    éifeachtaí áitiúla a bhaineann le creimeadh/greannú craicinn nó damáiste/greannú súile, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, áiritheoidh sé go n-íoslaghdófar risíocht don phobal i gcoitinne trí bhearta maolaithe riosca iomchuí.

    local effects concerning skin corrosion/irritation or eye damage/eye irritation, in accordance with Regulation (EC) No 1272/2008, shall ensure that exposure to the general public is minimised by appropriate risk mitigation measures.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2048 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena bhformheastar aigéad L-(+)-lachtach mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  22. #2857437

    A mhéid a bhaineann le 5-meitilheipt-2-ean-4-ón 5-meitiolfúrfúral, agus 4-feiniolbúit-3-éan-2-ón, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid mar gheall ar an easpa fianaise nua ar éifeachtaí na mbreiseán sin ar an gcóras riospráide, ar an gcraiceann agus ar na súile nach bhfuil sé in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht úsáid na dtrí shubstaint sin.

    As regards 5-methylhept-2-en-4-one, 5-methylfurfural and 4-phenylbut-3-en-2-one, the Authority concluded that due to the lack of new evidence on the effects of those additives on the respiratory system, skin and eyes it is not in a position to conclude on the safety for the use of those three substances.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1417 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 maidir le haigéad bútarach, bútaráit eitile, iseabútaráit eitile, iseavailéaráit eitile, iseavailéaráit mheitile, aigéad 2-meitil-2-peintéanóch, 6-meitilheipt-5-ean-2-ón, aondeacán-2-ón, ochtán-2-ón, nónán-2-ón, ochtán-3-ón, trídeacán-2-ón, 5-meitilheipt-2-ean-4-ón, dóideacánó-1,5-lachtón, teitrideacánó-1,5-lachtón, 5-meitiolfúrfúral, 4-feiniolbúit-3-éan-2-ón, alcól p-ainisile, 4-meatocsaibeansaildéad, pipearónal, fanailin, aicéatáit p-ainisile, beansóáit bheinsile, salaicioláit iseabúitile, salaicioláit isipeintile, salaicioláit bheinsile agus éitear défheinile a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  23. #3187284

    Is íogróirí craicinn agus riospráide (asmaiginí) iad dé-isicianáití, a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha sláinte riospráide a bheith acu ar nós asma ceirde, íogrú isicianáite agus hipir-fhreagrúlacht bhroinceach, chomh maith le galar ceirde deirmeach.

    Diisocyanates are skin and respiratory sensitisers (asthmagens) that can have harmful respiratory health effects such as occupational asthma, isocyanate sensitisation and bronchial hyper-responsiveness, as well as dermal occupational disease.

    Treoir (AE) 2024/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/24/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus le haghaidh dé-isicianáití