#1019841
—(1) Má dhéanann údarás áitiúil (dá ngairmtear an t-údarás deontach san alt seo) cnapshuim, liúntas nó aisce a dheonadh faoin Acht seo do dhuine ar bith nó ina leith agus, le linn méid an chéanna a chinneadh, go ndearnadh aon tréimhse sheirbhíse faoi údarás áitiúil eile nó faoi údarás cuain nó bord ospidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás ranníocach san alt seo) a chur san áireamh, íocfaidh an t-údarás ranníocach thar n-ais leis an údarás deontach cuid den chnapshuim, den liúntas nó den aisce (nó, más coiste gairm-oideachais an t-údarás deontach, cuid de leath na cnapshuime, an liúntais nó na haisce) arna cinneadh do réir tréimhsí seirbhíse an duine sin faoin údarás ranníocach agus faoin údarás deontach agus do réir a luach saothair ar fead na dtréimhsí sin, agus socrófar an chuid sin trí chomhaontú idir an údarás ranníocach agus an t-údarás deontach nó, cheal comhaontuithe, socróidh an tAire é (tar éis dó dul i gcomhairle, más údarás cuain an t-údarás ranníocach, leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.)
—(1) Where a lump sum, allowance or gratuity is granted under this Act to or in respect of any person by a local authority (in this section referred to as the granting authority) and, in determining the amount thereof, any period of service under another local authority or a harbour authority or mental hospital board (in this section referred to as the contributing authority) has been reckoned, the contributing authority shall refund to the granting authority a part of the lump sum, allowance or gratuity (or, if the granting authority are a vocational education committee, a part of one-half of the lump sum allowance or gratuity) determined by reference to such person's periods of service under the contributing authority and the granting authority and his remunerations during those periods, and such part shall be settled by agreement between the contributing authority and the granting authority or, in default of agreement, by the Minister (after consultation, where the contributing authority are a harbour authority, with the Minister for Industry and Commerce).