Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

7 dtoradh in 3 dhoiciméad

  1. #747337

    (ac) rábhaidh nó réamhchúraimí atá le déanamh d'fhonn diúscairt shábháilte na feiste, a gabhálas, agus na n-ábhar inchaite arna n-úsáid in éineacht léi, más ann dóibh, a éascú.

    (ac) warnings or precautions to be taken in order to facilitate the safe disposal of the device, its accessories, and the consumables used with it, if any.

    Rialachán (AE) 2017/746 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  2. #3043786

    Ríomh an Coimisiún céatadán na n-ábhar inchaite lena n-áirítear méid diomaibhseach amhábhar thar chostais na monaraíochta maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte.

    The Commission calculated the percentage of consumables including a negligible amount of raw materials over the costs of manufacturing for each sampled exporting producer.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2659 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí teireataláite poileitiléine áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  3. #2718568

    Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire nach raibh aon fhianaise ann go raibh soláthar amhábhar agus ábhar inchaite, sócmhainní seasta agus páirteanna spártha nasctha go díreach leis na tíleanna ceirmeacha a onnmhairítear chuig an Aontas.

    Nevertheless, the Commission noted that there was no evidence that the procurement of raw and consumable materials, fixed assets, and spare parts was directly linked to the ceramic tiles exports to the Union.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce

  4. #2718573

    I bhfianaise na mbreithnithe a thuairiscítear in aithrisí (473) agus (474), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfadh tionchar an-teoranta a bheith ag na bearta ar sholáthróirí amhábhar agus ábhar inchaite, sócmhainní seasta agus páirteanna spártha an Aontais agus go bhféadfadh siad a bheith i bhfabhar na n-infheistíochtaí sin a rinne táirgeoirí ón Tuirc san Aontas.

    In view of the considerations described in recitals (473) and (474), the Commission concluded that the measures may have a very limited impact on the Union suppliers of raw and consumable materials, fixed assets, and spare parts and be in favour of these investments realised by Turkish producer in the Union.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce

  5. #2718736

    Ina theannta sin, ba cheart go dtiocfadh méadú ar tháirgeadh san Aontas mar thoradh ar an gcothrom iomaíochta a athbhunú, rud a chuirfeadh deiseanna nua gnó ar fáil do sholáthróirí amhábhar agus ábhar inchaite, sócmhainní seasta agus páirteanna spártha de chuid an Aontais.

    In addition, restoring the level playing field should lead to an increased production in the Union thus providing the Union suppliers of raw and consumable materials, fixed assets, and spare parts with new business opportunities.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/265 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce

  6. #3043754

    Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go ríomhfadh sé céatadán na n-ábhar inchaite ar chostas iomlán na n-amhábhar agus go gcuirfeadh sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa seanbhunaithe á n-úsáid aige sa tír ionadaíoch iomchuí.

    Further, the Commission informed that it would calculate the percentage of the consumables on the total cost of raw materials and apply this percentage to the recalculated cost of raw materials when using the established undistorted benchmarks in the appropriate representative country.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2659 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí teireataláite poileitiléine áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  7. #3043807

    Ina theannta sin, ríomhadh fachtóir céatadáin na n-ábhar inchaite lena n-áirítear roinnt amhábhar, nach bhfuil iontu ach sciar neamhshuntasach de na costais iomlána amhábhar, thar chostais na monaraíochta do gach táirgeoir.

    In addition, a percentage factor of consumables including a number of raw materials, which represent only an insignificant share in the total raw material costs, was calculated over the costs of manufacturing for each producer.